Más blas milis a d’fhág an liúradh a fuair Sasana ó fhoireann rugbaí na hÉireann inár mbéal an tseachtain seo caite, tá na geallghlacadóirí ar a laghad ag ceapadh gur toradh den chineál céanna a bheas le feiceáil an ceann seo ag teacht i bPrestbury Park ag Féile Rásaíochta Cheltenham 2015, áit a rithfear 27 rása ó Mháirt go hAoine.
Níor mhór duit €60 a chur le €10 a bhuachan, má mheasann tú gurb é Willie Mullins an traenálaí is mó a mbéarfaidh rásaí leis. Tá capaill dá chuid mar Roghanna na Coitiantachta i gceithre cinn díobh siúd a rithfear ar an Máirt.
An toradh a bheas air sin gur dóigh gur geallta carntha amháin a bheidh ag gealltóir beag ar mo chuma féin. Níl ach 4/7 á thairiscint ar Un de Sceux (Arkle Chase) agus as Annie Power (Cliathrás na Láracha) agus beagán os cionn airgead cothrom ar Douvain (Supreme Novice) agus Faugheen i rása mór na Máirte, Cliathrás na Seaimpíní.
Faoin am a dtiocfaidh an Aoine, beidh an bealach déanta sall ag os cionn leathchéad de chapaill an Mhaolánaigh. Buafaidh roinnt acu, ach bheadh aimhreas orm go bhfeicfear an slad Éireannach atáthar a thuar.
Dosaen capall a bhí á dtraenáil sa tír seo a bhuaigh ag Féile na bliana seo caite, péire lena chois sin an bhliain roimhe – an líon ba mhó riamh, ach i 2012 níor bhuaigh capaill na tíre seo ach 5 rása agus cé is móite do 2011 (13), bhí siad faoi bhun deich mbuaiteoir na ceithre bliana roimhe sin.
Tá praghasanna líon na mbuaiteoirí Éireannacha chomh háiféiseach céanna. 11/8 os cionn 13; 11/10 as 9-12 buaiteoir agus 7/2 as 0-8. Fan glan orthu.
Gan dabht, is áit faoi leith é Prestburty Park agus mura bhfuil agat ach suim fhánach féin sna capaill, chuirfeadh an liú a ligtear nuair a thosaíonn an chéad rása drithlíní i do chuid fola, díreach mar a chuireann canadh na mBreathnach i Staid na Mílaoise nó Amhrán na Fhiann i bPáirc an Chrócaigh laethanta na gCluichí Ceannais.
Agus an méid sin ar fad ráite, is í lomchlár na fírinne go bhfuil an iomaíocht chapaill seo idir Éirinn agus Sasana curtha go mór as a riocht, rud atá thar a bheith fóinteach acu siúd atá i mbun na Féile agus acu siúd a chuireann i láthair an phobail í.
Le fírinne, níl ach aon namhaid amháin ag an gcearrbhach agus is é sin an geallghlacadóir. Riamh i mo shaol níor chas aon duine dom a mba é an port a bhí aige nó aici : “Sa dara háit a chríochnaigh an ceann a raibh mo gheall air sa rása sin, ach tá mé chomh sásta céanna os rud é go mba chapall Éireannach a bhuaigh air!”
Bí cinnte mar sin féin go mbeidh an bhratach trídhathach ar foluain an tseachtain seo i bhfáinne na mbuaiteoirí agus each de chuid na tíre seo ag déanamh ar an bpolla a bhfuil “1st” greannta ar a bharr. Ach bí níos siúráilte fós a luaithe agus a chiúineoidh cúrsaí go mbeidh 90% díobh siúd a bhí ag screadach ag bailiú creiche as mála an gheallghlacadóra. Sin é an rud is mó a fhágann glórach iad; bob buailte arís ar fhear na tiachóige.
Is beag coimhlint atá chomh sean leis an gceann áirithe sin.
Sa bhliain 1776 a ritheadh rása an St. Leger den chéad uair. Siúl na gcos an t-aon chóras taistil a bhí ann ag an am sin – bíodh go mba é an duine nó an t-ainmhí a bhí á dhéanamh sin. Ní raibh ag na capaill a bhí ag iarraidh a bheith san iomaíocht sa rása ach siúl go Doncaster faoina chomhair. Sa bhliain 1836, áfach, smaoinigh duine de na cearrbhaigh ba mhó a bhí ann ag an am ar phlean.
I nGoodwood, i ndeisceart Shasana a bhí cónaí ar an Tiarna Bentinck agus nuair a chuir sé capall dá chuid, Elis, isteach ar an St. Leger, bhí a fhios aige go dtairgeodh na geallghlacadóirí praghas gnaíúil dó mar go mbeadh os cionn 200 míle siúlta ag Elis faoin am a sroichfeadh sé páirc na rásaí.
12/1 an praghas a tairgeadh agus ar glacadh leis go fonnmhar. Ní raibh a fhios ag an dream a thóg an geall go raibh caráiste faoi leith déanta ag Bentinck lenar tharraing 6 cinn de chapaill Elis go Doncaster, rud a ghlac 4 lá. Ach shroich an capall pairc na rásaí beo, bríomhar, glac scíth dhá lá agus bhuaigh an St. Leger agus mám airgid dá úinéir.
Níl sé chomh héasca sin an chluain a chur ar na geallghlacadóir sa lá atá inniu ann ar ndóigh, ach baintear corr gheampa i gconaí astu.
Bhailigh fear a raibh siopaí cairpéid i mBaile Átha Cliath aige, Noel Furlong £2 mhilliún ó na geallghlacadóirí nuair a bhuaigh Destriero an rása ba thúisce a ritheadh ag Féile Cheltenham 1991, bheadh a chúig oiread sin le bailiú aige dá mbuafadh The Iliad Clathrása na Seaimpíní níos deireanaí sa tseachtain, ach ní dhearna.
As ucht an chomhlucht eitleoireachta Aer Árann a bheith faoina úinéireacht ba mhó a bhí aithne ar Tim Kilroe in iarthar na hÉireann sna 1980í. Ach bhí capaill ag Kilroe freisin agus deirtear gur thug sé suim ina raibh seacht bhfigiúir abhaile as Cheltenham leis nuair a bhuaigh ceann acu, Forgive and Forget, an Sun Alliance Chase i 1984.
Cé go ndeirtear nach bhfuil sé chomh caifeach na laethanta seo, tá cáil gheallta JP McManus gaibhte i bhfad agus i ngearr. Naoi mbliana ó shin i Cheltenham d’fhógair sé cogadh ar an ngeallghlacadóir as Albain, ‘Fearless’ Freddie Williams..
Deirtear gur chuir McManus geall £100,000 ar chapall dá chuid féin Reveillez a bhuaigh ar phraghas 6/1 agus £5,000 chaon bhealach ar chapall eile dá chuid Kadoun (50/1) a bhuaigh an Cliathrása Pertemps.
Fos, ní baileach gur fholaigh sin mála an gheallghlacadóra. Bhí £70,000 fanta ann, ach ar a bhealach ar ais chuig an ostán, stop buíon robálaithe armtha Williams agus níor fhágadar bonn bán aige!
Meabhraíonn sin Moss Keane dom. Ar shlatracha a dhroma in ospidéal a fágadh Moss bocht tar éis do ruifínigh iarracht a dhéanamh é a robáil lasmuigh de Stáisiún Huston roinnt blianta ó shin.
Nuair a tháinig a bheanchéile ar cuairt chuige, ba é an chéad bheart a rinne sí a lámh a chur i bpóca an tseaicéid a bhí crochta ar phosta na leapan agus thóg amach a raibh d’airgead ann. “Mugged twice in the one day”, a dúirt Moss.