‘Níl aon simléar againn, Mamaí, tá a fhios agat é sin, nach bhfuil?’

Bhí cluaisíní ar chroí ár gcolúnaí nuair a chuala sí cleatráil an bhosca litreacha

‘Níl aon simléar againn, Mamaí, tá a fhios agat é sin, nach bhfuil?’

Tháinig bileog mhargaíochta ó ghlantóir simléir isteach tríd an mbosca litreach an lá cheana. Bhí mé istigh san oifig nuair a chuala mé cleatráil an bhosca litreach amuigh sa halla. “B’fhéidir gur rud éicint maith atá ann,” a chuimhnigh mé.

Cén rud maith a bheadh ann?

B’fhéidir gur bosca beag milseáin a bheadh ann, nó cárta luath don Nollaig, nó b’fhéidir gur leabhar nua a bheadh ann nár chuimhnigh mé a bhí ordaithe agam. Droch sheans. Ach ní bheadh a fhios agat, a chuimhnigh mé.

Go hiondúil, bhuailfeadh fear an phoist cnag ar an doras dá mbeadh aon rud níos mó ná litir á sheachadadh aige. Is dóigh gur bille atá ann, a chuimhnigh mé. Ach bhí cleatráil mhaith uaidh, ní bhíonn an oiread sin cleatráil ó bhille go hiondúil.

Shocraigh mé go raibh sé chomh maith agam é a sheiceáil.

Nach moltar ar aon nós gur cheart duit éirí ón ríomhaire chuile uair an chloig agus siúl thart ruainne?

D’éirigh mé agus d’imigh mé amach go dtí an doras tosaigh. Bhreathnaigh mé ar an mata, ní raibh aon litir le feiceáil ann. Ach, chuala mé an bosca litreach chomh cinnte le rud ar bith.

Thug mé faoi deara ansin an bhileog bheag ag gobadh isteach faoi chomhla an bhosca litreach. Léigh mé go cúramach é. “Clean your chimney. Fair rates.” agus ainm agus uimhir gutháin. Bhí pictiúr de shimléar air agus scuab shimléir.

“Meas tú an bhfuil sé cosúil le Dick Van Dyke i Mary Poppins?” a chuimhnigh mé. “Nach mbeadh sé sin iontach.”

Leag mé an bhileog ar an tseilf sa halla is chuaigh mé ar ais go dtí an deasc ag obair. Chim chimney, chim chimney chim chim chiroo


“Cén fáth Mamaí go bhfuil bileog faoi ghlanadh simléir againn sa halla?” a bhéic Beainín na Naíonáin Bheaga isteach orm nuair a tháinig sí abhaile ón scoil. Níor chreid mé go raibh an bhileog tugtha faoi deara aici. Nach féidir le duine bileog fhánach a fhágáil ar sheilf gan údar a bheith acu leis?

“Níl aon simléar againn, Mamaí, tá a fhios agat é sin, nach bhfuil a fhios?” a d’fhiafraigh sí díom ansin go hamhrasach.

Shílfeá gur teist neamh-mheisce a bhí á cur orm aici agus nóiméad ar bith go n-iarrfadh sí orm comhaireamh go dtí a deich agus siúl i líne dhíreach. Dá mbeinn ar meisce nó ar neamh-mheisce, níl mé cinnte an éireodh liom sa teist.

“Tá a fhios,” a dúirt mé agus iarraidh cuma an údaráis a chur ar mo ghlór.

Cén fáth gur choinnigh mé an bhileog? Ní hé go raibh aon údar beo agam leis. Ceapaim go raibh mé ag iarraidh uimhir a bheith agam do ghlantóir simléir dá mbeadh a leithéid ag teastáil go deo.

Seans gur claonadh chun uimhreacha teagmhála a choinneáil atá ann, nó go bhfuil suaimhneas éigin ann ach fios a bheith agat cá dtiocfá ar dhuine dá dteastódh uait, pluiméir, leictreoir, glantóir simléir.

Nó b’fhéidir gur choinnigh mé í mar go raibh mé ag súil go mb’fhéidir gur carachtar amach as ceoldráma a bhí sa nglantóir simléir.

An raibh aon bhaol gur seirbhís ‘glanadh simléir agus ceolseó spleodrach’ a bheadh ann? Dá gcuirfí fios air lá éigin, an dtuirlingeodh sé féin agus buíon glantóirí chun damhsa comhaimseartha simléir a dhéanamh ó na díonta?

Ní bheadh a fhios agat, tá sé chomh maith agam an uimhir a choinneáil.

Fág freagra ar '‘Níl aon simléar againn, Mamaí, tá a fhios agat é sin, nach bhfuil?’'

  • Niall na Naoi bPiontaí

    An-mhaith ar fad! Ach b’fhéidir nach é teaghlach Von Trapp atá i gceist seachas Fidleoir ar an nDíon! :-)