‘Ní thuigim cad tuige ar ceapadh i m’aire Gaeltachta mé, agus bhíodh náire orm’ – Joe McHugh

Deir an tAire Oideachais go mbíonn iarracht á déanamh aige gach lá feabhas a chur ar a chuid Gaeilge ach gur údar ‘náire’ dó go minic a easpa Gaeilge le linn dó a bheith ina aire Gaeltachta

‘Ní thuigim cad tuige ar ceapadh i m’aire Gaeltachta mé, agus bhíodh náire orm’  – Joe McHugh

Tá ráite ag Joe McHugh nach bhfuil a fhios aige cén fáth gur cheap Enda Kenny ina aire stáit Gaeltachta é in 2014.

Bhí conspóid mhór ann nuair a ceapadh McHugh ina aire stáit i Roinn na Gaeltachta den chéad uair toisc easpa Gaeilge a bheith ar fhear Dhún na nGall. Bhí daoine in amhras faoi thionscnamh pearsanta foghlama teanga a bheith á dhéanamh d’aireacht na Gaeltachta.

D’fhógair Enda Kenny, a bhí ina Thaoiseach ag an am, go rachadh McHugh ar “aistear teanga” le linn dó a bheith ina aire stáit don Ghaeltacht, rud a rinne McHugh le flosc agus le fonn ina dhiaidh sin.

Ag labhairt dó le Midlands 103, dúirt McHugh, atá anois ina Aire Oideachais, go mbíonn iarracht á déanamh aige gach lá feabhas a chur ar a chuid Gaeilge ach gur údar “náire” dó go minic a easpa Gaeilge le linn dó a bheith ina aire Gaeltachta.

Dúirt McHugh san agallamh raidió gur iomaí seift a tharraing sé chuige féin agus é ag iarraidh an Ghaeilge a fhoghlaim chomh sciobtha agus a d’fhéadfadh sé. Chinntigh sé, mar shampla, a dúirt sé, go raibh Gaeilge ag a thiománaí stáit agus chuir sé a chuntais ar na meáin shóisialta ag obair i nGaeilge.

Dúirt McHugh, a chaith dhá thréimhse ina aire stáit Gaeltachta, gur chabhraigh go leor daoine leis ar a aistear teanga.

Dúirt sé cheana gur shocraigh sé luath go maith ar a aistear teanga nach ligfeadh sé don fhaitíos an ceann is fearr a fháil air. Labhair sé i dTithe an Oireachtais anuraidh faoin eagla a bhí air in 2014.

“D’fhoghlaim mé focal úr. B’fhéidir gur focal Conamara é – ‘scéin’. An é sin focal faoi choinne ‘fear’ fosta? An ionann é agus ‘eagla’ nó ‘faitíos’? Sin an áit ina raibh mise in 2014. Roimh 2014 bhí eagla orm maidir le botúin a dhéanamh. 

“Nuair a thosaigh mé ar m’aistear féin, tháinig an fhéinmhuinín a bhí agam sa mheánscoil ar ais. Nuair atá an fhéinmhuinín ag duine, tá sé nó sí ar an bhealach ceart. Ní chóir a bheith buartha fádúda an eagla, an scéin ná an faitíos,” arsa an t-iar-aire stáit Gaeltachta.

Fág freagra ar '‘Ní thuigim cad tuige ar ceapadh i m’aire Gaeltachta mé, agus bhíodh náire orm’ – Joe McHugh'

  • Seán Míchaél ó Donnchadha

    Cad is brí le fádúda ?

  • Daz

    Cialaíonn sé “maidir leis” ó thuaidh

  • Colmcille Ó Monacháin

    Ní miste “fadúda” a scríobh i gcolún grinn. Más gnáth-alt nuachta é seo, is “faoi dtaobh de” ba chóir a scríobh.

  • Darren Mag Aoidh

    Go díreach. In áit ceap magaidh a dhéanamh de shaibhreas canúna.

  • Máiread

    Taispáineann Joe Mc Hugh duinn “gur feidir linn”