Níl ‘aon chuimhneamh’ ag Ó Muilleoir seasamh ar leataobh mar Aire Airgeadais

D’iarr baill de choiste airgeadais Chomhthionól Stormont ar Ó Muilleoir éirí as a chúram mar Aire nó go mbeadh deireadh curtha le fiosrúchán, ach dúirt LeasChéad-Aire an tuaiscirt Martin McGuinness gur ‘áiféis’ a bhí san éileamh sin

Níl ‘aon chuimhneamh’ ag Ó Muilleoir seasamh ar leataobh mar Aire Airgeadais

Níl aon chuimhneamh ag Aire Airgeadais Thuaisceart Éireann Máirtín Ó Muilleoir seasamh ar leataobh óna phost i bhfianaise na conspóide faoi fhiosrúchán NAMA.

Ba iad baill choiste airgeadais Chomhthionól Stormont a d’iarr ar Ó Muilleoir éirí as a chúram mar Aire nó go mbeadh deireadh curtha le fiosrúchán a bhaineann le fianaise a thug finné don choiste a bhí ag plé le líomhaintí maidir leis an tslí ar cheannaigh an comhlacht Cerberus sealúchais de chuid Nama ar £1.2 billiún.

I ráiteas a d’eisigh sé tráthnóna, dúirt an tAire Ó Muilleoir nach raibh “aon chúis ann go seasfadh sé siar” agus nach raibh “aon chuimhneamh aige” a leithéid a dhéanamh.

Baineann an chonspóid leis an scéal gur chuir  iarbhall tionóil de chuid Shinn Féin Dáithí McKay, comhairle ar an mblagadóir Jamie Bryson maidir le fianaise a bhí le tabhairt aige i gcoinne iarcheannaire an DUP, Peter Robinson.

D’iarr cathaoirleach an choiste airgeadais Emma Pengelly agus baill eile den choiste ón DUP, an SDLAP, an UUP agus an TUV go n-éireodh Ó Muilleoir as fad is a bheadh an fiosrúchán ar bun. Ba í Caitríona Ruane, comhghleacaí de chuid Uí Mhuilleoir i Sinn Féin, an t-aon bhall den choiste nár thacaigh leis an éileamh go seasfadh sé ar leataobh. Dúirt sí nach raibh aon ní “as bealach” déanta ag an Aire.

Agus Ó Muilleoir á chosaint aige, dúirt LeasChéad-Aire an tuaiscirt Martin McGuinness gur “áiféis” a bhí sna héilimh go n-éireodh an tAire Airgeadais as agus nach raibh ar bun ag baill an choiste ach “cluichí beaga suaracha polaitíochta”.

Tháinig sé chun solais an tseachtain seo caite go raibh McKay i dteagmháil ar Twitter le Bryson sular thug sé fianaise don choiste airgeadais.

Deir Sinn Féin agus Ó Muilleoir nach raibh eolas dá laghad acu faoin teagmháil sin.

Bhí tagairt do Mháirtín Ó Muilleoir i gceann de na teachtaireachtaí Twitter ó bhall eile de Shinn Féin, Thomas O’Hara, chuig Jamie Bryson.

Sa teachtaireacht dhíreach Twitter sin, dúradh:

“I’m trying to establish what Máirtín or someone could jump on and say there’s no way we can turn him (Mr Bryson) away (from giving his evidence to the finance committee), this is credible, relevant and in the public interest.”

Tá aithne mhaith i saol na Gaeilge ar Mháirtín Ó Muilleoir, , iar-Mhéara Bhéal Feirste agus iarfhoilsitheoir an nuachtáin Ghaeilge .

Fág freagra ar 'Níl ‘aon chuimhneamh’ ag Ó Muilleoir seasamh ar leataobh mar Aire Airgeadais'