Níl aon anam sa scannán is déanaí atá bunaithe ar Rebecca

Ní éiríonn leis an léamh scáileáin is déanaí ar an úrscéal cáiliúil cur in aon slí le hoidhreacht an leabhair

Níl aon anam sa scannán is déanaí atá bunaithe ar Rebecca

Rebecca
Stiúrthóir: Ben Wheatley
Cliar: Lily James, Armie Hammer, Kristin Scott Thomas, Ann Dowd

Tá an scannán seo bunaithe ar an leabhar den teideal céanna a scríobh Daphne du Maurier i 1938. Bhí rath thar na bearta ar an leabhar ag an am agus ó shin; de réir dealraimh ní raibh sé riamh as cló. Tharraing an draoi toirtiúil Alfred Hitchcock an leabhar chuige féin i 1940 agus d’éirigh leis an scannán duais Oscar a ghnóthú don scannán is fearr. Tá an leabhar tugtha chuig an scáileán mór ceithre bhabhta eile ó shin. Ar an drochuair ní dóigh liom go gcuireann an léamh scáileáin is déanaí aon phioc le hoidhreacht an leabhair.

Meascán mearaí de scéal rómánsúil agus scéinséir aigneolaíoch atá againn anseo. Ní thugtar aon ainm ar an mbean óg (James), an príomhcharachtar againn go dtí go bpósann sí, agus ansin tagraítear de ina sloinne pósta, sloinne a fir, Mrs de Winter. Cuirtear tús le cúrsaí in Monte Carlo na bliana 1936 mar a bhfuil an bhean óg ag tindeáil ar a fostóir tíoránach, tarcaisneach Mrs. Van Hopper (Dowd). Buaileann sí leis an mbaintreach fir Maxim de Winter (Hammer) agus ní nach ionadh cuirtear gaol rómánsúil sa tsiúl eatarthu. Níl go maith agus tá go holc óir go bhfuil blas seanchaite ar an rud ar fad. Í féin cúthail ach misniúil, spraíúil agus aisteach ina slí gheanúil féin. É féin fearúil, uasal agus caithiseach. Cuireann siad a chéile faoi gheasa.

Tá uisce faoi thalamh ann, áfach. Cé nach gcítear riamh í, tá trácht leanúnach ar iarbhean chéile Maxim, bean a cailleadh bliain roimhe sin. Is í siúd  Rebecca an teidil. Lena chois sin tá cad é caint faoi ghalántacht a thí mhóir, Manderley ar chósta Chorn na Breataine.

Níl aon stad ar dhaoine ach ag moladh Rebecca; ní raibh aon teora lena háilleacht, a cumas agus a geanúlacht, is léir. Tá sí ina néal os cionn an tí agus na daoine atá ag maireachtaint is ag obair ann. Éiríonn an bhean óg céasta ag taibhse na mná ná maireann. Mar bharr ar an mí-ádh tá an coimeádaí tí Mrs. Danvers (Thomas) anuas sa mhullach uirthi. Bhí, agus tá fós, Rebecca mar Dhia beag aici agus í ag tindeáil uirthi le blianta. Í de shíor ag iarraidh an bonn a bhaint den bhean óg le cleasanna agus cur i gcéill na haigneolaíochta. Téitear thar fóir léi féin agus a cuid cúblála agus faoi dheireadh thiar ní carachtar scanrúil ná inchreidte í.

Imíonn cuar scéalaíochta an bheirt phríomhcharachtar ar bóiléagar chomh maith. Liúdramán ciotrúnta teasaí é Maxim nach bhfuil ciall ná réasún lena iompar ar uairibh agus is amhlaidh an cás ag an Mrs de Winter nua agus í misniúil nóimint amháin ach í eaglach ar hap an tairne.

Aisteoirí caithiseacha iad Hammer is Lily ach tá siad ag streachailt le carachtair nach bhfuil mórán téagair iontu. Cinnte déantar éadaí, nósanna agus teach mór na tréimhse a chruthú go cumasach ach tá i bhfad níos mó ná sin ag teastáil. Déantar iarracht, ag an tús go háirithe, coimhlint aicme a phlé ach caitear an téama sin fé thóin cártaí tar éis scaithimh.

Bhíos ag fanacht go dtiocfadh an cor gan choinne nó an cíoná as cúl glaice. Níor tháinig ceachtar acu. Is fearr go mór is go fada duit dul ag póirseáil do leagan Hitchcock.

Fág freagra ar 'Níl aon anam sa scannán is déanaí atá bunaithe ar Rebecca'