‘Níl ann ach ceist ama sula mbeidh timpiste ar Bhóthar Dhoire Fhearta’ – plé sa Dáil ar bhóthar contúirteach i gConamara

Tá sé ina imní le tamall faoin droch-chaoi atá ar chuid den bhóthar a théann ó dheas go dtí an Cheathrú Rua ó cheantar na nOileán i nGaeltacht Chonamara

‘Níl ann ach ceist ama sula mbeidh timpiste ar Bhóthar Dhoire Fhearta’ – plé sa Dáil ar bhóthar contúirteach i gConamara

Dúradh sa Dáil aréir nach bhfuil ann ach “ceist ama” sula mbeidh timpiste ar Bhóthar Dhoire Fhearta i gConamara.

An Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly a dúirt an méid sin agus ceist Bhóthar Dhoire Fhearta á plé sa Dáil.

Tá sé ina imní le tamall faoin droch-chaoi atá ar chuid den bhóthar a théann ó dheas go dtí an Cheathrú Rua ó cheantar na nOileán i nGaeltacht Chonamara.

Triúr Teachtaí Dála as Gaillimh Thiar a d’ardaigh ceist an bhóthair sa Dáil aréir – Catherine Connolly (NS) Éamon Ó Cuív (FF) agus Hildegarde Naughton (FG).

Dúirt na Teachtaí Dála ar fad go raibh práinn mhór leis an scéal toisc colbha an bhóthair a bheith ag tabhairt uaidh agus toisc a chúinge is atá sé in áiteanna.

Ba é an tAire Stáit Brendan Griffin a d’fhreagair ceisteanna na dTeachtaí Dála toisc nach raibh an tAire Iompair féin, Shane Ross, i láthair.

Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív go raibh “easpa measa” ar an Dáil léirithe ag an Aire Ross toisc gan é a bheith i láthair do na ceisteanna.

Dúirt Ó Cuív go raibh na billiúin ar fáil chun lánaí bus agus córas Metro a thógáil do Bhaile Átha Cliath ach nach raibh fiú airgead beag ar fáil chun feabhas a chur ar bhóthar tuaithe.

Dúirt an tAire Stáit Brendan Griffin go gcaithfeadh Comhairle Chontae na Gaillimhe réamh-mheastachán nua maidir leis an obair is gá a dhéanamh ar an mbóthar Gaeltachta a chur faoi bhráid na Roinne Iompair sula ndéanfaí aon chinneadh ina thaobh. Dúirt sé áfach nach raibh ach ciste teoranta ar fáil d’obair dá leithéid agus go raibh “iomaíocht mhór” ann don mhaoiniú sin.

Dúirt an Teachta Dála Catherine Connolly go rabhthas “tinn tuirseach” de bheith ag trácht ar chás an bhóthair Ghaeltachta agus nach raibh ach “airgead suarach” i gceist.

Dúirt Hildegarde Naughton go raibh práinn ar leith ag baint leis an scéal toisc go mbíonn an oiread sin daltaí scoile agus scoláirí samhraidh ag baint úsáide as Bóthar Dhoire Fhearta.

Fág freagra ar '‘Níl ann ach ceist ama sula mbeidh timpiste ar Bhóthar Dhoire Fhearta’ – plé sa Dáil ar bhóthar contúirteach i gConamara'