Níl aon easpa leabhar ann don té a bhfuil suim aige i gcúrsaí CLG 

Margadh amháin atá dulta chun feabhais le tamall de bhlianta anuas ná margadh na leabhar CLG

Níl aon easpa leabhar ann don té a bhfuil suim aige i gcúrsaí CLG 

Tá sé tamall ó shin anois ó thosaíodh féile na Nollag ar an ochtú lá de mhí na Nollag, féile Mhuire gan Smál. Is ag an am san a thosaíodh na siopaí ag cur amach earraí na Nollag. Is ansin a lastaí soilse na Nollag sna bailte agus sna cathracha thart timpeall na tíre. Is ansin a bhailigh na sluaite go dtí an ardchathair le haghaidh an chéad lá de shiopadóireacht na Nollag. Faraor tá na laethanta sin thart agus tosaíonn cuid den fhógraíocht agus den díol t i mí Mheán Fómhair anois.

Margadh amháin atá dulta chun feabhais le tamall de bhlianta anuas ná margadh na leabhar CLG. Le linn m’óige is beag leabhar CLG a bhíodh ann in aon chor. 

Ansin, diaidh ar ndiaidh, thosnaigh na foilsitheoirí éagsúla ag tabhairt leabhar CLG chun margaidh. Dar ndóigh is margadh beag go leor é ach caithfidh go bhfuil brabús éigin le déanamh agus foilsitheoirí fós ag soláthar dó.

Agus mar an gcéanna le cuid mhaith earraí eile, is níos luaithe agus níos luaithe fós atá na leabhair nua seo á seoladh. Go luath i mí Dheireadh Fómhair d’fhoilsigh iarpheileadóir na Ríochta, Aidan O’Mahony a leabhar Unbroken. Agus mar a deir an blurba, is scéal é seo faoi ‘deacrachtaí, neart meabhrach agus aclaíocht fhisiciúil’ an imreora. Is maith a thuigfeadh fear Chiarraí na cúrsaí sin agus cúig bhonn uile-Éireann agus carn mór duaiseanna eile aige.

Taca an ama chéanna a tháinig Meyler A Family Memoir amach, scéal ar leith faoin iarimreoir agus bainisteoir CLG John Meyler agus faoina mhac David a bhí ina imreoir gairmiúil sacair i Sasana.

Níos luaithe fós a seoladh Semple Stadium Field of Legends. Is Liam Ó Donnchú a scríobh agus cur síos déanta aige ar stair na staide ársa seo ó 1884 go dtí an lá inniu. Tá cuid maith aige faoi fhorbairt na páirce, na cluichí móra a imríodh ansin, na réalta móra a d’imir ann agus na bainisteoirí a shiúil na taobhlínte. Tá cuid mhaith eile de na scéalta a bhaineann leis an áit stairiúil seo aige chomh maith.

Tá an pictiúr cáiliúil de Christy Ring agus Ned Power ar an gclúdach.

Tháinig an leabhar The Players’ Advice -Tips and Tactics from GAA Stars le Seán O’Sullivan amach i Meán Fómhair freisin, leabhar ina bhfuil comhairle ó thart ar 100 imreoir – idir iománaithe, peileadóirí agus imreoirí camógaíochta –  ar conas prapáil go proifisiúnta a dhéanamh do na cluichí i ré seo na hardphroifisiúntachta i CLG.

Beidh suim ar leith ag muintir Phort Láirge i leabhar eile a tháinig amach i mbliana, Game Of My Life Waterford’s Greatest Hurlers le Tomás McCarthy. 

Is trua nach bhfuil dinnéar bronnta na All-Stars ar siúl anocht mar a bhí beartaithe agus an leabhar nua All-Star Gazing: 50 Years of the GAA All-Stars seolta le déanaí ag iníonacha Mick Dunne (duine de bhunaitheoirí na ngradam All Stars), Moira agus Eileen. Ba mhaith an t-ardán fógraíochta a bheadh san ócáid.

Dar ndóigh tá A Season of Sundays le Ray McManus, Sportsfile, ar na seilfeanna, mar a bhíonn gach Nollaig agus pictiúr álainn ar an gclúdach de chuid de mhná buacacha na Mí i ndiaidh a mbua stairiúil i gCraobh na hÉireann i mbliana. Mar aon leis sin, tá dhá leabhar eile ag Sportsfile Great Moments in Irish Sport agus Limerick Back 2 Back.

Tá leabhair nua freisin ag Marty Morrissey agus ag Mickey Harte. Tá an Wexford GAA Bible (leabhar a dó) sna siopaí freisin ag an mbailitheoir cláir CLG Dominic Williams.

Mar is gnáth tá cuid mhaith leabhar a foilsíodh blianta eile ar na seilfeanna arís an Nollaig seo, rud a chiallaíonn nach mbeidh aon easpa ábhair idir shean is nua ar an té go bhfuil an t-am aige nó aici agus fonn léitheoireachta air nó uirthi.

Um thráthnóna taispeánfar cluiche leathcheannais iomána Laighean idir An Chloch/Baile Cholla agus Crócaigh Chill Mochuda ar RTE 2 ar a 6.15 i.n. 

Beidh dhá chluiche leathcheannais na Mumhan ar TG4 amárach, Mainistir na Corann in aghaidh Cill Mhocheallóg agus agus Luachma/Caisleán Laighnigh in aghaidh Bhaile Gunnair.

Mar fhocal scoir, comhghairdeachas le Luimneach agus dosaen gradam All Star crochta leo acu.

Fág freagra ar 'Níl aon easpa leabhar ann don té a bhfuil suim aige i gcúrsaí CLG '