NIALL TÓIBÍN 1929-2019: Aisteoir agus fear grinn cumasach arbh léir ‘a ghrá’ don Ghaeilge

Tá an t-aisteoir agus fear grinn iomráiteach Niall Tóibín, ar tógadh le Gaeilge i gcathair Chorcaí é, tar éis bháis

NIALL TÓIBÍN 1929-2019: Aisteoir agus fear grinn cumasach arbh léir ‘a ghrá’ don Ghaeilge

Tá an t-aisteoir, fear grinn agus cainteoir líofa Gaeilge Niall Tóibín tar éis bháis.

Bhí Niall Tóibín, a bhí 89 bliain d’aois, tinn le tamall fada.

Rugadh Tóibín, a bhain cáil mhór amach as a shaothar amharclainne, teilifíse agus scannáin, i gCorcaigh i 1929 agus tógadh le Gaeilge é i ndeisceart na cathrach.

Mhol Uachtarán na hÉireann Micheal D Higgins go hard inniu cumas aisteoireachta Tóibín.

“Rinne sé leas na hamharclannaíochta in Éirinn ar bhealach ar leith, i nGaeilge agus i mBéarla.

“Léirigh sé an tuiscint sa léiriú a rinne sé ar an iliomad carachtar an éirim aigne a bhí ann agus, thar aon ní eile, an tuiscint dhiamhair a bhí aige ar na gnéithe sainiúla a bhaineann le saol na hÉireann,” arsa Uachtarán na hÉireann.

Cainteoirí líofa Gaeilge ab ea a thuismitheoirí Siobhán Ní Shúilleabháin agus Seán Tóibín, timire le Conradh na Gaeilge agus údar na leabhar Blátha an Bhóithrín agus Troscán na mBánta.

Bhí Niall Tóibín féin ina bhall tráth de Chonradh na Gaeilge chomh maith agus bhíodh sé ag aisteoireacht le Compántas Amharclainne na Gaeilge.

I measc na scannán a raibh sé páirteach iontu bhí Poitín, saothar ceannródaíoch Bob Quinn, an chéad fhadscannán Gaeilge.

Ar na scannáin agus na cláir theilifíse eile a raibh páirt aige iontu, bhí Ryan’s Daughter, Bracken, The Irish RM, Brideshead Revisited, Eat the Peach, Far and Away, Ballykissangel, Veronica Guerin agus The Clinic.

Bhí an-dúil aige i saothar Brendan Behan. Thuill sé ardmholadh dá ról in The Borstal Boy agus bhí an-tóir ar an leagan de The Hostage a rinne sé le Michael Scott, leagan a bhí bunaithe ar an mbunshaothar An Giall.

Rinne sé cuid mhór oibre i nGaeilge i gcaitheamh a shaoil.

Bhí a ghlór, mar shampla, le cloisteáil ar ghearrscánnáin de chuid Gael Linn sna seascaidí agus léigh sé gearrscéalta Sheáin Mhic Mhathúna do chlosleabhar a foilsíodh in 2009.

Dúirt ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin inniu go raibh “áit lárnach” ag an nGaeilge i saol Tóibín agus go raibh “an grá” a bhí aige don teanga soiléir ina chuid saothair.

Dúirt an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta Josepha Madigan go raibh “tallann ar leith aige” agus gur aisteoir agus fear grinn “an-chumasach” é.

I measc na ngradam a bronnadh air, bhí céim dochtúra oinigh ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh agus gradam saoil ó IFTA. Tugadh saoirse na cathrach dó ina chathair dhúchais in 2015.

Bhásaigh a bhean Judy in 2002. Maireann a gclann Seán, Muireann, Aisling, Sighle agus Fiana agus a seachtar garpháistí.

 

Fág freagra ar 'NIALL TÓIBÍN 1929-2019: Aisteoir agus fear grinn cumasach arbh léir ‘a ghrá’ don Ghaeilge'