Tá ráite go neamhbhalbh ag an Aire Oideachais nach bhfuil aon riachtanas reachtúil nó eile ann go mbeadh Gaeilge ag Stiúrthóir na Scoileanna ag bord oideachais agus oiliúna.
Beidh Boird Oideachais éagsúla os comhair coiste Oireachtais inniu le plé a dhéanamh ar an “bunriachtanas” atá ann go mbeadh Gaeilge líofa ag stiúrthóirí na mbord oideachais agus oiliúna a dtagann scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge faoina gcúram.
Ach chomh fada is a bhaineann sé leis an Aire Oideachais Norma Foley, ní ann d’aon riachtanas dá leithéid.
I bhfreagra gonta a thug sí ar cheist Dála ó Mhairéad Farrell, Teachta Dála de chuid Shinn Féin, dúirt an tAire Foley nach gá do Stiúrthóir na Scoileanna líofacht sa Ghaeilge a bheith acu.
“Níl aon riachtanas ann faoi shonraíochtaí an phoist, agus níl aon riachtanas reachtúil ann, go mbeadh Gaeilge líofa ag Stiúrthóir na Scoileanna ag Bord Oideachais agus Oiliúna [ETB],” a dúirt an tAire i mBéarla.
Deir an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, Sinn Féin, cathaoirleach Choiste Oireachtais na Gaeilge, nach ndéanfadh sé ciall duine gan Gaeilge a cheapadh mar stiúrthóir i gceantar ina bhfuil scoileanna lán-Ghaeilge ag feidhmiú.
“In ainneoin go n-aithníonn an Comhchoiste nach bhfuil ceanglas dlíthiúil ar na Boird Oideachais agus Oiliúna Stiúrthóirí a cheapadh a bhfuil Gaeilge agus Béarla líofa acu, aithníonn an Comhchoiste gur bunriachtanas é go mbeadh Gaeilge agus Béarla líofa acu, agus nach bhfuil ciall ag baint le haon cheapachán a d’fhágfadh go mbeadh Stiúrthóirí gan Gaeilge agus Béarla líofa acu ag feidhmiú i gceantar ina bhfuil an t-oideachas trí Ghaeilge ar fáil ann,” a dúirt Ó Snodaigh.
Dúirt an Teachta Dála Neamhspleách Catherine Connolly cheana gur ábhar imní agus buartha é go bhfuil daoine nach bhfuil Gaeilge acu á gceapadh i bpostanna sinsearacha a bhfuil cúraimí maidir le cúrsaí teanga agus Gaeltachta ag dul leo.
Dúirt Connolly gur baineadh stangadh aisti nuair a chuala sí tuairisc go ndúradh le príomhoidí in iarbhunscoileanna Gaeltachta i nGaillimh go bhféadfadh siad a gcuid plé le Stiúrthóir nua na Scoileanna ar Bhord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin a dhéanamh i mBéarla toisc go raibh Béarla acu ar fad agus nach raibh Gaeilge ag an stiúrthóir nua.
Dúirt príomhoide Ghairmscoil Éinne in Inis Mór, Micheál Ó Cúláin, le RTÉ Raidió na Gaeltachta go raibh súil aige nach gcuirfí dualgas air féin ná ar aon scoil Ghaeltachta eile aon chuid dá gcuid oibre a dhéanamh trí Bhéarla.
Beidh ionadaithe ó SEALBHÚ, ionad taighde teangeolaíochta in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, i láthair ag seisiún eile de chuid an choiste oireachtais tráthnóna chun tuairimí a roinnt faoin éileamh atá ar an ngaeloideachas agus teip an stáit an t-éileamh sin a shásamh.
Mícheál Ó Flaithearta
Ar a laghad ar bith, tá sí ionraic agus ní leanann sí ar aghaidh le cur i gcéill an státchórais!
AoifeNíS
Níl an Ghaolainn mar choinníoll ceapacháin le haon phost leis an GRETB, CEO san áireamh. Samhlaigh an líon Béarlachais sna scoileanna atá faoina gcúram agus stadas mar scoil Ghaeltachta bainte amach acu! Conas gur bronnadh stadas mar scoil Ghaeltachta ar aon scoil atá ag teagasc as Béarla? Cruinnithe boird trí mheán an Bhéarla amháin ag an GRETB?! Beag ‘s fiú don Ghaolainn! Ceisteanna de dhíth le cur @ Tuairisc
Seán Mag Leannáin
Náireach amach is amach an meon seo ag an Aire Norma Foley. Chuirfeadh sé dearcadh Gregory Campbell ón DUP i gcuimhne duit. Léiríonn sé fimíneacht Fhianna Fáil i leith na Gaeilge – rud a d’aithin Máirtín Ó Cadhain agus a chuir le báiní é i bhfad ó shin. Plus ça change?
WTF
Cuireann an bhé seo soir mé!
PÓB
Ionraic a deir an léitheoir abhus? Failíoch níos cirte!! Is léir go bhfuil fiosrúchán neamhspleách de dhíth anois ar obair an GRETB & go deimhin gach ETB eile i leith na Gaolainne leis na blianta. Cad a dhéanann ETBanna do chur chun cinn na Gaolainne? Cé a mhaoirsíonn na ETBanna agus na dualgais atá orthu i leith na Gaolainne? An bhfuil Gaolainn ag gach Bord Stiúrtha ETB? An oideachasóirí le taithí nó polaiteoirí atá bhoird an GRETB? An bhfuil díolúine ag ETBanna óna gcúramaí i leith na Gaolainne?
Rachaigí ag fiosrú Tuairisc!
Pádraig O'hEipicín
Mo náire ort Norma Foley.