Ní tinneas carrthaistil ba chúis leis an masmas orm i nGleann dá Ghrua, ach náire…

AN SAOITHÍN AERÁIDE: colún nua míosúil faoi chúrsaí aeráide. An mhí seo: tá an spleáchas ar charranna in Éirinn fite fuaite leis an ngéarchéim thithíochta

Ní tinneas carrthaistil ba chúis leis an masmas orm i nGleann dá Ghrua, ach náire…

Mí go leith ó shin, nuair a bhí an Saoithín Aeráide ar cuairt in Éirinn, tharla go ndeachaigh sé trí Ghleann dá Ghrua ar an N11, i gcarr le cairde dá chuid a bhfuil cónaí orthu i gcontae Chill Mhantáin, agus tháinig masmas aisteach air. 

Ní tinneas carrthaistil ba chúis leis sin, ach náire.

Bhí an Saoithín Aeráide i nGleann dá Ghrua cheana, fiche bliain roimhe sin, ag deireadh na 1990í. Ba é an chaoi gur iarr cairde (eile) dá chuid air síob a thabhairt dóibh amach chuig campa na n-éicealaochra, nó na eco-warriors mar a déarfaí sa Bhéarla, a bhí ag iarraidh bac a chur ar leathnú an N11 an t-am sin.

Níorbh aon Saoithín Aeráide a bhí sa Saoithín Aeráide sna laethanta sin. Bhí carr aige. Ach ar shroichint Ghleann dá Ghrua dó an lá úd, pháirceáil sé a charr i bhfad ó champa na n-éicealaochra agus shiúil sé féin agus a chairde an chuid eile den bhealach. Bhí drogall nach beag ar an Saoithín Aeráide roimh thuairim an dreama sa champa a bhí á gceangal féin leis na crainn d’fhonn Gleann dá Ghrua a chosaint ó charranna.

Bhí éicealaochra Ghleann dá Ghrua ina gceap magaidh ag go leor daoine eile in Éirinn an t-am sin áfach; ba í tuairim na coitiantachta nach raibh iontu ach scata hipithe nár thuig go raibh géarghá le leathnú an N11.

Fiche bliain níos déanaí, agus ollchliseadh aeráide ag bagairt orainn, is léir go raibh an ceart ar fad ag éicealaochra Ghleann dá Ghrua. Ní hamháin nár cheart an N11 a leathnú riamh, ach is léir gur mithid srian a chur chomh luath in Éirinn agus is féidir lenár spleáchas ar charranna.

Ach mí go leith ó shin agus an Saoithín Aeráide ag dul trí Ghleann dá Ghrua i gcarr a chairde, mheas sé gurbh fhearr a bhéal a choinneáil dúnta faoi na cúrsaí sin. Taitníodh sé leo nó ná taitníodh, tá a chairde agus a mac óg ag brath go huile is go hiomlán ar a gcarranna: níl iompar poiblí ar bith sa bhaile beag i gcroílár shléibhte Chill Mhantáin ina bhfuil siad ina gcónaí. Níl rogha acu ach dochar a dhéanamh don timpeallacht – toisc nach raibh rogha acu ach teach a cheannacht i bhfad ó phraghsanna tithe arda Bhaile Átha Cliath, áit a mbeadh fáil acu ar chóras iompair phoiblí réasúnta. 

In Éirinn, is í an ghéarchéim thithíochta go háirithe is cúis leis an spleáchas ar charranna. Cé gur céim sa treo ceart iad forbairtí nua ar nós Bhaile Adaim agus Chluain Ghrífín ar imeall na hardchathrach a tógadh gar do línte traenach, ní mór aghaidh a thabhairt ar na bunchúiseanna is cionsiocair leis an ngéarchéim thithíochta má theastaíonn ón Rialtas srian a chur leis an aschur CO2.

Cá bhfios nach í an éigeandáil aeráide atá ag bagairt ar an bpláinéad a thabharfadh spreagadh do Rialtas na hÉireann dul i ngleic faoi dheireadh is faoi dheoidh leis an mórfhadhb shóisialta sin?

Fág freagra ar 'Ní tinneas carrthaistil ba chúis leis an masmas orm i nGleann dá Ghrua, ach náire…'