Níl an moladh atá tuillte aige á fháil ag Derek Fox

Dá mbeadh ceangal idir Derek Fox agus aon cheann de stáblaí móra léimrásaíochta na tíre seo ná i Sasana scéal eile a bheadh ann

Níl an moladh atá tuillte aige á fháil ag Derek Fox

Tá sé coicís anois ó ritheadh rása an Grand National in Aintree – rogha na coitiantachta Corach Rambler a bhuaigh agus Derek Fox sa diallait. I gceartlár bhaile Shligigh a rugadh é siúd. Fós is beag nach bhféadfá a rá gur neamhshuim a rinne meáin na tíre seo de sin i gcomparáid leis an bhfuilibiliú is gnách a dhéanamh anseo nuair a bhuann capall nó marcach Éireannach an rása.

Tá sin sothuigthe ina bhealach féin. Seans go raibh sé níos éasca aird a thabhairt ar na scéalta a bhain le Rachael Blackmore/Minella Times (2021) agus Davy Russell/Tiger Roll (2018 agus 2019).

Dá mbeadh ceangal idir Fox agus aon cheann de stáblaí móra léimrásaíochta na tíre seo ná i Sasana scéal eile a bheadh ann. Tá ainmneacha na marcach a bhíonn ag Willie Mullins, Gordon Elliott agus ag Henry de Bromhead ar bharr a ngoib ag chuile dhuine. Is amhlaidh ina gcás siúd a oibríonn do Nicky Henderson nó do Paul Nichols i Sasana.

Dá mba cheachtar acu siúd a bhí i mbun traenála ar Corach Rambler is beag an baol nach n-aithneodh i bhfad níos mó daoine é ná a rinne sin agus Fox ag filleadh faoi ghradam ar fháinne na paráide in Aintree an lá faoi dheireadh.

Níos deacra fós sin a chreidiúint nuair a chuireann tú san áireamh gurb é freisin a bhí ar muin One for Arthur a bhuaigh an Grand National in 2017. Ag an am sin ba don cheangal idir ainm an chapaill agus grúdaire Gheata Shéamuis ba mhó a rinneadh iontas.

Lucinda Russell a thraenáil an dá chapall a bhuaigh an léimrása is cáiliúla ar domhan do Derek Fox. Ag leanacht na fealsúnachta atá leagtha síos go dtí seo agam, is ceadmhach a rá nach bhfuil sise ach an oiread ag fáil an mholadh atá tuillte aici agus tá cúis leis sin freisin.

Níl aon traenálaí capall níos faide ó thuaidh ná Russell a bhfuil a cuid stáblaí i gCeann Rois, baile atá leath bealaigh idir Dún Éideann agus Peairt ar chósta thoir na hAlban.

Idir scíth don chapall agus dóibh siúd a thug go Aintree é, is dóigh gur thóg sé ocht n-uaire an chloig Corach Rambler a thabhairt an 400 ciliméadar go Learpholl – an t-achar céanna ag filleadh.

Is i ndeisceart agus in iardheisceart Shasana atá suas le 50% de na traenálaithe léimrásaíochta atá sa mBreatain lonnaithe – i bhfoisceacht cúpla uair an chloig tiomána do Cheltenham, Haydock, Newbury, Sandown, Ascot agus na traiceanna móra le rá eile. Tá cuid acu sin ar a laghad 200 ciliméadar. eile níos faide ó Cheann Rois.

Fágann sin Lucinda ag brath ar an rásaíocht a bhíonn ar bun ar na ceithre thraic atá ina tír féin agus ar dhornán atá i dtuaisceart Shasana. Fós tá os cionn 700 rása buaite ag a cuid capall a bhfuil tuairim 100 acu faoina cúram. Is í an traenálaí is rathúla in Albain í ar chuile bhealach.

Ag rásaí capall i Luimneach deich mbliana ó shin a thug an Ruiséalach suntas do chumas Derek Fox. Scór bliain d’aois a bhí sé agus sealanna déanta aige faoi sin i stáblaí Gary Carr ar Churrach Chill Dara agus Charles Byrnes i mBaile an Gharraí ar theorainn Luimnigh agus Chorcaí.

Trí bliana roimhe sin bhuaigh sé rása ar a thraic áitiúil nach bhfuil ach 2km ón áit ar tógadh é i bPlás Emmet i gceartlár bhaile Shligigh. Tá tóir mhór freisin ar an sacar sa mbaile céanna agus ós rud é nach raibh Páirc na Seó ach 10 nóiméad siúil óna theach, níorbh iontas dá mba sa gcluiche sin a chuir sé suim.

Ach, ‘is fearr beagán den ghaol ná mórán den charthanas’, a deir siad. Traenálaí capall a raibh stábla aige ar an Leathros ab ea uncail leis Mark McNiff agus ba a chúnamh dó siúd a chaith Derek Fox a óige – ag taisteal na tíre ag rásaí na gcapaillíní.

Níor tháinig sé faoi bhláth gur bhain sé Albain amach agus ba é One for Arthur a chuir a ainm os comhair an phobail den chéad uair.

Ba dhóbair nár choinnigh gortú a bhain dó cúpla seachtain roimh National 2017  as an diallait é agus b’amhlaidh scéal an lá faoi dheireadh nuair a bhí faitíos air nach mbeadh a ghualainn cneasaithe agus nach dtabharfadh na dochtúirí cead iomaíochta dó.

Bhí an fisiteiripeoir ar dhuine de na daoine ba thúisce ar ghlac sé buíochas léi tar éis bua Corach Rambler.

I dtús na bliana seo bhí Derek Fox ar dhuine de na marcaigh a tháinig salach ar an athrú rialach a bhaineann le húsáid na fuipe – gearradh 7 lá fionraíochta air siocair níos mó ná 7 mbuille a thabhairt do chapall timpeall na Féile Bríde.

Ach tá sé ina thine bhruite ó shin. Os cionn £1m buaite ag capaill a raibh sé sa diallait orthu, An National agus roimhe sin bua Corach Rambler don dara bliain as a chéile san Ultima Chase in Cheltenham – rása ina ritheann go leor díobh siúd a mbíonn sé i gceist acu dul go Aintree.

Mhol Ruby Walsh agus Tony McCoy fear Shligigh to hard na spéire agus Ultima na bliana seo buaite aige. “A lot was written about the whip rules before this meeting and the change in them but watch Derek Fox from the last fence on Corach Rambler, who is not straightforward. It’s a great piece of riding, staying within the new rules but he’s a horseman who has great power in his body and he uses it,” a deir Ruby.

Níos oilte ná sin arís a bhí an capall agus a mharcach in Aintree.

Fág freagra ar 'Níl an moladh atá tuillte aige á fháil ag Derek Fox'