Ní tuar maith i gcónaí iad na torthaí faoi aois – an oíche ar tugadh greadadh uafásach do Chiarraí

Agus Ciarraí agus Corcaigh ag tabhairt aghaidh ar a chéile i gcluiche ceannais faoi-21 na Mumhan anocht, caitheann Tuairisc.ie súil siar ar an gcluiche mór a d’imir siad sa bhabhta céanna cúig bliana ó shin agus ar ar tharla ó shin

Pictiúr: INPHO/Lorraine O'Sullivan
Pictiúr: INPHO/Lorraine O’Sullivan

“Tá  ceart go leor  craobhacha mionúr na hÉireann a bhuachan, ach má ag iarraidh go mbeadh imreoirí ag teacht tríd chuig na sinsir, caithfidh rath a bheith ar d’fhoirne faoi-21.”

Sin a bhí le rá ag Jack O’Connor i rith na seachtaine, fear a bhí ina bhainisteoir ar fhoireann Chiarraí agus Craobh Mhionúir na hÉireann á buachan acu le dhá bhliain anuas, agus atá anois ag iarraidh Craobh faoi-21 na Mumhan a thabhairt ar ais go Ciarraí den chéad uair ó 2008.

Bhí teip fhoirne faoi-21 Chiarraí le roinnt blianta anuas ina chúis imní ach, mar a tharlaíonn sé, níor chuir an easpa ratha sin bac ar imreoirí agus iad ag teacht chun cinn.

Nuair a chaitear súil siar ar theipeanna seo foirne faoi-21 Chiarraí, gan amhras, is í an chailliúint in aghaidh Chorcaí i gcluiche ceannais na Mumhan 2011 an ceann is measa díobh. Tugadh greadadh uafásach d’fhoireann Chiarraí i bPáirc Uí Chaoimh an oíche sin, agus bhí farasbarr 22 pointe, 2-24 in aghaidh 0-8, ag an bhfoireann baile faoin am ar cuireadh deireadh leis an stánáil, an ceann ba mheasa i stair na peile i gCiarraí.

Pictiúr: INPHO/Lorraine O'Sullivan
Pictiúr: INPHO/Lorraine O’Sullivan

Spreag an chailliúint díospóireacht i gCiarraí agus cé go bhfuair daoine lucht áirithe ar an mbainisteoir, John Kennedy, bhí mórán den tuairim nach raibh na himreoirí féin sách maith. Mar a scríobh an t-iriseoir Damian Stack ina thuairisc sa Kerryman, “mura bhfuil na himreoirí sách maith, níl mórán is féidir le bainisteoir a dhéanamh chun é sin a athrú”.

Is iontach an t-aiséirí atá déanta ag imreoirí na foirne sin ó shin, áfach.

Nuair a chas foirne sinsir Chiarraí agus Chorcaí ar a chéile i dTrá an Domhnach seo caite, bhí naonúr ar phainéal Chiarraí a chuaigh chun páirce sa chluiche sin in 2011 – Brian Kelly, Peter Crowley, Mark Griffin, Jonathan Lyne, Barry John Keane, Alan Fitzgerald, Stephen O’Brien, Paul Geaney agus Pa Kilkenny. Sin, gan trácht a dhéanamh ar James O’Donoghue nó Jack Sherwood, atá gortaithe faoi láthair, ach a bhfuil geansaí an chontae caite acu beirt le roinnt blianta anuas agus go deimhin gradam ‘Imreoir na Bliana’ buaite ag O’Donoghue in 2014.

Pictiúr: INPHO/Lorraine O'Sullivan
Pictiúr: INPHO/Lorraine O’Sullivan

Tar éis dóibh an taispeántas iontach sin a thabhairt uathu i gcluiche ceannais an chúige in 2011, measadh Corcaigh a bheith ar cheann de na foirne ab fhearr a bhí ann riamh ag an ngrád faoi-21 ach theip orthu an cluiche ceannais féin a bhaint amach nuair a tháinig Gaillimh aniar aduaidh orthu sa chéad bhabhta eile den chraobh.

Ó shin i leith, ar chúis amháin nó ar chúis eile, ní dhearna na himreoirí céanna chomh maith agus a bhí daoine ag súil.

raibh ach beirt acu, Tomás Clancy agus Mark Collins, ag imirt d’fhoireann na sinsear an deireadh seachtaine seo caite. D’imir Dónal Óg Hodnett i sraith na bliana seo agus gach seans go mbeadh John O’Rourke agus Barry O’Driscoll feicthe againn i mbliana mura mbeadh gortuithe ag cur as dóibh. Ach sin a raibh fágtha ó 2011.

mí-ádh ar Chorcaigh, áfach, nach bhfuil fáil ar thriúr de na himreoirí is fearr a bhí ar an bhfoireann sin in 2011. Bhí Aidan Walsh ar cheann de na himreoirí ab fhearr sa tír ag an am ach tá an cinneadh déanta aige féin agus ag Damien Cahalane, díriú ar an iomáint.

Is fathach a bhí sa tosach Ciaran Sheehan, ach tá seisean anois ag imirt do Carlton san Astráil. Fear eile nach bhfuil fáil air ná an leathchúlaí ar clé, Jamie Wall, atá anois i gcathaoir rothaí tar éis do thinneas é a bhualadh in 2014.

Agus Roinn 1 sa tsraith peile sroichte ag an gCabhán an deireadh seachtaine seo, meastar gurb í an dea-obair atá déanta faoi aois acu is cúis lena bhforás, ach ní tuar maith i gcónaí iad na torthaí faoi aois

Fág freagra ar 'Ní tuar maith i gcónaí iad na torthaí faoi aois – an oíche ar tugadh greadadh uafásach do Chiarraí'