‘Ní tusa an galar Alzheimer. Níl ann ach go bhfuil galar Alzheimer ort.’

CUIMHNE AGUS DEARMAD: colún míosúil faoi ghalar Alzheimer. Ní hionann na réamhchlaonta a gcaithfidh othair Alzheimer agus daoine LADT aghaidh a thabhairt orthu, ach tá cosúlachtaí eatarthu…

‘Ní tusa an galar Alzheimer. Níl ann ach go bhfuil galar Alzheimer ort.’

Uair sa mhí, tugann síceolaí cuairt ar mo mháthair, duine de na hoibrithe sláinte a choinníonn súil ar mo mham ó deimhníodh, bliain ó shin, go bhfuil galar Alzheimer uirthi. Tharla go raibh mé féin i láthair an uair dheireanach ar tháinig an síceolaí ar cuairt, agus dúirt sí rud éigin a chuaigh i bhfeidhm orm go mór.

‘Ní tusa an galar Alzheimer. Níl ann ach go bhfuil galar Alzheimer ort.’

Tá cuma chomh ciotach chéanna ar an abairt sin san Ísiltíris, teanga mo mháthar, agus atá i nGaeilge. Mar sin féin, thuig mé láithreach bonn céard a bhí i gceist ag an síceolaí.

Fear mise a bhfuil dúil aige i bhfir. Tá sé tugtha faoi deara agam, in imeacht na mblianta, go bhfuil nós ag go leor daoine lipéad a chur orm bunaithe ar mo chlaonadh gnéis. ‘Fear aerach’, ar chúis éigin, an chéad rud a rithfeadh leis na daoine seo, is cosúil, uair ar bith a dtagaimse chun cuimhne.

Ar ndóigh, níl i mo chlaonadh gnéis ach gné amháin de mo phearsantacht (agus go deimhin de phearsantacht aon duine.)

Ar an gcaoi chéanna, níl sa ghalar atá ar mo mháthair ach ceann de na gnéithe a bhfuil tionchar acu – faraor géar sa chás seo – ar phearsantacht mo mham. Máthair í, deirfiúr, ceoltóir, bean a bhfuil dúil aici i ngarraíodóireacht, i rothaíocht, in arán baile, i gcait agus sa sobaldráma EastEnders.

Ach ar an drochuair is minic a chaitear le daoine a bhfuil galar Alzheimer orthu mar a chaitear le daoine LADT, le daoine nach bhfuil dath geal ar a gcraiceann, nó go deimhin le cainteoirí Gaeilge, ar ‘Gaeilgeoirí’ iad i súile an tsaoil mhóir go minic seachas gnáthdhaoine arb í an Ghaeilge a dteanga. Dírítear isteach ar ghné amháin de phearsantacht an duine, tugtar tús áite san aigne choiteann do na réamhchlaonta ar fad a bhaineann leis an tréith sin – agus déantar dearmad gur duine iomlán atá i ngach duine.

In ainneoin go bhfuil líon na ndaoine a bhfuil galar Alzheimer orthu ag dul i méid seasta, tá stiogma ag baint leis an ngalar fós. Bíonn an drogall céanna ar dhaoine roimh othair Alzheimer agus a bheadh roimh dhaoine a mbeadh meabhairghalar eile orthu.

Ar an gcúis sin, ní theastaíonn ó mo mháthair go mbeadh a fhios ag an saol mór go bhfuil galar Alzheimer uirthi (tá a fhios aici go mbím ag scríobh fúithi ar na leathanaigh seo, ach ós rud é nach bhfuil Gaeilge ag a lucht aitheantais, is cuma léi faoi sin.)

Ach de réir mar atá siomptóim an ghalair ag éirí níos feiceálaí, tá sé ag éirí níos deacra ar mo mham iad a cheilt. An meath atá tagtha ar a cumas cainte thar aon rud eile a sceithfeadh a rún. Tá fir ann a mbíonn a fhios agat a luaithe is a osclaíonn siad a mbéal gur fir iad a bhfuil dúil acu i bhfir; ar an gcaoi céanna, tar éis abairte nó dhó, d’aithneofá ar chaint mo mham go bhfuil galar Alzheimer uirthi.

Ach ní hionann sin is a rá nach bhfuil inti anois ach an méid sin – bean a bhfuil Alzheimer uirthi.

Táim fíorbhuíoch den síceolaí as an méid sin a mhíniú di.

Fág freagra ar '‘Ní tusa an galar Alzheimer. Níl ann ach go bhfuil galar Alzheimer ort.’'

  • Róisín Ní Dhushlaine

    Tuiscint álainn agus iomlán ceart. Is fuirist dúinn ar fad géilleadh dos na ‘lipéidí’. Is maith linn daoine eile agus sinn féin a chur i mboscaí beaga, néata. Ach mar a dúirt an Ríordánach “Is mó mé i mise amháin”.

  • Séamus Mac Chonfhormaoile

    Mo cheol thú –
    Táimid níos mó ná suim ár gcodanna