Níl a fhios fós céard lena aghaidh atá Fianna Fáil ann

Liosta de ráitis sheanchaite atá curtha amach ag Coimisiún um Aidhmeanna is Cuspóirí Fhianna Fáil

Níl a fhios fós céard lena aghaidh atá Fianna Fáil ann

Meas tú, céard a tharla don Choimisiún um Aidhmeanna is Cuspóirí Fhianna Fáil? Níor chualathas mórán faoi sna tuairiscí i ndiaidh na hArd-Fheise coicís ó shin, ach b‘fhéidir nach raibh an oiread ann le labhairt faoi?

Bunaíodh an coimisiún seo, faoi stiúir an Teachta Dála James Lawless, bliain ó shin le breathnú ar thoradh tubaisteach olltoghchán 2020.

Ach séard atá tagtha amach ná liosta de ráitis sheanchaite: tá an páirtí ag iarraidh córas sláinte uilíoch, athaontú síochánta na tíre, áit chónaithe don uile dhuine, agus go deimhin cosaint an daonlathais in Éirinn ón mbagairt Rúiseach, mura miste libh!

Aidhmeanna maithe dea-ráite gan dabht. Ach d’fhéadfadh páirtí ar bith liosta den chineál seo a chur i láthair, agus laghdaítear tionchar an ráitis nuair a bhreathnaíonn muid thart ar an ngéarchéim tithíochta, ar na fadhbanna síoraí sa gcóras sláinte, is eile. Nuair a fheiceann muid a laghad dul chun cinn atá déanta ag Fianna Fáil agus iad sa rialtas i dtaobh na nithe seo is deacair mórán muiníne a chur sna ráitis mhóra.

Ag deireadh thiar ní fiú labhairt faoi fhadhb murar féidir leat bealach a réitithe a léiriú.

Deirtear sa tuarascáil gur páirtí é Fianna Fáil atá ag iarraidh go mbeadh ról mór ag an stát i riaradh na tíre, i gcomparáid, a deir siad, le Fine Gael a bhíonn, dar leo, ag iarraidh ról an stáit a chúngú. Ní mhínítear cén chaoi a léirítear an difear seo i ngnáthchúrsaí polaitíochta.

Glacadh leis an tuarascáil d’aon guth, a deirtear. Ach ní dóigh liom gur comhartha maith é sin. Murar fiú argóint a dhéanamh faoi aidhmeanna is cuspóirí b’fhéidir nach bhfuil ann ach caint?

Ar ndóigh sí an cheist mhór atá roimh Fhianna Fáil, agus an cheist atá á cur ag lucht na polaitíochta orthu, ná an leanfaidh siad leis an socrú le Fine Gael nó an mbeidh siad oscailte do shocrú le Sinn Féin?

(Tá an tríú rogha ann, ar ndóigh: go seasfadh an páirtí leis féin is nach nglacfadh sé páirt in aon rialtas ná freasúra.)

Míshástacht maidir leis an gcomhaontú le Fine Gael a spreag an coimisiún seo ar an gcéad dul síos.

Is anseo a d’imigh muid ar fad ón saol mar atá. Dúirt Lawless go mbeadh sé oscailte do shocrú le Sinn Féin ar an gcoinníoll gurb é Fianna Fáil páirtí an mhóraimh, agus – ná bígí ag gaire – ar an gcoinníoll go gcáinfidís [Sinn Féin] an streachailt armtha agus ról Shinn Féin ag tacú leis an IRA.

Má chreideann sé i ndáiríre sna coinníollacha seo tá sé ag rá go lom nach nglacfadh sé le socrú le Sinn Féin, mar bheadh sé ina mhíorúilt dá mbeadh níos mó suíochán ag Fianna Fáil i ndiaidh an olltoghcháin na mar a bhéas ag Sinn Féin. Agus ní dhéanfaidh Sinn Féin riamh cáineadh ar an streachailt armtha ná orthu siúd a ghlac páirt ann.

Ar ndóigh, tuigeann Lawless é sin, ach is cuid den straitéis ag Fianna Fáil é – más féidir straitéis a thabhairt air – an streachailt armtha a lua arís is arís cé go bhfuil sé curtha i gcrích le fiche bliain anois.

Níos tábhachtaí, bhí an t-am ann go riabh íomhá ag Fianna Fáil gur páirtí iad a sheas le hathaontú na tíre. Ach tá an íomhá sin á cailliúint ag Fianna Fáil, agus Fine Gael go deimhin réidh le glacadh leis.

Rinne Neale Richmond, Fine Gael, óráid mhaith ag an mórthionól a d’eagraigh Todhchaí na hÉireann, agus labhair ceannaire Fhine Gael Leo Varadkar ansin freisin ag cur in iúl gur dearcadh páirtí seachas dearcadh duine a bhí i gceist.

Ar ndóigh ní raibh Micheál Martin, ceannaire Fhianna Fáil, i láthair. Bhí ionadaí ann ón bpáirtí, ámh, eadhon Jim O’Callaghan, a dhein óráid fhiúntach leis ach óráid a tháinig salach ar fad ar dhearcadh Mhartin.

Creideann cuid mhaith i bhFianna Fáil go n-imeoidh Martin as an gceannaireacht san athbhliain, ar thóir post éigin sa mBruiséil, ach beidh sé ina raic fhíochmhar má dhéanann sé iarracht fanacht mar atá.

Ar deireadh thiar níl muid níos cinnte fós faoi céard le haghaidh atá Fianna Fáil ann, is go deimhin mura bhfaigheann siad réidh le Martin go luath seans maith nach mbeidh ról ar bith ag an dornán a bheidh fágtha.

Tá a dhá oiread tacaíochta ag Sinn Féin, de réir na bpobalbhreitheanna ná mar atá ag Fianna Fáil, is níl comhartha dá laghad ann go dtiocfaidh athrú ar bith ar na figiúirí sin.

Is níl comhartha dá laghad ann ach an oiread go bhfuil ábhar ceannaire ann a thabharfadh fís fhiúntach éigin don pháirtí, de réir mar a théann sé in aois.

Fág freagra ar 'Níl a fhios fós céard lena aghaidh atá Fianna Fáil ann'

  • Pádraig O'hEipicín

    Go bhfóire Dia ar Éireann.

  • Fionn Ó Gráda

    Inné maraíodh na sluaite sibhialtaigh san Úcráin toisc pléascáin Putin. Ba dheas muna mbeadh ach “bagairt” ar bun ag Putin agus a arm. Is ceart agus is cóir don Taoiseach agus Dáil Éireann seasamh na hÉireann i gcoinnibh an mallaitheacht seo a léiriú.

  • Fionn Ó Gráda

    Go laethúil, tá na sluaite sibhialtaigh á marú san Úcráin ag pléascáin Putin. Nár dheas muna mbeadh ach “bagairt” i gceist. Is ceart agus is cóir do cheannairí Éireannacha seasamh a ghlacadh i gcoinne an mallaitheacht seo.

  • Gearoid O Raghallaigh

    An fhimíneacht ghnáthúil faoi fhoréigin ag meán an iarthair. Thosaigh an cogadh seo san Ucráin i 2014 tar éis buile stáit a eagraíodh ag an CIA. Le hocht mbliana anuas tá 10,000 sibhialtaigh maraithe ag fórsaí na Ucráine sa Donbass agus níl a oiread is focal amháin le léamh faoi i meáin cumarsáide an iarthair. Tá tuairisceoireacht den chéad scoth le fáil faoin scéal seo in oirthear na Ucráine ón tuarisceoir neamhspleach Eva Bartlett, saor in aisce ar you tube.
    I dtuaisceart na hEireann bhí feachtas dúnmharaithe i gcoinne Caitilicigh agus dlíodóirí cearta dhaonna ag rialtas na Breataine i gclaonpháirt le paramíleataigh dílseacha agus geallaim duit nach bhuil fahhb ar bith ag Fianna Fáil bheith ag caint le rialtas na Breataine. Léirítear mioneolas an fheachtais seo leabhar de chuid David Burke, Kitson’s Irish War.
    Is dtóir na fírinne is tabhachtaí éisteacht le dhá thaobh an scéil,
    Má’s fiafraitheach is feasach!