Níl ‘aon fhreagracht’ ar an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta maidir le Eircode

Thug Príomhfheidhmeannach Eircode le fios gur faoi Roinn na Gaeltachta atá sé ceist na logainmneacha Gaeilge i gcóras nua na gcód poist a réiteach

eircode

Tá freagra tugtha ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ar áiteamh phríomhfheidhmeannach Eircode, Liam Duggan, gur faoin Roinn atá sé na heasnaimh i mbunachar chóras nua na gcód poist a chur ina gceart.

“Níl aon fhreagracht ar an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta maidir le córas Eircode. Cuireann an Roinn maoiniú ar fáil do Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, chun an bunachar de logainmneacha oifigiúil www.logainm.ie a fhorbairt i gcomhair leis an mBrainse Logainmneacha,” a dúirt urlabhraí na Roinne le Tuairisc.ie.

Idir an dá linn, tá Aontas na Mac Léinn in Éirinn dulta i mbun stocaireachta faoin gceist. Socraíodh ag Comhairle Náisiúnta an Aontais, a bhí ar siúl i Ollscoil Mhá Nuad an deireadh seachtaine seo caite, go seolfadh oifigigh na mballaontas ríomhphoist chuig an Aire Cumarsáide Alex White ag éileamh air an scéal a chur ina cheart.

“Is léiriú eile é seo den rialtas ag taispeáint béalghrá don Ghaeilge. Ba sheafóid é nuair a dúirt sé gur faoin Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta a bheadh sé an togra a mhaoiniú. Tá dualgas ar gach Roinn Rialtais i leith na Gaeilge, ní hamháin an Roinn Gaeltachta,” a dúirt Aedraen Ó Dubhghaill, Oifigeach Gaeilge Aontas na Mac Léinn in Éirinn.

Agus an córas nua cód phoist á bheartú, tugadh grúpa le chéile chun bearnaí agus botúin i mbunachar Eircode a aithint agus a réiteach. Chuir an grúpa plean fuascailte ar aghaidh chuig an Roinn Cumarsáide i mí an Mhárta a mbeadh costas thart ar €200,000 lena chur i gcrích. Dhiúltaigh an Roinn Cumarsáide an maoiniú sin a chur ar fáil.

Ag seoladh Eircode i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo caite, d’admhaigh Príomhfheidhmeannach Eircode, Liam Duggan, go bhfuil seoltaí Gaeilge in easnamh ar an gcóras acu. Dúirt sé gur faoin Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta a bheadh sé an scéal a chur ina cheart seachas an Roinn Cumarsáide.

Mhaígh an tAire Cumarsáide, Alex White, nach raibh seoladh ar bith fágtha ar lár.

Tá suas le 50,000 seoladh Gaeilge mícheart, míchruinn nó in easnamh ar an mbunachar seoltaí atá in úsáid ag Eircode, dar le Conradh na Gaeilge. Dúirt Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Dé Máirt, gurb ionann an easpa seo “agus daonra iomlán Chathair Phort Láirge a fhágáil ar lár ón gcóras Eircode”.

“Is togra cumarsáide do phobal an stáit é an córas códphoist nua, agus mar Roinn Stáit inti féin, ní mór don Roinn Cumarsáide freagracht a ghlacadh as an mbunachar easnamhach, míchruinn i gcóras Eircode, agus gníomhú chun na 50,000 bearna agus sampla de mhíchruinneas a cheartú láithreach,” a dúirt Ó Cearbhaill.

Thug Conradh na Gaeilge le fios go bhfuil caidreamh “an-dearfach” acu féin, Foras na Gaeilge agus grúpaí eile le Capita Ireland, an comhlacht a d’fhorbair córas Eircode don Roinn Cumarsáide. Mar sin féin, deir siad go gcaithfidh an Roinn Cumarsáide aghaidh a thabhairt ar cheist na logainmneacha Gaeilge. 

Fág freagra ar 'Níl ‘aon fhreagracht’ ar an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta maidir le Eircode'