Seans gurbh é mórfhile na Portaingéile, Fernando Pessoa (1888 – 1935) ab fhearr a chuir síos ar staid an duine nuair a scríobh sé, sa dán clúiteach ‘Nevoeiro’ (‘Ceo’):
Tudo é incerto e derradeiro
Tudo é disperso, nada é inteiro
Ní file mise ach seo an Ghaeilge a chuirfinn air:
Níl aon ní cinnte agus ní mhaireann aon ní ach seal
Smidiríní gach rud agus níl aon rud iomlán
Seans go ndeachaigh mé thar fóir leis na smidiríní sin – ‘scaipthe’ an bhrí litriúil leis an bhfocal Portaingéilise ‘disperso’ – ach tá súil agam go dtuigeann tú leat mé: tá Pessoa ag cur síos anseo ar mhothúcháin a aithnímid ar fad ach ar rídheacair iad a chur i bhfocal.
Mar shampla, maidin inniu agus chéad bholgam caife an lae á ól agam ar bhalcóin m’árasán, bhí long chrúsála ag seoladh thar bráid, go maorga, ar íor na spéire. Bhí anlann aibreog á dhoirteadh ag chéad ghathanna na gréine ar an long bhán. B’aoibhinn liom a bheith ar an long sin, ach ní raibh. Agus dá mbeadh, ní fheicfinn ach corrbhlúire den solas sin ar dhath aibreoige ar dheic agus ar ráillí an bháid.
Ní fheicfinn an pictiúr iomlán mar a chonaic mé ó bhalcóin m’árasáin é, agus seans nach ar éirí na gréine a bheinn ag smaoineamh ach ar rud éigin fánach, ar argóint a bhí agam le leannán an oíche roimhe, b’fhéidir.
Ag caint ar leannáin: gníomh na collaíochta – nó, le bheith níos cruinne, na nóiméid uaigneacha sin tar éis do bheirt chéile leapan buaic an ghnímh sin a bhaint amach – sin uair eile a dtagann línte dhán Pessoa isteach i m’aigne go minic.
Gach rud a mbeadh uait sa saol i do bhaclainn ach gan ar d’aigne ach na héadaí atá ar crochadh ar an líne taobh amuigh agus atá le tabhairt isteach, nó, níos measa, an fear nó an bhean sin san ionad aclaíochta a bhfuil tú i ndrúis léi go rúnda, nó níos measa fós, an duine sin a raibh tú i ngrá leis nó léi fiche bliain ó shin agus nár éirigh leat dearmad a dhéanamh air nó uirthi riamh.
Nuair a bhreathnaigh mé suas ó mo chupán caife arís bhí an t-anlann aibreoige sin leáite den long chrúsála cheana féin agus bhí gnáthchuma neamhfhileata ar an mbád faoi ghnáthsholas an lae. Na leannáin sin a bhí i mo bhaclainn nuair a bhí mise ag smaoineamh faoi na héadaí ar an líne, d’imir an loinnir ó na caidrimh sin i ngan fhios dom agus i bhfaiteadh na súl, agus níl siad i mo bhaclainn anois.
Ar chúis éigin ní bhíonn an duine in ann an pictiúr iomlán a fheiceáil go dtí (i bhfad tar éis) go mbíonn an nóiméid ina raibh an pictiúr iomlán le feiceáil thart.
Ba dheacair Pessoa a shárú, agus ar ndóigh bhí sé ag scríobh i dteanga a bhfuil cumas diamhrach inti rudaí fíorchasta a rá i bhfíorbheagán focal (is aobhinn liom, dála an scéil, gur féidir an fréamh Ind-Eorpach atá san fhocal Gaeilge ‘deireadh’ a aithint go soiléir san fhocal Portaingéilise ‘derradeiro’ – cruthúnas, dá scoilte is dá scaipthe gach ní agus gach teanga, go raibh gach rud iomlán tráth.)
Ba dheacair Pessoa a shárú, ach caithfear iarracht a dhéanamh, iarracht, pé scéal é, chun do chur síos féin ar staid an duine a chur i bhfocail, agus más féidir ar chor ar bith, ar pháipéar.
Níl i jab an scríbhneora, dáiríre, ach é sin.
Gabriel Rosenstock
Is deacair Pessoa a shárú, cinnte, agus is deacair a bheathaisnéis a shárú, scríofa ag fear darbh ainm Zenith(!) nó ‘ An tUasal Buaic’ mar a thugaimse air. Thaitneodh sé sin le Pessoa, measaim. Zenith! Thaitneodh sé leis chomh maith go ndúirt Paschal Donohue tar éis dó teacht abhaile ón bPortaingéil gur casadh baintreach Pessoa leis. (Níor phós Pessoa riamh. Ceapann Zenith nár luigh sé riamh le bean).
Paddy
Bhí sé sin go hálainn a Alex, i ndáiríre, go raibh maith agat.
Breathnóir1
Ba dheas an rud é cuid de shaothar Pessoa a bheith aistrithe go Gaeilge. Go bhfios dom níl a leithéid ar fáil, go fóillín, ar aon nós.
Gabriel Rosenstock
Tá Pessoa aistrithe go Gaeilge.
https://www.litriocht.com/t%C3%A1irge/as-trunc-fernando-pessoa/
Faraor, ní hamháin nach bhfuil léirmheasanna á scríobh ach ar 1 as 20 leabhar Gaeilge, níl siad
á bpoibliú fiú amháin!
Breathnóir1
Go raibh maith agat faoin eolas, a Gabriel. Caithfidh mé cóip den leabhar sin a fháil.