Níl aon rogha ag Leo Varadkar ach diúltú do dhrochmhargadh Boris Johnson

Cuirfidh an Taoiseach fáilte Dé Luain roimh Phríomh-Aire nach bhfuil tairiscint ar bith déanta aige a léireodh cumas nó toil réitigh

Níl aon rogha ag Leo Varadkar ach diúltú do dhrochmhargadh Boris Johnson

Bíonn muinín ag teastáil sula ndéantar margadh ar bith, mar is eol do gach duine stuama a thabharfaidh aghaidh ar Aonach na gCapall i mBéal Átha na Sluaighe ag deireadh na míosa.

Díoltar capall nuair a shíleann díoltóir gur fiú glacadh leis an bpraghas a thairgtear agus má shíleann ceannaitheoir gur fiú é a íoc.

Ní bhíonn rath ar an margaíocht mura mbíonn muinín ar an dá thaobh (a) go bhfuil margadh á thairiscint dáiríre, (b) go bhfuil an margadh réasúnta, agus (c) má dhéantar é, go gcomhlíonfar é.

Rinne an príomh-aire Boris Johnson tagairt ghairid in Westminster Dé Máirt do thairiscint nua i dtaobh an Bhreatimeachta atá beartaithe aige a chur chun na Bruiséile.

Bhí sé ag labhairt tar éis d’fhoinsí san AE a rá nach raibh idirbheartaíocht ar bith ar bun leis an Ríocht Aontaithe agus nach raibh tairiscint ar bith tagtha ó Londain ó chuaigh Johnson i gceannas i mí Iúil.

Dúirt an príomh-aire go mbeadh rialtas na Breataine toilteanach déileáil le cúrsaí bia agus talmhaíochta ar dhóigh a chlúdódh oileán na hÉireann. Beidh socrú dá leithéid á phlé acu leis an AE ar ball beag, a dúirt sé, agus beidh sé á phlé aige leis an Taoiseach i mBaile Átha Cliath Dé Luain seo chugainn.

  Ní foláir cuimhneamh ar chnámha an scéil seo agus tairiscint Johnson á phlé.

1. Níl i gceist ach caint faoi láthair. Ní féidir tús a chur riamh le fíor-idirbheartaíocht mura bhfuil sonraí nó cur síos oifigiúil de chineál éigin tairgthe ar thaobh amháin ar a laghad. 

2. Níl an Rialtas toilteanach dul i mbun idirbheartaíochta leis an mBreatain ar bhonn déthaobhach, mar atá ráite acu go minic, agus mar a dúirt urlabhraí rialtais arís Dé Máirt.

3. Níl muinín ag an AE as Príomh-Aire na Breataine, agus ní haon leigheas ar an easpa muiníne sin Johnson a bheith ag labhairt os ard ar thairiscint nár cuireadh faoi bhráid an AE fós.

Mhol Johnson arís moltaí a dhréachtaigh coiste Breatimeachtóiri óna pháirtí féin chun déileáil le ceist na teorann in ionad an chúlstad. Tá sé ráite cheana féin ag an AE agus ag saineolaithe neamhspleácha nach mbeadh na socruithe a mhol an coiste sin  praiticiúil agus nach gcosnódh siad an geilleagar uile-Éireann a chuir Comhaontú Aoine an Chéasta ar bun.

Beidh an Taoiseach mar sin ag cur fáilte Dé Luain roimh Phríomh-Aire nach bhfuil tairiscint ar bith déanta aige a léireodh cumas nó toil réitigh. Fiú dá mbeadh a leithéid ar a chumas, dheimhneodh castacht, cheal ama agus cúrsaí polaitíochta sa Bhreatain nach bhféadfaí bailchríoch a chur air roimh an 31 Deireadh Fómhair.

   Léiríodh arís Dé Céadaoin go bhfuil an duibheagán ag leathnú idir an dá rialtas ó thogh a pháirtí féin Boris Johnson mar cheannaire. Chuir Simon Coveney i leith Johnson go ndeachaigh sé siar (i litir a chuir sé chuig Donald Tusk an mhí seo caite) ar gheallúint a thug rialtas na Breataine in 2017 go gcoinneofaí ailíniú rialála i réim ar fud oileán na hÉireann. Bhí an fhírinne ghlan á hinseacht ag an Tánaiste.

  An féidir a bheith muiníneach as ceannaire a théann siar ar gheallúint a thug rialtas a raibh sé páirteach ann? Is féidir ar ndóigh ach de réir a chéile. Is é sin más mian leis an díobháil a rinne sé a leigheas. 

  Faraor, ní léir mian dá leithéid i Sráid Downing faoi láthair, ná ní cosúil ach oiread go mbeidh a leithéid i réim ann roimh an olltoghchán.

  Mura dtéann an caidreamh Angla-Éireannach in olcas arís ar an Luan mar gheall ar theacht Phríomh-Aire na Breataine go Baile Átha Cliath,  beidh an Taoiseach réasúnta sásta. Ní beag san agus cúrsaí mar atá.

Fág freagra ar 'Níl aon rogha ag Leo Varadkar ach diúltú do dhrochmhargadh Boris Johnson'

  • Donncha

    Alt stuama eile faoin mBreatimeacht ó Chathal, i gcomparáid leis an seafóid a bhíonn i gcuid de na h-altanna eile i dTUAIRISC.IE faoin mBreatimeacht.

    Níl cuid de na daoine is sinsearaí ina pháirtí féín, cuid de na feisirí is mó taithí mar Airí ar bhinsí an rialtais, sásta muinín a chur i mBoras. Cén fáth a mbeadh rialtas na héireann?