Stiúrthóir: Anthony Mandler
Cliar: Kelvin Harrison Jr., Jeffrey Wright, Jennifer Hudson, Jennifer Ehle, John David Washington
Taispeánadh an scannán seo den chéad uair ag féile scannánaíochta Sundance in 2018. Ar chúiseanna paindéime agus eile cuireadh seoladh an scannáin ar an méar fhada go dtí gur éirigh le Netflix na cearta a fháil sa deireadh thiar. Idir an dá linn tá gaisce déanta ag cuid mhaith den chliar cumasach, aitheanta seo, Washington ach go háirithe agus é radta i lár an aonaigh ag a thaispeántais in BlacKkKlansman (2018) agus Tenet (2020).
Seo an chéad fhadscannán ó stiúrthóir na bhfíseán ceoil is fógraíochta Anthony Mandler. Tá a rian san ar an saothar, dar liom. Tá sé bunaithe ar an leabhar den teideal céanna ó pheann Walter Dean Myers a foilsíodh i 1999. Tá breis agus fiche bliain caite agus is dóigh liom go bhfágann an t-imeacht ama sin agus leathiarracht na meithle an scannán a lonnú sa lá atá inniu ann lorg ar an saothar chomh maith.
Fear óg seacht mbliana déag é Steve Harmon (Harrison Jr.) atá buailte fé in Harlem lena thuismitheoirí meánaicmeacha. Duine gealgháireach pléisiúrtha é agus scoláire dúthrachtach lena chois sin. É ag freastal ar mheánscoil mór le rá Stuyvesan. Is léir go bhfuil gealladh faoi agus suim thar na bearta aige sa scannánaíocht. Sin an chúis go ndéanann sé iarracht a scéal cráite féin a insint ag úsáid struchtúr agus béarlagair na scannánaíochta.
Dar liom go mb’fhéidir go raibh cuma níos fearr ar an gciúta seo ar phár. D’éirigh an cur chuige seo tuirsiúil ar scáileán agus baineann sé ó uafás an scéil go minic.
Cé go bhfuil rath ar mhuintir Harmon sa saol tá coiriúlacht agus olc an tsaoil ar leac an dorais acu. Ag tús an scannáin taispeántar gadaíocht siopa dúinn ar phíosa físe ó chiorcad iata. Maraítear fear an tsiopa agus tarraingítear Steve isteach sa chúram mar go raibh sé sa siopa agus aithne aige ar dhuine de na robálaithe. Déantar é a chúiseamh as a bheith ina fhear faire agus cuirtear bunoscionn a shaol.
Deir a dhlíodóir Maureen O’Brien (Ehle) leis go bhfuil an bhreis ina aghaidh mar go bhfuil sé óg, dubh agus os comhair cúirte agus ar an mbonn sin go bhfuil leath an ghiúiré cinnte go bhfuil sé ciontach. Trácht arís eile ar chóras dlí is cirt Mheiriceá agus an chos ar bolg a imríonn sé ar an gcine gorm. Lucht an ionchúisimh ag iarraidh an t-ualach cásanna atá os a gcomhair a sluaisteáil uathu chomh tapaidh agus is féidir. An córas dlí is cirt beag beann ar an gceart.
Cé nach bhfulaingíonn Steve aon fhoréigean agus é i ngéibheann tá sé sceimhlithe agus cráite. Tugann Harrison taispeántas ábalta uaidh agus tá bá againn lena charachtar saonta.
A shaol in aimhréidh agus blianta fada i bpríosún i ndán dó má chiontaítear é. Is iad Hudson agus Wright atá i róil na dtuismitheoirí. Ní dhéantar aon chíoradh le dealramh ar na carachtair sin ach iad trína chéile agus an-imníoch.
Tá ábhairín dráma agus méaldráma sa chúirt agus saol soineanta Steve roimh eachtraí an lae chinniúnaigh sin á léiriú sna hiardhearcthaí. Níl aon chasadh gan choinne ann ná aon chíoná ag teacht as cúl glaice.
Bhraitheas gur frithbhuaic a bhí sa chríoch, dá réir.
Fág freagra ar 'Níl aon ní téagartha faoin arrachtach seo ó Netflix'