Níl a dhath le cailleadh ag na Francaigh, ach caillfidh siad mar sin féin

Tá go leor leor deacrachtaí ag an bhFrainc faoi láthair ach, mar sin féin, caithfidh foireann Joe Schmidt a bheith an-chúramach i bPáras tráthnóna

Níl a dhath le cailleadh ag na Francaigh, ach caillfidh siad mar sin féin

Pictiúr: INPHO/Billy Stickland

Agus na Gaeil ag cur chun páirce i gcoinne na bhFrancach sa gcéad cheann den chúig chluiche atá le n-imirt acu i gcomórtas na Sé Náisiún 2018, tá go leor cainte á déanamh faoin láidreacht agus faoin doimhneacht atá sa bpainéal seo againne. Níl aon dabht ach go bhfuil fírinne áirithe sa chaint sin agus má tá, smaoinigh ar a mbeadh le rá againn dá mbeadh fáil ag Joe Schmidt ar a rogha iomlán imreoirí? 

Cuimhnigh go bhfuil liosta fada imreoirí ón tír seo gortaithe faoi láthair agus nach raibh siad ar fáil do Schmidt don chéad chluiche seo i bPáras. Ina measc siúd tá Jamie Heaslip, Seán O’Brien agus Rhys Ruddock, triúr a bheadh in ann áit a aimsiú sa líne chúil ag foireann idirnáisiúnta ar bith.  I measc na gcúlaithe, tá Garry Ringrose fós faoi chúram dochtúra. Sin an tríú cuid den fhoireann nach mór, ach fiú dá n-uireasa, tá na Gaeil ag taisteal go Páras inniu, Dé Sathairn, agus iad mar rogha na coitiantachta.

Seans nach mórán ábhair iontais an stádas sin a bheith acu go háirithe má chuirtear gaiscí na gcúigí sna comórtais Eorpacha san áireamh. Tá áit aimsithe acu ar fad, seachas Cúige Uladh, sna babhtaí leathcheannais.

Ní hamháin sin ach thug na Gaeil greadadh (19 – 9) do na Francaigh i Staid Aviva i mBabhta 3 den chomórtas seo bliain ó shin. Ní raibh ach pointe amháin idir na foirne an babhta deiridh ar imir siad a chéile i bPáras sa mbliain 2016. Bhí an lá le fir an bhaile (10-9) an babhta sin, ach tá caighdeán na himeartha agus torthaí fhoireann idirnáisiúnta na Fraince imithe le fána go mór ón gcluiche sin.

Is cinnte go bhfuil imreoirí ar fhíor-ardchaighdeán ag na Gaeil, agus go mbeidh plean tomhaiste acu i bPáras tráthnóna. Fós féin, caithfidh Joe Schmidt a bheith an-chúramach ar fad faoi na Francaigh.  Cinnte, tá go leor leor deacrachtaí acu faoi láthair, ón bhfoireann bainistíochta anuas, ach is minic gur ag amanna mar sin a bhíonn siad an-chontúirteach ar fad. 

Cuimhnigh nach bhfuil a dhath le cailleadh ag na Francaigh.  Tá buntáiste an bhaile acu agus má éiríonn leo an ceann is fearr a fháil ar cheann de na foirne a bhfuil fuadar fúthu sa chomórtas, bhuel maithfear chuile pheaca le dhá shéasúr anuas dóibh.

’Sea, tá mise ag súil le cluiche iontach fisiciúil i bPáras an Satharn seo agus go mbeidh an lá leis na Gaeil.

Sna cluichí eile, cuirfidh na Breatnaigh fáilte roimh na hAlbanaigh go dtí Caerdydd. Bhí an lá le hAlbain (29-13) sa gcluiche seo anuraidh ach is i Murrayfield a bhí an choimhlint sin. Mar sin féin, tá an-dul chun cinn déanta ag Albain ón tráth seo anuraidh.  Tá a  n-eireaball in airde acu agus tiocfaidh siad go Caerdydd lán dóchais agus muiníne. Tá mise ag tuar go mbeidh an cluiche seo ar cheann de na cluichí is fearr a bheas le feiceáil againn an deireadh seachtaine seo. 

Beidh na Sasanaigh, curaidh an chomórtais faoi láthair, sa Róimh ar an Domhnach le tabhairt faoi fhoireann Conor O’Sea. Ní móide gur féidir ach a bheith ag súil le toradh amháin ar an gcoimhlint seo, agus is oth liom a rá nach dóigh gur ag an Iodáil a bheidh an bua.

Fág freagra ar 'Níl a dhath le cailleadh ag na Francaigh, ach caillfidh siad mar sin féin'