Ní tuar maith é an Comhrialtas a bheith ag cúlú ó ghealltanas faoi thoghcháin Ghaeltachta

Má thugtar cead don rialtas nua a dhul siar ar gheallúint faoi thoghchán Údarás na Gaeltachta, is mór an náire do Mhicheál Martin é ach is mó ná sin an náire dúinne muintir na Gaeltachta agus na Gaeilge má ligtear leo é

Ní tuar maith é an Comhrialtas a bheith ag cúlú ó ghealltanas faoi thoghcháin Ghaeltachta

Ní tuar maith don Ghaeltacht an chaoi a bhfuil an Comhrialtas ag dul siar ar an ngeallúint a tugadh go dtabharfaí deis do mhuintir na Gaeltachta ionadaithe a thoghadh ar bhord Údarás na Gaeltachta.

Gheall Micheál Martin go sollúnta go mbeadh toghchán Údaráis ann dá dtiocfadh seisean agus a pháirtí i gcumhacht. Ní hé amháin sin ach chuir sé an gealltanas i scríbhinn chuig Cumann Forbartha Chois Fharraige agus dúirt sé in agallamh le Tuairisc.ie é.

Fiafraíodh díom le gairid an ndéanadh toghchán an Údaráis mórán maitheasa. Is cinnte go ndéanadh. Mura mbeadh ann ach an chaoi a dtarraingíodh sé aird náisiúnta ar an nGaeltacht an fhad is a bhíodh sé ar bun. Sin agus an díospóireacht a bhíodh i measc an phobail le linn an fheachtais toghchánaíochta agus aríst nuair a bhíodh na vótaí á gcomhaireamh.

Ní dhearnadh dearmad fós ar an tráthnóna ar scuab Seán Ó Neachtain agus Pól Ó Foighil an micreafón den bhord i Raidió na Gaeltachta nuair a bhí an oiread sin díocais orthu ag sárú ar a chéile.

“Bhí an raidió ag damhsa den drisiúr agus mé ag éisteacht leo,” a dúirt éisteoir as an gCeathrú Rua.

An ndéanfar dearmad i gConamara go deo ar an gcomhaireamh a mhair trí lá ar an gCeathrú Rua féachaint an bhféadfaí na hiarrthóirí Pádraig Ó Biadha agus Seán Ó Créabháin a scaradh ó chéile? Ní raibh ach vóta amháin eatarthu i ndeireadh báire.

Gaeilge ar fad a labhairítí lá an chomhairimh. Is cuimhin liom an tríú lá den chomhaireamh stairiúil sin ar an gCeathrú Rua gur chuir Fianna Fáil agus an Páirtí Daonlathach ionadaithe ann le súil a choinneáil ar chúrsaí.

Tháinig bean Fhianna Fáileach as Gaillimh ann – bean a raibh a dóthain féin talún fúithi. Thosaigh sí ag spalpadh Béarla.

Rinne mé féin agóid leis an té a bhí i gceannas ar an gcomhaireamh.

“Sea,” arsa mise “agus tá an Páirtí Daonlathach chomh dona le Fianna Fáil.”

D’iompaigh an fear seo thart agus ar seisean liom “an bhfuil tú ag iarraidh orm an gnó ar fad a dhéanamh trí Ghaeilge? Má tá déanfaidh mé sin.”

An t-abhcóide Luán Ó Braonáin a bhí ann, an breathnadóir a bhí ansin ag an bPáirtí Daonlathach.

An chuid againn a thoghtaí ar Bhord an Údaráis bhíodh ceangal dlúth againn leis an dream a thogh muid. Ba é a thoradh sin go bpléití fadhbanna na Gaeltachta ó thaobh an Údaráis de go minic ar Raidió na Gaeltachta.

D’éirigh linn le himeacht aimsire aguisín a chur le cruinnithe dúnta an Bhoird agus na tuairisceoirí a ligean isteach i gcomhair plé oscailte.

Mo léan géar cuireadh deireadh leis an nós tairbheach sin. Níor fheil sé do dhuine/do dhaoine áirithe go mbeadh deis ag pobal na Gaeltachta éisteacht le rún cáinteach ar bith faoi obair an rialtais a bheith á chraoladh go poiblí.

Tá an cath ar son thoghchán an Údaráis le troid anois aríst.

Seo í an litir a chuir Micheál Martin chuig Cumann Forbartha Chois Fharraige i mí Eanáir seo caite:

Gearóid Ó Fátharta,

Sailearna,

Na hAille,

Indreabhán,

Co. na Gaillimhe

A chara,

Go raibh maith agat as do litir.

Sa mbliain 2012 chuir an rialtas a bhí faoi cheannas Fhine Gael deireadh le toghcháin dhíreacha chuig Údarás na Gaeltachta leis an mBille Gaeltachta.

Tá sé 40 bliain anois ó bunaíodh Údarás na Gaeltachta agus a gcéad chruinnithe.

Má bhíonn Fianna Fáil i gcumhacht tar éis an chéad olltoghcháin eile, leanfaimid ag obair go dúthrachtach chun tacú lenár dteanga dhúchais i gceantair Ghaeltachta agus chun toghchán chuig bord Údarás na Gaeltachta a athbhunú go hiomlán. Tá mo pháirtí agus mé féin lánthiomanta do bhord tofa ar Údarás na Gaeltachta.

Le gach dea-ghuí,

Micheál Martin

Má thugtar cead don rialtas nua a dhul siar ar an ngealltanas seo is mór an náire do Mhicheál Martin é ach is mó ná sin an náire dúinne muintir na Gaeltachta agus na Gaeilge má ligtear leo é.

Fág freagra ar 'Ní tuar maith é an Comhrialtas a bheith ag cúlú ó ghealltanas faoi thoghcháin Ghaeltachta'