‘Níl anseo ach an tús’ – an chéad chraobh i stair an chumainn buaite ag mná Laochra Loch Lao

Bhuaigh an cumann lán-Ghaeilge Craobh Shóisir B Peile na mBan in Aontroim ag an deireadh seachtaine

‘Níl anseo ach an tús’ – an chéad chraobh i stair an chumainn buaite ag mná Laochra Loch Lao

Rinneadh gaisce nua ar Pháirc Rossa in iarthar Bhéal Feirste ag an deireadh seachtaine nuair a bhuaigh an cumann lán-Ghaeilge, Laochra Loch Lao, a gcéad chraobh riamh.

Mná an chumainn a rinne an beart Dé Domhnaigh nuair a bhuadar Craobh Shóisir B Peile le bua in aghaidh Chiceam Ard Eoin, 3-9 i gcoinne 2-8.

Tá Laochra Loch Lao ag glacadh páirt i gComórtas Peile na Gaeltachta ó 2006 ach níor bunaíodh mar chumann ceart ach roinnt blianta ó shin.

Ó 2018 atá foirne na Laochra ag imirt i gcomórtais Aontroma.

Is iad mná an chumainn atá ar thús cadhnaíochta sa chumann ó shin i leith. Ba iad na mná a bhuaigh cluiche don chumann den chéad uair riamh sa gcéad bhliain sin agus tá an chéad chorn tugtha leo anois acu agus Ard Eoin sáraithe acu i ndiaidh cluiche géariomaíochta ag an deireadh seachtaine.

“Tá muid iomlán ar bís agus ag pléascadh le bród gur éirigh linn an corn seo a thabhairt abhaile,” a dúirt Seanna Lee Ní Chaomhánaigh, comhchaptaen fhoireann na mban. “Bhain Ard Eoin an tsraith i mbliana agus is iadsan an fhoireann is láidre ag leibhéal s’againne agus bhí siad mar rogha na coitiantachta don chraobh gan amhras ar bith. Ach throid muid go fíochmhar do gach uile liathróid agus d’fhág muid gach rud ar an pháirc.”

Tá foirne faoi aois anois ag cumann Laochra Loch Lao agus deir Ní Chaomhánaigh go dtabharfaidh an bua seo ugach do gach duine sa chumann, idir óg agus aosta.

“Lá stairiúil don chumann a bhí ann agus bhí muid spreagtha ón chéad lá chun an chéad ghlúin eile a spreagadh. Bhí 500 duine ag cluiche s’againne agus ina measc, bhí na cailíní óga ó ógchumann s’againne. Bhain muid an corn seo don ghlúin seo a bhéas ag tógáil CLG Laochra Loch Lao do na blianta atá le teacht. D’ardaigh muid meanma agus muinín an chumainn ar fad agus d’ardaigh muid spriorad Phobal na Gaeilge sa chathair fosta. Níl anseo ach an tús.”

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Cathaoirleach Laochra Loch Lao, go bhfuil “cloch mhíle stairiúil” anois bainte amach ag an gcumann.

“Cúig bliana i ndiaidh dúinn an cinneadh a ghlacadh cumann neamhspleách, lán-Ghaeilge a bhunú i mBéal Feirste, tá lúcháir agus bród orainn go bhfuil cloch mhíle stairiúil bainte amach ag foireann na mban leis an bhua iontach sa chraobh.

“Mar chumann, táimid ag dul ó neart go neart agus is mór an spreagadh a bhéarfaidh seo dúinn, agus go háirithe do na foirne óga atá againn agus na sluaite acu i láthair don chluiche ceannais. Tá ardmholadh tuillte ag na mná atá ag obair go crua ó thús na bliana agus na bainisteoirí as an chaibidil nua seo a scríobh i stair an chumainn.”

Fág freagra ar '‘Níl anseo ach an tús’ – an chéad chraobh i stair an chumainn buaite ag mná Laochra Loch Lao'