Níl ach leigheas amháin ar an ngéarchéim – éirí amach síochánta i measc mhuintir na tuaithe

Ní páirtí nua polaitíochta a d’fheilfeadh muintir na tuaithe sa Dáil ach comhghuaillíocht a sheasfadh go daingean le héilimh agus le clár oibre a bheadh leagtha amach roimh ré

Níl ach leigheas amháin ar an ngéarchéim – éirí amach síochánta i measc mhuintir na tuaithe

Tá Éamon Ryan agus Comhaontas Glas ag iarraidh an mac tíre a chur ag fánaíocht ar fud na tuaithe. Ní hé amháin go bhfuil leatrom á dhéanamh ar phobal na tuaithe ó lá go lá ach tá siad ag deargmhagadh fúinn anois.

Dúirt mé go mion agus go minic dá mbeadh deichniúr Teachtaí againn sa Dáil le talamh a sheasamh dúinn go gcuirfidís deireadh gasta le seafóid mar seo.

Muintir na tuaithe a thiomáint isteach sna bailte móra agus sna cathracha an polasaí oifigiúil atá i bhfeidhm. Tá uirlisí éagsúla ag na húdaráis leis an aistriú pobail sin a dheifriú.

Tá siad á dhéanamh níos deacra do dhaoine faoin tuath tithe a thógáil ach níl siad féin sásta tithe sóisialta a chur ar fáil.

“Ní hé amháin nach dtógfaidh muid teach breise i gCarna ach ní cheannóidh muid a oiread agus acra amháin talún ann i gcomhair tithíochta,” a dúirt ceannasaí tithíochta Chomhairle Chontae na Gaillimhe le toscaireacht as an gceantar seo a chuir muid ag triall air tamall ó shin.

Sin cé go bhfuil dhá eastát tithe sóisialta i gCarna cheana féin agus an-ghlacadh leo.

Ina cheann sin aríst bhí cúigear úinéirí talún sa gceantar sásta suíomh a dhíol leis an gComhairle Contae le tuilleadh tithe a thógáil.

“Is aisteach an cás é nach bhfuil siad sásta tithe sóisialta a thógáil i gCarna ach go bhfuil siad ag plúchadh Mhaigh Cuilinn leo.”

Sin é a dúirt Comhairleoir Contae le toscaireacht eile a bhí againn.

Comhairleoir é a bhfeilfeadh sé dhó staidéar grinn a dhéanamh ar threoracha an mhaorlathais sa mBruiséil agus ar an gcaoi a bhfuil an Dáil agus oifigigh na Comhairle Contae ag damhsa de réir phort na Bruiséile.

Níl ach leigheas amháin ar an ngéarchéim: éirí amach síochánta i measc mhuintir na tuaithe. Tá chuile chosúlacht ann go bhfuil an t-am feiliúnach lena aghaidh.

Féach na hagóidí a thosaigh na feilméaraí faoi phraghas na mairteola. Ach níos suntasaí ná sin aríst, tabhair faoi deara go bhfuil 6,000 ball imithe as Fine Gael le beagán blianta anuas.

Nuachtán é an Irish Independent atá an-cheanúil ar Fhine Gael ach fiú amháin iad siúd bhí orthu a admháil go raibh an mhíshástacht faoin tuath ar cheann de na cúiseanna ba mhó a bhí leis an laghdú ballraíochta.

Creidtear faoin tuath, a dúirt siad, gur ar Bhaile Átha Cliath atá Fine Gael ag cur béime. Sea agus na páirtithe eile freisin dá ndéarfaidís é.

Ní páirtí nua polaitíochta a d’fheilfeadh dhúinne sa Dáil ach comhghuaillíocht. Níor chall go mbeadh an deichniúir Teachtaí ar aon fhocal faoi chuile rud ach sheasfaidís go daingean le héilimh agus le clár oibre a bheadh leagtha amach roimh ré.

Theastódh gluaiseacht phobail freisin le cuidiú leo agus iad a choinneáil ar an mbóthar díreach.

Conradh na Tuaithe a thabharfainnse ar a leithéid de ghluaiseacht. Cuimhním ar na gluaiseachtaí a bhunaigh Micheál Mac Daibhéid agus Dónall Ó Conaill.

Bheadh ar na baill airgead a chur le chéile ón tús. An Cíos Caitliceach a bhí ag Dónall Ó Conaill. An Cíos Tuaithe a bheadh againne.

Bheadh rannóg eolaithe ag an gConradh nua le staidéar cruinn a dhéanamh ar fhadhbanna na tuaithe agus le réiteach a mholadh orthu.

Bheadh rannóg chumasach poiblíochta ann. Is cinnte go gcuideodh na nuachtáin áitiúla agus na stáisiúin raidió áitiúla leis an gcuid sin den obair.

Níor ghá go mbeadh ballraíocht an-mhór ag Conradh na Tuaithe le difríocht a dhéanamh. Níl ag an gComhaontas Glas ar an taobh seo den teorainn ach 2,000 ball agus creideann na Tráchtairí Móra go mbeidh an-tionchar acusan ar an gcéad rialtas eile.

Níl mórán ama fágtha go dtí lá an olltoghcháin. Anois an tráth leis an iarann a bhualadh nuair atá sé te.

Fág freagra ar 'Níl ach leigheas amháin ar an ngéarchéim – éirí amach síochánta i measc mhuintir na tuaithe'

  • Córa de Paor

    smaoineamh an-mhaith

  • Barryroe

    Tionsadal fiúntach molta san alt seo.
    B’fhiú go mór é a chur ar aghaidh.
    Tacaíocht shuntasach leis, le cúnamh Dé.

  • Seosamh Ó Cuaig

    Ba mhaith liom teangmháil a dhéanamh le Córa de Paor

  • Seosamh Ó Cuaig

    Ba mhaith liom teangmháil a dhéanamh le Barryroe freisin. Tá tacaíocht ag teastáil go géar.