Ní thuigeann leath den phobal i gceart cén uair is gá féinleithlisiú

De réir turgnaimh a rinne Aonad um Thaighde Iompraíochta an ESRI thuig 88% de dhaoine gur chóir do dhuine atá buailte ag fiabhras nó casacht thirim fanacht glan ar dhaoine eile

Ní thuigeann leath den phobal i gceart cén uair is gá féinleithlisiú

Ní thuigeann leath den phobal gur chóir duit leithlisiú a dhéanamh ort féin má bhíonn comharthaí an fhliú orthu.

De réir turgnaimh a rinne Aonad um Thaighde Iompraíochta an ESRI thuig 88% de dhaoine gur chóir do dhuine atá buailte ag fiabhras nó casacht thirim fanacht glan ar dhaoine eile.

Ach níor thuig ach 49% de dhaoine gur chóir tú féin a leithlisiú chomh maith sa chás go mbíonn ceann de chomharthaí COVID-19 nach bhfuil chomh coitianta sin ort – scornach thinn, pianta colainne nó cráphianta.

Mar chuid den staidéar cuireadh cásanna éagsúla faoi bhráid daoine agus iarradh orthu a dtuairim a thabhairt faoi an dtiocfadh an féinleithlisiú i gceist sna cásanna sin.

Ba mhó daoine a dúirt gur chóir duit fanacht glan ar dhaoine eile sa chás nach raibh aon chomharthaí ort ach go raibh teagmháil agat le duine go raibh sé air, ná mar a dúirt gur chóir duit fanacht  glan ar dhaoine má bhí siomptóim an fhliú ort.

De réir na comhairle sláinte phoiblí ba chóir d’aon duine a bhfuil comharthaí an fhliú air dul i mbun an fhéinleithlisithe, agus fanacht glan ar dhaoine eile.

“Beidh an féinleithlisiú fós ina chuid thábhachtach sa chath in aghaidh COVID-19 sna míonna amach romhainn agus ní foláir go dtuigfeadh daoine cén uair ba cheart dóibh é a dhéanamh,” arsa Pete Lunn, ceann an Aonaid um Thaighde Iompraíochta san ESRI.

Dúirt Lunn gur léirigh staidéar an ESRI go raibh “tuiscint mhaith” ag an bpobal ar an gcomhairle fad is a bhain sé le príomhshiomptóim an Covid-19 ach nach dtuigtear i gceart fós an chomhairle maidir le siomptóim eile.

Mhol lucht an staidéir bealaí éagsúla a bhféadfaí an teachtaireacht phoiblí a chur abhaile ar dhaoine.

Moladh léaráidí simplí agus grafaicí eolais chun an teachtaireacht a scaipeadh.

Deirtear go bhfuil aird á tabhairt anois ag an Roinn Sláine ar thorthaí an staidéir ina bhfeachtas eolais faoin gcoróinvíreas sna meáin shóisialta.

Fág freagra ar 'Ní thuigeann leath den phobal i gceart cén uair is gá féinleithlisiú'