Níl an rialtas buartha faoi ghéarchéim na tithíochta, tá siad buartha go bhfuil na meáin ag tarraingt airde uirthi

Tá an Rialtas agus páirtithe na bunaíochta ag tabhairt tús áite i gcónaí do bhrabús lucht an airgid seachas do riachtanais an phobail

Níl an rialtas buartha faoi ghéarchéim na tithíochta, tá siad buartha go bhfuil na meáin ag tarraingt airde uirthi

Tá géarchéim na tithíochta sna ceannlínte ag na meáin agus an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ESRI) ag tabhairt rabhaidh go bhféadfadh praghsanna sa mhargadh tithíochta dul in airde 20% thar thréimhse trí bliana mar gheall ar an mbrú de bharr easpa tithe.

Agus deir daft.ie go bhfuil cíos imithe in airde 11% cheana féin i mbliana agus é níos airde fós i mBaile Átha Cliath.   

Ag an am céanna foilsíodh figiúirí eile a thaispeánann go raibh 99,555 teaghlach ar na liostaí feithimh le haghaidh tithíocht shóisialta ag na húdaráis áitiúla i mí Mheán Fómhair, i gcomparáid le 91,600 anuraidh.

Sin méadú  8.7%.

Cuimhnigh air sin: tá muid ag caint faoi theaghlaigh anseo, rud a fhágann go bhfuil timpeall 240,000 duine ag lorg áit bhuan chónaithe.

Ach tá sé tagtha chun solais freisin nár tógadh ach 1% de na tithe sóisialta atá riachtanach ó thús na bliana seo caite.

I mBaile Átha Cliath tógadh 478 aonad cónaithe cé go bhfuil os cionn 40,000 teaghlach ar an liosta. Ag an ráta sin thógfadh se céad bliain an liosta sin a ghlanadh!

Is léir go bhfuil teipthe ar pholasaí an rialtais i leith na tithíochta, ach cén freagra anois atá acu ar an bhfadhb?

Caithfidh muid cur leis an líon aonad a thógfar, a deir siad, ach tá siad ag brath i gcónaí ar an earnáil phríobháideach agus ag iarraidh an cháin is na costais eile ar na comhlachtaí tógála a laghdú. Is ionann sin agus a rá go n-íocfadh an stát cuid mhaith den chostas ach go bhfágfaí an brabús ag na comhlachtaí.

Is mar an gcéanna é maidir le cíos.  Níl aon chosaint ar fiú trácht air acu siúd a fhaigheann teach nó árasán ar cíos.  Ach tá cumann na dtiarnaí cíosa arís ag iarraidh an cháin a ghearrtar ar a gcuid gnólachtaí a laghdú agus b’fhéidir, sea, b’fhéidir (focal breá simplí), go bhféadfaí srian a chur ar an gcíos. B’fhéidir!

Ansin tá oifigigh an stáit ag cur an mhilleáin orthu siúd atá gan dídean, mar gheall ar a ndrochiompar (!) féin.

Má bhí cruthúnas ag teastáil ar dhearcadh daoine áirithe i leith daoine gan bhí sin le fáil i gcaint Eileen Gleeson, atá ina hoifigeach tithíochta ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, faoi dhrochiompar.

Ar ndóigh, níor luaigh sí drochiompar na gcreachchistí a chaitheann daoine amach as a n-áiteanna cónaithe ar mhaithe le tuilleadh brabúis a dhéanamh. Níor luaigh sí na bainc, cleasa lucht na morgáistí, ná eile. Níor luaigh sí dífhostaíocht.

Cuireann sé déistin ormsa a bheith ag scríobh faoina leithéid de chaint ach níl sí ina haonar.

Deir an Taoiseach Leo Varadkar go bhfuil an ráta easpa tithíochta in Éirinn íseal i gcomparáid le tíortha eile. Níl a fhios ag an diabhal cárbh as a fuair sé an figiúr sin, ach tá an t-Aire Stáit Damien English buartha go bhfuil na scéalta sna meáin faoi ghéarchéim tithíochta ag cur isteach ar dhea-chlú na tíre seo agus ag cur srian ar infheistíocht ón iasacht.

Sea, tá lucht na bunaíochta buartha go dtabharfaí faoi na comhlachtaí Meiriceánacha a deir go bhfuil easpa tithíochta ar phraghas cothrom in Éirinn ag cur bac ar infheistíocht anseo.

Níl an rialtas buartha faoin bhfadhb seo, ach tá siad buartha go bhfuil na meáin ag tarraingt airde uirthi.

Maidir le polasaí, tá an rialtas ag cloí lena mbeartas airgead a chur i bpócaí na n-infheisteoirí agus lucht an airgid a mhealladh le tuilleadh tithe a thógáil nó a ligean ar cíos. Tús áite do bhrabús lucht an airgid seachas do riachtanais an phobail.

Tá a fhios ag an saol cén freagra atá ar an bhfadhb seo – go gcuirfeadh an rialtas féin tús le clár mór tógála tithe chun iad a dhíol agus a ligean ar cíos leis na daoine a dteastaíonn siad uathu agus sin a dhéanamh ar théarmaí inaisíoctha mar atá faoin scéim cíosanna difreálacha.

Agus is cóir tithíocht a chur ar fáil do chuile dhuine, ní hamháin dóibh siúd nach bhfuil mórán acmhainní acu. Laghdódh a leithéid de chlár tógála tithe an t-éileamh ar thithe san earnáil phríobháideach is bhrúfadh sé praghsanna síos sa mhargadh sin leis.

Bheadh chuile dhuine níos fearr as – teaghlaigh, daoine a chónaíonn ina n-aonair, daoine ar ioncam íseal, daoine ar mheán-ioncam agus daoine a bhfuil ioncam níos airde acu. Chuile dhuine ach amháin an dream atá ag iarraidh  saibhreas as teacht i dtír ar bhochtaineacht daoine eile.

Ach nach bhfuil a fhios againn i ndáiríre gur ag freastal ar leas an dreama sin a bhíonn an rialtas agus gurb amhlaidh ag páirtithe eile na bunaíochta?

Sin go díreach an rud is measa faoin scéal: go bhfuil na páirtithe ar cuma leo faoin easpa tithíochta agus an crá croí a leanann é fós in ann an oiread sin vótaí a bhailiú – os cionn 60% más fíor do na pobalbhreitheanna.

Fág freagra ar 'Níl an rialtas buartha faoi ghéarchéim na tithíochta, tá siad buartha go bhfuil na meáin ag tarraingt airde uirthi'

  • Brian-less

    Tá an fhírinne go beacht agat, a Eoin.