‘Níl aon áit inár sochaí don chiníochas’ – Michelle O’Neill

Tionóladh cruinniú d'aon oghaim in Stormont leis an bhforéigean agus na léirsithe ar shráideanna Bhéal Feirste le roinnt laethanta a phlé

‘Níl aon áit inár sochaí don chiníochas’ – Michelle O’Neill

Níl “aon áit don chiníochas” i dTuaisceart Éireann, a deir an Chéad-Aire Michelle O’Neill.

Rinne an Chéad-Aire a cuid cainte i ndiaidh cruinniú d’airí an Tionóil i Stormont, cruinniú a tionóladh d’aon oghaim leis an bhforéigean agus na léirsithe ar shráideanna Bhéal Feirste le roinnt laethanta a phlé.

Chuir Comhaltaí an Tionóil a gcuid tuairimí faoin scéal in iúl ag an gcruinniú speisialta sin inniu.

D’eisigh an Feidhmeannas comhráiteas i ndiaidh an chruinnithe.

“Mar Fheidhmeannas, táimid ar fad ar aon fhocal agus muid ag iarraidh go gcuirfí deireadh leis an bhforéigean, an chíréib agus na hionsaithe ciníocha. Níl aon ghlacadh le coiriúlacht agus cur chuige na neamhfhulaingthe a bheidh i bhfeidhm ina leith,” a dúradh sa ráiteas.

Dúradh sa ráiteas chomh maith go raibh sé tábhachtach go n-aithneofaí “an obair shuntasach agus dhearfach a dhéanann daoine as mionlaigh eitneacha sna seirbhísí sláinte agus sa saol eacnamaíochta, sóisialta, cultúrtha, poiblí, agus polaitiúil”.

“Tá sé dlite d’aon duine a chónaíonn anseo a bheith ina chuid den tsochaí agus tairbhe a bhaint as sochaí atá cóir agus ionchuimsitheach, sochaí ina mbraitheann gach duine go bhfuil siad sábháilte agus go bhfuil fáilte rompu.”

I ndiaidh chruinniú an Fheidhmeannais, labhair an Chéad-Aire Michelle O’Neill, an LeasChéad-Aire Emma Little-Pengelly, agus Príomh-Chonstábla Sheirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann Jon Boutcher, leis na meáin.

Dúirt Michelle O’Neill go raibh na hairí ar fad “tiomanta go hiomlán diúltú don chiníochas, agus iad ar fad aontaithe faoina bhfeictear ag tarlú os a gcomhair”.

“Níl aon áit inár sochaí don chiníochas ná d’aon ghné de,” a dúirt an Chéad-Aire.

“Tá na hionsaithe ciníocha ar dhaoine, ar ghnóthaí agus ar thithe cónaithe go hiomlán mícheart, agus tá fíor-eagla cothaithe acu. Eagla is dóigh liom nach bhfaca aon duine againn riamh cheana i gcuid mhór dár bpobal.

“Braitheann go leor daoine an-leochaileach, tá faitíos orthu agus tá imní orthu faoina dteaghlaigh.

“Tá máithreacha anseo a bhfuil faitíos orthu siúl lena gclann go dtí an pháirc; tá leanaí anseo nach ligeann an faitíos dóibh dul go dtí na clubanna óige nó go dtí scéimeanna. Tá oibrithe sláinte anseo nach ligfeadh an faitíos dóibh dul chun a gcuid oibre. Tá altraí againn a bhfuil faitíos orthu dul abhaile. Ní féidir glacadh leis sin.”

Dúirt Emma Little-Pengelly nach bhféadfadh aon duine an foréigean ciníoch agus an ainriail ‘a chosaint’.

“Táimid inár seasamh anseo le chéile mar Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann lena thabhairt le fios go soiléir nach bhfuil aon ghlacadh againn leo,” a dúirt sí.

D’eagraigh Comhdháil na gCeardchumann slógadh taobh amuigh de Thithe na Parlaiminte mar agóid in aghaidh na gcíréibeacha a tharla i mBéal Feirste an tseachtain seo i ndiaidh léirsithe frith-inimirceach.

Rinneadh ionsaithe ar phóilíní agus ar chuid den phobal. Scriosadh dhá ghnó i ndeisceart Bhéal Feirste a bhí ag daoine ó chúlra mionlach eitneach agus tharla roinnt eachtraí eile i dtuaisceart agus ina iarthar na cathrach.

Lean an t-achrann ar aghaidh oíche Dé Céadaoin agus ionsaíodh póilíní in oirthear Bhéal Feirste.

Ní i mBéal Feirste amháin a bhí an ainriail ag tarlú mar b’amhlaidh an scéal ar fud na Ríochta Aontaithe. Meastar gurb éard a spreag na léirsithe faisnéis mhíchruinn a scaipeadh ar líne nuair a maraíodh triúr cailíní beaga in Southport, ó thuaidh de Learpholl.

Tugadh ceathrar fear os comhair Chúirt Dúiche Bhéal Feirste Dé Luain agus iad cúisithe as baint a bheith acu le hainriail an tSathairn seo caite agus ar an gCéadaoin tugadh buachaill 15 bliain d’aois os comhair na cúirte sin agus é cúisithe as a bheith páirteach i gcíréib.

Fág freagra ar '‘Níl aon áit inár sochaí don chiníochas’ – Michelle O’Neill'

  • Siob

    Níl ann don chiníochas in Éirinn. Mar sin, an cheist is tábhachtaí a chur ná cén fáth go bhfuil a leithéid á maíomh acu?