Níl ann ach 150 bliain ó scriosadh na treibheanna dúchasacha ar mhachairí móra Mheiriceá

Déanann ‘The Earth is Weeping: the epic story of the Indian Wars for the American West’ cur síos ar chogaí na nIndiach ar dhóigh úr

Níl ann ach 150 bliain ó scriosadh na treibheanna dúchasacha ar mhachairí móra Mheiriceá

Níor tharla an cliseadh chomh fada sin ó shin. Níl ann, i ndáiríre, ach 150 bliain ó scriosadh na treibheanna dúchasacha ar mhachairí móra Mheiriceá. Sin an fáth go maireann scrios na mbundúchasach Indiach inár gcuimhne – é sin agus na céadta scannán buachaillí bó!

Níl deireadh le leabhair ar an ábhar ach an oiread. Is é The Earth is Weeping: the epic story of the Indian Wars for the American West (Atlantic Books) le Peter Cozzens an ceann is déanaí. Tugann Cozzens le fios go bhfuil sé ag iarraidh leabhar a scríobh a chuireann síos ar chogaí na nIndiach ar dhóigh úr agus léargas a thabhairt, ní hamháin ar chogadh an airm, ach ar pháirt na nIndiach a throid leis an arm.

Léiríonn sé arís agus arís eile nach mbeadh an cine geal in ann cogadh a chur ar na treibheanna dúchasacha gan chuidiú ó threibheanna eile. Aithníonn muid ainmneacha na dtreibheanna móra – Síán, Lacóta, Arapahó, Cómáinsí, Oglalá, Apáitseach. Déantar dearmad, ámh, go raibh naimhde acu sin, gur chuir na treibheanna sin cogadh ar threibheanna eile agus gur thapaigh na treibheanna beaga an deis díoltas a bhaint amach i gcomhpháirt le harm agus le marcra Mheiriceá.

Is dócha go n-éireodh leis an chine gheal na treibheanna móra a scriosadh sa deireadh ach bheadh tréimhse i bhfad ní b’fhaide i gceist gan chuidiú na bPréachán, na bPabhnaithe agus na Seoseoiní, treibheanna a throid go fonnmhar fíochmhar leis an arm. Leoga, scríobhann Cozzens go raibh na hApáitsigh ar an dream ba mheasa ó thaobh scoilteanna de agus gurbh iad a b’fhonnmhaire le cogadh a chur ar a muintir féin.

Ní hionann sin agus a rá go ndéanann Cozzens leithscéal as lámh láidir an chine ghil ar na bundúchasaigh. Léiríonn sé arís agus arís agus arís eile na bréaga a d’inis polaiteoirí do cheannairí na nIndiach, na conarthaí a síníodh agus a sáraíodh, an talamh a ‘tugadh’ agus a baineadh ar ais de láimh láidir.

Thuig ceannairí na nIndiach sin agus thuig mórán den chine geal cad é a bhí ar siúl fosta. Bhí ailt nuachtáin ag tacú le cúis na nIndiach agus ailt eile ag agairt deireadh a chur leo ar fad. Bhí síocháin ann – a fhad is nach raibh rud ar bith i seilbh na nIndiach nach raibh ó na húdaráis agus lucht gnó thoir in Washington. A luaithe agus a socraíodh go raibh talamh de dhíth le hiarnród a thógáil, le heallach a chothú, le harbhar a fhás, le hór a bhaint, briseadh geall agus cuireadh cogadh.

Ní raibh cosaint ar bith le fáil ar an uaigneas. Bhí na treibheanna sábháilte ar mhachaire an Iarthair, tír aineoil ar feadh i bhfad. Scuabadh chun bealaigh iad, diaidh ar ndiaidh, nuair a thug treibheanna eile eolas an bhealaigh do chapaill an mharcra Mheiriceánaigh. Rinneadh an rud céanna ar threibheanna sa ghaineamhlach – Cióbha agus Apáitseach – agus ar na hÚit sna sléibhte airde agus ar na Nez Percé san iarthuaisceart iargúlta.

Throid na hIndiaigh agus throid siad go maith, go fíochmhar, go calma agus go míthrócaireach. Chaill siad sa deireadh de bharr nach raibh siad eagraithe mar a bhí sluaite Washington D.C. eagraithe, mar nach raibh siad chomh líonmhar leis an chine gheal.

Bhí Éireannaigh sa troid. Scríobhann Cozzens go raibh lear mór Éireannach in arm Mheiriceá ag an am agus bhí cuid de na hÉireannaigh sin ina gceannairí tábhachtacha. D’fhear an Ginearál Philip Sheridan, duine de shliocht an Chabháin, d’fhear sé cogadh ar na hIndiaigh go díreach mar a rinne sé ar fhórsaí Robert E. Lee le linn Chogadh na gCarad. Ní chreideann Cozzens go raibh rún ag lucht Washington cinedhíothú a dhéanamh ar na treibheanna. Maraíodh na céadta nuair a chuir siad i gcoinne phleananna Washington; ligeadh do gach aon treibh eile feo ar an chomarclann a luaithe agus a briseadh iad.

Idir 1866 agus 1890 a mhaireann scéal Cozzens. Bhí sibhialtacht ar leith ann ag tús na tréimhse sin agus bhí deireadh léi faoina críoch. 20 bliain fhuilteach.

Agus Custer? Sea, tá sé ann: ‘While the Osages held a boisterous scalp dance within view of the terrified women the night after the battle, Cheyenne survivors said Custer and his officers appeared among them to select bedmates. Custer, the captives said, chose the beautiful 19-year old Monahsetah… As other Cheyennes drifted in to surrender, the officers of the 7th Calvary picked out more sexual partners. The Cheyenne accounts are plausible. Custer’s unbridled sexual appetite was well established.’

Ní raibh aon tagairt de sin sna scannáin buachaillí bó riamh.

Fág freagra ar 'Níl ann ach 150 bliain ó scriosadh na treibheanna dúchasacha ar mhachairí móra Mheiriceá'

  • Iarla

    D’inis Annraoi Ó Liatháin an scéal seo go cumasach fadó ina leabhar ‘Laochraí na Machairí’. Thug sé ainmneacha breátha Gaelacha ar na laochra fosta: Faol-Each, Néal Dearg agus mar sin de. Ba bhreá dá gcuirfí athchló air.