‘Níl aon tinteán mar do thinteán féin,’ – Páirc bhuan á lorg ag na Gaeil Óga

Sheol club CLG Na Gaeil Óga feachtas bailithe airgid i rith na seachtaine agus iad ag lorg baile buan don chlub lán-Ghaeilge

na gaeil óga2

Oireann an seanfhocal seanchaite do chás chlub CLG Na Gaeil Óga; níl aon tinteán mar do thinteán féin. Agus iad cúig bliana ar an bhfód, tá feachtas anois tosaithe ag an gclub lán-Ghaeilge agus iad ag iarraidh baile buan a fháil dóibh féin sa phríomhchathair.

Tá sé mar aidhm ag an gclub €500,000 a bhailiú taobh istigh de chúig bliana.

Is mór an méid airgid é €500,000 d’aon chlub, ach, dar le hEoin Ó Murchú, cathaoirleach Na Gaeil Óga, níl anseo ach an chéad chéim.

“Is í an fhís mhór atá againn ná clubtheach, seomraí feistis agus páirceanna a chur ar fáil don chlub ach is í an chéad chéim páirc bhuan a fháil.

“Is cinnte go mbeidh sé dúshlánach ach tá muinín againn go dtabharfaidh pobal na Gaeilge agus na nGael tacaíocht dúinn. Tá breis agus 250 club timpeall na tíre agus tá suimeanna mar seo bailithe acu uile. Níl aon chúis nach mbeadh muidne in ann an rud céanna a dhéanamh,” a deir Ó Murchú.

Screen Shot 2016-04-20 at 16.44.56.png

Is i gceantar Leamhcáin i mBaile Átha Cliath atá sé i gceist ag Na Gaeil Óga an pháirc nua seo a thógáil agus, dar le Ó Murchú, d’fhéadfadh an club forbairt ar leith a dhéanamh ann.

“Tá daonra ollmhór sa cheantar, atá ag méadú i gcónaí. Tá dhá Ghaelscoil ann agus is i gceann acusan, Gaelscoil Naomh Pádraig, a bhíonn muid ag traenáil faoi láthair.

“Tá 16 bhunscoil san iomlán sa cheantar agus gan ach club CLG amháin eile ann, Na Sáirséalaigh. Tá slua mór daoine ann nach féidir leo cluichí CLG a imirt agus a mbeadh suim acu a bheith ina mball de Na Gaeil Óga.”

Seoladh an feachtas i dTeach an Ard-Mhéara i mBaile Átha Cliath Dé Máirt agus bhí an tArd-Mhéara, Críona Ní Dhálaigh, agus an craoltóir Micheál Ó Muircheartaigh i láthair chun a gcuid tacaíochta a thabhairt do Na Gaeil Óga, rud a léiríonn an dul chun cinn atá déanta ag an gclub, a deir Ó Murchú.

“Is iontach an rud é go gcuireann daoine mar iad suim i gcúrsaí an chlub agus go dtugann siad tacaíocht dúinn agus don Ghaeilge. Taispeánann sé go bhfuil aithne ag daoine i bpobal na Gaeilge agus i bpobal CLG ar fud na tíre orainn.

“Nuair a chuir muid an plean forbartha le chéile sa chéad nó sa dara bliain againn, bhí muid uaillmhianach ón tús agus bhí sé i gcónaí mar sprioc againn go mbeadh baile buan againn. Bhí daoine ann a dúirt nach n-éireodh linn, agus b’fhéidir go bhfuil díomá orthusan anois leis an dul chun cinn atá déanta againn, ach tá muid fós ar an bhfód agus ag iarraidh an chéad sprioc eile a bhaint amach.”

Fág freagra ar '‘Níl aon tinteán mar do thinteán féin,’ – Páirc bhuan á lorg ag na Gaeil Óga'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Go n-éirí leo. Is údar misnigh do mo leithéidse na Gaeil Óga a bheith ag dul ó neart go neart. An bhfuil 1,000 duine sásta €10 in aghaidh na míosa a íoc isteach i gciste go ceann 5 bliana le cur ar a gcumas €600,000 a bhailiú agus €100,000 a íoc amach mar dhuaiseanna agus costaisí. Sin é an €500,000.