Níl aon éalú ón gceist mhór – aois an Uachtaráin Biden

D'fhéadfadh sé buille marfach a bhualadh ar an bpáirtí Daonlathach agus aon seans atá acu ar an dara téarma má thugtar dúshlán Biden mar iarrthóir

Níl aon éalú ón gceist mhór – aois an Uachtaráin Biden

An bhfuil a fheachtas don dara téarma mar Uachtarán ar na Stáit Aontaithe seolta ag Joe Biden? Níl amhras ar mhórán ach gurbh í sin an aidhm a bhí leis an óráid State of the Union a thug sé an tseachtain seo. Cé gurb é an fear is sine riamh a raibh cónaí air sa Teach Bán agus ainneoin sciar maith de lucht leanúna a pháirtí a bheith ag iarraidh go rachaidís sa tóir ar iarrthóir níos óige, tá chuile chosúlacht ar an bhfear féin go bhfuil sé ag díriú ag théarma eile.

De ghnáth, tar éis toghchán lár téarma bíonn páirtí an Uachtaráin cloíte agus ciúin. Bíonn siad ag díriú ar thréimhse beagnach dhá bhliain nuair nach mbíonn sé ar a gcumas aon dul chun cinn a dhéanamh ná aon pholasaí a chur i bhfeidhm. Níl sé baileach chomh soiléir i mbliana. Tá an Seanad fós i seilbh na nDaonlathach agus níl ach móramh beag ag na Poblachtánaigh i dTeach na Comhdhála.

De thoradh na mblianta fada atá caite aige ag plé le córas casta reachtaíochta na Stát Aontaithe, tá éirithe le Joe Biden níos mó reachtaíochta a rith le linn a thréimhse uachtaránachta – 300 acht ar fad – ná go leor a chuaigh roimhe. Tá súil aige, trí leas a bhaint as an gcomhpháirteachas céanna, tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh sula gcuirfear tús oifigiúil le córas réamhthoghcháin an toghcháin uachtaránachta mí Eanáir seo chugainn.

D’éirigh leis teachtaireacht shoiléir a roinnt leis an bpobal san óráid a thug sé Dé Máirt. Tá jab le críochnú, a dúirt sé. Cé go bhfuil an ráta boilscithe fós an-ard, tá fostaíocht ag méadú. Dhírigh sé go sonrach ar an lucht oibre agus iad siúd is mó atá ag fulaingt leis an ngéarchéim costas maireachtála.

Tar éis na hóráide thug sé aghaidh ar Wisconsin agus Florida, stáit a bheidh cinniúnach sa toghchán an bhliain seo chugainn.

Níl aon éalú, mar sin féin, ón gceist mhór – aois an Uachtaráin. Ní chreideann ach 28% de phobal na Stát Aontaithe go bhfuil sé sách láidir agus folláin le tabhairt faoin dara téarma.

Má chreideann sé féin go bhfuil is críonna an té a thabharfadh a dhúshlán. Go hiondúil ní thugtar dúshlán an té atá in oifig má roghnaíonn sé an dara téarma a lorg.

Thug Ted Kennedy dúshlán Jimmy Carter i 1980 ach theip air, thug Ronald Reagan dúshlán Gerry Ford ach theip air, agus ansin theip ar Ford sa toghchán uachtaránachta agus thug Eugene McCarthy dúshlán Lyndon B Johnson i 1968. Chuir an dúshlán áirithe sin i 1968 an páirtí trína chéile agus ar deireadh fuair Richard Nixon an ceann is fearr ar Hubert Humphrey a bhí roghnaithe mar iarrthóir ag na Daonlathaigh.

D’fhéadfadh sé buille marfach a bhualadh ar an bpáirtí Daonlathach agus aon seans atá acu ar an dara téarma má thugtar dúshlán Biden mar iarrthóir. Níl mórán cuma maitheasa ar na Poblachtaigh go fóill ach an oiread, ach má aontaíonn siad in aghaidh páirtí Daonlathach atá scoilte faoi Biden, d’fhéadfadh go n-éireodh leo.

Fág freagra ar 'Níl aon éalú ón gceist mhór – aois an Uachtaráin Biden'

  • Pádraig O'hEipicín

    Uachtarán ar son na Beatha atá de dhith ar SA.
    Ní Uachtarán ar son an ghinmhillte, mar atá acu faoi láthair.