Níl aon ríomh ar luach teanga

Ní bheidh gach dalta ina ríomhchláraitheoir, ach seasfaidh eolas ar theangacha do chách agus tugann eolas ar an nGaeilge fréamhacha ar leith do dhuine atá ina mbuntáiste sa mhargadh domhanda.

Computer-Programming

Tuairiscíodh ar na mallaibh gur chreid an tríú cuid de thuismitheoirí gur luachmhaire dá leanaí códú a fhoghlaim ná an Ghaeilge a fhoghlaim. Agus chreid duine as cúigear gur luachmhaire é ná an mhatamaitic.

Mar ríomhchláraitheoir a bhfuil taithí beagnach cúig bliana is fiche agam, creidim go bhfuil dul amú, agus dul amú mór, ar na daoine sin.

Níl aon cheist ach go bhfuil postanna ann dóibh siúd le scileanna i dteicneolaíocht na faisnéise.

Níl aon cheist ach oiread go bhfuil ganntanas daoine leis na scileanna sin sa tír seo, agus fostóirí sa tír seo ag síoréamh faoi.

Go deimhin, tá comhlachtaí dúchasacha ann atá chun cinn ar chomhlachtaí eile ar fud an domhain, fearacht Havok, buartha go mbeidh orthu dul thar lear de dheasca easpa daoine abhus le na scileanna cuí.

Ach ní athróidh ranganna sa “chódú” sin.

Tá i bhfad níos mó i gceist le ríomhaireacht ná códú – agus is cuid thábhachtach den ríomhaireacht cumarsáid a dhéanamh le daoine.

Cabhraíonn teangacha leis sin.

Is fíor gurb é an Béarla teanga na teicneolaíochta faisnéise; ach is díol suntais an oiread de cheannasaithe na gluaiseachta nach Béarlóirí ó dhúchas iad.

Linus Thorvalds, abair, an fear a chuir Linux chun cinn, Sualainnis (sa bhFionlainn) a theanga dhúchais. Nó Guido van Rossum a chum an teanga atá chun cinn faoi láthair – Python – is í an Ollainnis a theanga dhúchais.

Tá go leor fianaise ann gur buntáiste atá ann san earnáil bheith ilteangach.

Dúirt an smaointeoir mór TF Edsger Dijkstra, a rinne a lán machnaimh ar oiliúint ábhair ríomhchláraitheora: “Seachas mianach matamaiticiúil, is é an acmhainn is riachtanaí ag ríomhchláraitheoir cumasach ná sármháistreacht ar a theanga dhúchais.”

Sa bhunscoil ach go háirithe, is tábhachtaí go bhfoghlaimeoidh daltaí na bunscileanna – Léamh, Scríobh agus Áireamh.

Aon eolas tanaí a chuireann siad ar an ‘gcódú’ ag an aois sin, chuile sheans gur ligthe i ndearmad a bheas an teanga sula mbíonn siad fásta.

Tá luach cinnte le leithéidí CoderDojo, a thugann deis do ghasúir spraoi le ríomhchlárú – agus tá leithéidí Scratch ann a thugann léargas ar coincheapa casta ar bhealach spraíúil. (Tá Scratch ar fáil as Gaeilge, dála an scéil).

Is rudaí breise iad seo a bhfuil áit ann dóibh lasmuigh agus laistigh den scoil.

Ach ní chóir go dtógfadh na rudaí seo áit an bhunoideachais.

Mura mbíonn cumas maith cumarsáide, samhlaíochta agus áireamh i ndaltaí, ní bheidh siad in ann dul i ngleic leis an bhfoghlaim fadsaoil atá i gceist le ríomhchlárú.

Bainimse feidhm laethúil as scata teangacha ríomhchláraithe nár samhlaíodh iad fiú agus mé ar an meánscoil, ní áirím ar an mbunscoil.

Ach níor úsáid mé an BASIC a d’fhoghlaim mé ar scoil riamh ina dhiaidh – ná leoga an FORTRAN a bhí agam san Ollscoil.

Ba luachmhaire go mór dom an Ghearmáinis líofa – rud nach mbeadh agam murach go raibh Gaeilge agus Béarla agam roimhe sin.

Ní bheidh gach dalta ina ríomhchláraitheoir agus mar sin is beag ciall a bheadh le códú a theagasc do chách, cé gur maith an smaoineamh blaiseadh a thabhairt do chách. (Tá Linus ar aon fhocal liom faoi sin!)

Ach seasfaidh eolas ar theangacha do chách, beag beann ar a ngairm saoil.

Agus in aois seo an domhandaithe, tugann eolas ar an nGaeilge fréamhacha ar leith do dhuine atá ina mbuntáiste sa mhargadh domhanda.

 

Fág freagra ar 'Níl aon ríomh ar luach teanga'

  • Séamas Mac Coitir

    Tá an iomarca béalchráifeachta ar siul maidir le labhairt na Gaeilge. Is é seo ré na gcúpla focal! Cuirtear i gcéill go mbíonn an Ghaeilge á múineadh sna bunscoileanna ar feadh trí bliana déag, agus, fós féin ní féidir le 80% de phobal na hÉireann i gcoitinne dhá abairt i nGaeilge a chur le chéile! Is bocht an scéal é, ach, beart gan leigheas foidhne is fearr air! Tá an Ghaeilge ag tanú de réir a chéile, agus lán di atá á labhairt chomh leamh le seanmháistir! Sin mar atá an scéal ó thuaidh, thiar agus theas, agus, faraor, ní léir domsa go bhfuil réiteach na faidhbe ag aon duine! Beatha teanga í a labhairt, buanú teanga í a scríobh! S. Mac Coitir.