‘Níl aon chinneadh déanta Scoil Bhríde a dhúnadh’ –a bhfuil i ndán do scoil bheag sa Ghaeltacht pléite sa Dáil

An Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly a cheistigh an tAire Oideachais Norma Foley faoin scéala go bhfuil Scoil Bhríde i Leitir Calaidh i gCeantar na nOileán le dúnadh

‘Níl aon chinneadh déanta Scoil Bhríde a dhúnadh’ –a bhfuil i ndán do scoil bheag sa Ghaeltacht pléite sa Dáil

Lorgaíodh soiléiriú i nDáil Éireann aréir faoin mbealach “aisteach” a fógraíodh go raibh cinneadh déanta go ndúnfaí scoil bheag Ghaeltachta i gConamara.

An Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly a cheistigh an tAire Oideachais Norma Foley faoin scéala go bhfuil Scoil Bhríde i Leitir Calaidh i gCeantar na nOileán le dúnadh.

Dúradh mar fhreagra ar cheist an Teachta Dála nach raibh aon chinneadh déanta ag pátrún na scoile, Deoise na Gaillimhe, maidir len í a dhúnadh.

Deimhníodh nach raibh aon teagmháil déanta ag Bord Bainistíochta na scoile leis an Roinn Oideachais faoi Scoil Bhríde a dhúnadh in ainneoin gur cuireadh in iúl do thuismitheoirí na scoile an mhí seo caite go raibh an scoil le dúnadh ag deireadh na scoilbhliana seo.

Tugadh le fios sa Dáil go raibh iarratas faighte ó Bhord Bainistíochta na scoile ar eolas maidir leis an bpróiseas a bhaineann le cónascadh scoileanna.

Cuireadh in iúl do thuismitheoirí na scoile coicís ó shin go raibh cinneadh glactha ag Bord Bainistíochta Scoil Bhríde an scoil a dhúnadh ag deireadh mhí an Mheithimh toisc líon na ndaltaí a bheith ag titim.

Tuairiscíodh ar an suíomh seo an tseachtain seo nach ndearnadh aon teagmháil oifigiúil leis an Roinn Oideachais maidir leis an gcinneadh an scoil a dhúnadh ná faoi chónascadh a dhéanamh le scoil eile.

Dúirt an Teachta Dála Catherine Connolly sa Dáil aréir gur chuir an scéal faoi dhúnadh na scoile Gaeltachta “iontas” ar dhaoine agus go gcaithfí cúrsaí a shoiléiriú.

“Chualamar trí na meáin chumarsáide go raibh an scoil ag dúnadh. Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta a chuir in iúl go mbeadh sé ag dúnadh ag deireadh na scoilbhliana seo.

“Chuir sé iontas orainne go léir, go háirithe tuismitheoirí agus muintir an cheantair. Tuigim go bhfuil an figiúr íseal sa scoil ó thaobh na ndaltaí de ach tá an chosúlacht ar an scéal gur tháinig an cinneadh aniar aduaidh ar na daoine sa cheantar agus, mar a dúirt mé ar na tuismitheoirí.

“Mo cheist ort inniu, i dtús báire tá mé ag iarraidh aird na Roinne a tharraingt ar an bhfógra seo go mbeidh an scoil ag dúnadh agus chomh maith leis sin soiléiriú a fháil an raibh an Roinn ar an eolas go raibh an scoil seo le dúnadh, an raibh teagmháil idir lucht bainistíochta na scoile agus an roinn?.”

Dúirt Catherine Connolly gur chuir a “aistí” is a bhí an bealach gur fógraíodh go raibh an scoil le dúnadh “an-olc” ar mhuintir na háite agus thagair sí don chruinniú poiblí a eagraíodh faoin scéal Dé hAoine seo caite.

Mar fhreagra ar na ceisteanna, dheimhnigh an tAire Stáit Colm Brophy, a d’fhreagair na ceisteanna thar ceann an Aire Oideachais, nach raibh aon teagmháil déanta ag an mBord Bainistíochta leis an Roinn maidir leis an scoil a dhúnadh. Dúirt sé chomh maith nach raibh aon chinneadh déanta ag pátrún Scoil Bhríde an scoil a dhúnadh.

Dhearbhaigh sé gurb é pátrún na scoile a dhéanann cinneadh scoil a dhúnadh nó a chónascadh ach go gcaithfí dul i gcomhairle le dreamanna eile agus a leithéid de chinneadh a aontú leis an Roinn féin.

Dúirt sé go gcaithfí dul i gcomhairle le tuismitheoirí, múinteoirí, daltaí agus pobal na háite faoi aon mholadh scoil a dhúnadh nó a chónascadh agus go gcaithfí cinneadh a ghlacadh ag an “leibhéal áitiúil”.

Dúirt sé go gcaithfí moladh scoil a dhúnadh nó a chónascadh a aontú ansin leis an Roinn Oideachais.

Dúirt Catherine Connolly go raibh gá le soiléiriú faoi cathain a lorgaíodh eolas ón Roinn maidir leis an bpróiseas a bhaineann le cónascadh scoileanna.

Dúirt Colm Brophy, Aire Stáit sa Roinn Gnóthaí Eachtracha, gurb é polasaí an Rialtais agus an Aire Oideachais tacaíocht láidir a thabhairt do scoileanna beaga.

Deir bord bainistíochta Scoil Bhríde go raibh siad i dteagmháil le Deoise na Gaillimhe, pátrún na scoile, mar gheall ar an scoil a dhúnadh.

Tá roinnt tuismitheoirí a bhfuil a ngasúir ag freastal ar Scoil Bhríde ag cur i gcoinne an chinnidh í a dhúnadh.

Dúradh nach raibh cruinniú ar bith ag an mbord bainistíochta leis na tuismitheoirí maidir leis an gcinneadh agus go raibh ceisteanna le freagairt.

Dúirt cathaoirleach bhord bainistíochta na scoile, Mícheál S. Mac Donnacha, an tseachtain seo caite nach bhféadfaí a rá cén scoil a ndéanfaí cónascadh léi mar go raibh cainteanna ar bun le dhá scoil sa cheantar.

 

Fág freagra ar '‘Níl aon chinneadh déanta Scoil Bhríde a dhúnadh’ –a bhfuil i ndán do scoil bheag sa Ghaeltacht pléite sa Dáil'

  • Seán

    Droch chumarsáid ag an mBord Bainistíochta le pobal na háite. Teipthe ag an mBord ar an bpobal!

  • Sinéad

    Ar rás aonair a rith an Cathaoirleach? Ceisteanna le freagairt aige! Teastaíonn uaidh a dhul ós comhair na Dála anois. Tuilleann an pobal freagraí.