‘Níl aon chosaint ag 95% den phobal ó Covid-19’ – rabhadh ó NPHET

Deir Cathaoirleach NPHET, an tOllamh Philip Nolan, go bhfuil an baol i gcónaí ann go n-imeoidh an galar ó smacht ó tharla nach bhfuil sé tolgtha ach ag fíorbheagán daoine

‘Níl aon chosaint ag 95% den phobal ó Covid-19’ – rabhadh ó NPHET

Beidh cruinniú inniu ag an bhFoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí, tráth a bhfuil rabhadh tugtha acu go bhféadfadh nach bhfuil an Covid-19 tolgtha fós ach ag 1% den phobal.

Dúirt Cathaoirleach NPHET, an tOllamh Philip Nolan, go raibh an baol i gcónaí ann go n-imeodh an galar ó smacht ó tharla nach bhfuil sé tolgtha ach ag fíorbheagán daoine.

Dúirt sé gur dóigh go raibh an Covid-19 tolgtha ag 5% den phobal ar a mhéad agus go raibh seans maith ann go bhfuil an céatadán sin chomh híseal le 1%.

“Níl aon imdhíonacht amuigh ansin,” a dúirt sé.

D’fhéadfaí, á dúirt an tOllamh Nolan, an galar a choinneáil faoi chois dá gcloífí leis na beartais sláinte poiblí amhail an scoitheadh sóisialta.

Dúirt an tOllamh Philip Nolan:

“Tá an líon othar atá á gcur in aonaid dianchúraim, líon na gcásanna gach lá agus líon na ndaoine atá ag fáil bháis ag titim i gcónaí. Tá an ráta atáirgthe go maith faoi bhun a haon, agus an cúram atá orainn mar sin ná a chinntiú nach dtiocfaidh aon athrú ar ráta íseal scaipthe an ghalair.”

Tá ráta scaipthe an ghalair fós seasmhach agus é idir  0.45-0.63. agus an ráta go maith faoi bhun a haon le mí anuas.

Is ionann sin agus a rá, as gach beirt a tholgann an Covid-19, ní thabharfaidh duine amháin acu d’aon duine eile é agus ní thabharfaidh an dara duine do níos mó ná duine amháin eile é.

Dar le NPHET, tá Covid-19 curtha ar gcúl ag íobairtí an phobail ach deir siad nach bhfuil an víreas bailithe leis ar fad.

Dúirt an tOllamh Philip Nolan:

“Tá an líon othar atá á gcur in aonaid dianchúraim, líon na gcásanna gach lá agus líon na ndaoine atá ag fáil bháis ag titim i gcónaí. Tá an ráta atáirgthe go maith faoi bhun a haon, agus an cúram atá orainn mar sin ná a chinntiú nach dtiocfaidh aon athrú ar ráta íseal scaipthe an ghalair.”

Dúirt an tAire Sláinte Simon Harris go gcuirfidh sé a chomghleacaithe rialtais ar an eolas inniu faoi na beartais is déanaí atá a moladh maidir le cúrsaí taistil agus lena chinntiú go bhfuil srianta á gcur i bhfeidhm in aerfoirt agus calaphoirt na tíre.

Tá NPHET le plé a dhéanamh inniu chomh maith ar chás na monarchana feola. Faoin tseachtain seo bhí 16 ráig den ghalar deimhnithe i monarchana feola agus baint acu le 828 cás. Dúirt an tAire Sláinte Simon Harris inné go raibh treoirlínte curtha ar fáil do gach monarcha feola sa tír agus go raibh sé ag fanacht anois féachaint an mbeadh aon mholtaí nua ag NPHET ina dtaobh tar éis chruinniú an lae inniu.

Dúirt Harris go raibh sé ar chumas an Údaráis Sláinte agus Sábháilteachta (HSA) cigireacht a dhéanamh ar na monarchana le cinntiú go raibh siad ag cloí leis an gcomhairle faoin tsláinte phoiblí san ionad oibre.

Déanfaidh NPHET plé chomh maith inniu ar bheartais a d’fhéadfadh an t-ualach ar thuismitheoirí agus leanaí a laghdú agus ar an gcóras tástála. Táthar ag iarraidh a chinntiú go mbainfí leas as an acmhainn tástála atá anois ann ó tharla ó cuireadh leis go mór.

Fág freagra ar '‘Níl aon chosaint ag 95% den phobal ó Covid-19’ – rabhadh ó NPHET'

  • Eilis Ní Anluain

    An dea scéal nó droch scéal é seo? Arbh fhearr gan na srianta bheith dian mar sin nó?