Ní thugann fuilibiliú an Super Bowl insint cheart ar scéal an NFL faoi láthair

Tharlódh sé go mbeidh Super Bowl an Domhnaigh seo chugainn chomh cinniúnach céanna ó thaobh a bhfuil i ndán don chluiche agus a bheidh sé do na Patriots nó do na Eagles

Ní thugann fuilibiliú an Super Bowl insint cheart ar scéal an NFL faoi láthair

Beidh os cionn 100 milliún duine suite os comhair na teilifíse ar fud na Stát Aontaithe, leis féin, Dé Domhnaigh seo chugainn ag breathnú ar Super Bowl idir na New England Patriots agus na Philadelphia Eagles i Minneapolis, ní áirím a mbeidh ina suí go moch maidine in áiteacha eile ar fud na cruinne.

€5 mhilliún an ceann atá NBC a bhaint amach ar fhógraí teilifíse 30 soicind a chraolfar lena linn – níl fanta gan díol acu sin faoi seo ach 10 gcinn. Suimiúil gur ag grúdlanna, lucht déanta deochanna boga atá lán le siúcra agus iad siúd a tháirgeann sceallóga prátaí atá 90% den méid atá díolta ceannaithe, mar aon le comhlachtaí gluaisteán.

Nuair a bhreathnaigh mé ar na suíomhanna a bhíonn ag díol ticéid ar an margadh dubh ar ball beag bhí €2,700 á iarraidh ar an gceann ba shaoire den bheagán a bhí fágtha acu – é i gcúinne den staid a bhí chomh hard sin san aer agus go gcreidfinn go mbeadh paraisiút faoin suíochán.

Ach ní thugann an fuilibiliú agus an tsúgaíl ar fad a bhaineann leis an Superbowl inseacht cheart, chruinn ar scéal an NFL i láthair na huaire. Tar éis don chluiche barr buaice a bhaint amach trí bliana ó shin ó thaobh teacht isteach agus lucht féachana, tá laghdú tagtha ar na figiúirí ó shin agus tharlódh sé go mbeidh coimhlint an Domhnaigh seo chugainn chomh cinniúnach céanna ó thaobh a bhfuil i ndán don chluiche agus a bheidh sé do na Patriots nó do na Eagles.

Séasúr tubaisteach go leor ab ea an séasúr seo caite do lucht eagair an NFL. Laghdú beagnach 19% ar lucht féachana na teilifíse ó bhuaic sin 2015 agus laghdú freisin ar an méid daoine a d’íoc ag geataí na himeartha. Tá an NFL féin sásta gur fhág Toghchán na hUachtaránachta a rian féin air sin. Mar sin is iad figiúirí an tséasúir seo atá ag drannadh lena dheireadh a inseoidh cé mhéad díobh siúd a thug tús áite don mbruíon idir Trump agus Clinton in 2016 atá fillte ar an NFL.

Is údar dóchais dóibh ceart go leor go raibh ardú beag ar an lucht féachana a chonaic cluiche ceannais an AFC idir na Patriots agus na Jaguars Dé Domhnaigh seo caite i gcomparáid le 2016, ach titim níos mó ná sin a bhí ar a líon siúd a chonaic a mhacasamhail san AFC idir Philadelphia agus Minnesota. Sa mullach air sin ní raibh ach 3 chluiche le linn an ghnáthshéasúir in 2017 ar bhreathnaigh os cionn 25 milliún duine air, rud a tharla 10 n-uaire i mbliain an toghcháin.

Ba sa séasúr seo freisin ar ndóigh a tosaíodh “ag feacadh na nglúine” le linn an amhráin náisiúnta a sheinntear sula dtosaíonn cluichí an NFL. Colin Kaepernick a thosaigh é mar agóid in aghaidh bhrúidiúlacht na bpóilíní. Tá roinnt mhaith imreoirí, dubh agus geal, ag tacú leis faoi seo agus mura raibh boladh na polaitíochta ar an ngníomh nuair a tosaíodh á dhéanamh is cinnte go bhfuil anois ó labhair Donald Trump amach go láidir ina choinne.

Measann go leor dá lucht leanúna siúd gur beartas é a mhaslaíonn an tír ina hiomláine agus is dona leo nach bhfuil an NFL ná úinéirí na gclubanna (ar Poblachtánaigh iad a mbunáite) ag déanamh neamhairde dó.

Ach le fírinne is mó i bhfad de bhagairt ar an gcluiche é an cúl atá á thabhairt dó ag an nglúin óg – go minic ar chomhairle nó ar threoir óna dtuismitheoirí atá scanraithe ag an liodán gortuithe inchinne atá tarlaithe d’imreoirí a chleacht an cluiche ag an leibhéal is airde.

In 2013, tar éis dóibh blianta a chaitheamh ag séanadh go raibh ceangal ar bith eatarthu, d’admhaigh an NFL gurbh eachtraí a tharla le linn dóibh a bheith i mbun imeartha ba chúis le gortuithe a bhain de 1,400 dá gcuid imreoirí – cuid acu a raibh lámh curtha ina mbás féin acu, cuid eile a bhí gafa ar an drabhlás agus cuid eile fós nach raibh bonn bán acu, ainneoin airgead mór a bheith saothraithe acu le linn a saol mar imreoirí.

Ceadaíodh ciste billiún dollar le roinnt orthu, ach tá an NFL fós ag tarraingt na gcos agus níl cúiteamh faighte ach ag an deichiú cuid de na peileadóirí nó a muintir – gníomh náireach a bhfuil míchlú go leor tarraingthe aige ar an eagraíocht.

Faitíos roimh ghortuithe den chineál céanna an t-údar is mó a bhfuil laghdú suntasach tagtha anois ar an méid daltaí scoile agus páistí óga a chleachtann an leagan den Pheil Mheiriceánach a bhfuil cead acu a chéile a thaicleáil. Mura n-imríonn tú an cluiche agus tú i d’ógánach is lú an seans go bhféachfaidh tú air agus tú ag dul in aois.

Féach gur ag fir óga idir 18-34 bliain is mó atá a gcúl tugtha do na cluichí a bhíonn ar an teilifís.

Fearacht an tsacair, tharlódh go bhfágann an iomarca de a bheith ar an teilifís go n-éiríonn daoine bréan de leagan Mheiriceá den pheil – ansiúd tá sé ag ESPN ar an Luan, ag CBS ar an Déardaoin agus acusan arís, mar aon le NBC agus Fox ó mhaidin go faoithin Dé Domhnaigh.

Seans gurb in an iomarca ag glúin óg a dteastaíonn a gcuid eolais ar an toirt ón gcuid is mó acu – is fearr leo siúd na buaicphointí nó na scóranna a fheiceáil in achar gairid ar scáileán beag ná uaireanta a chaitheamh os comhair na teilifíse.

Iomarca dúile a bheith acu san airgead a scriosfaidh an NFL dar le fear ar cheart scil éicint a bheith aige san ábhar – úinéir na Dallas Mavericks, Mark Cuban.

Is minic leis an Meiriceánach a bheith deisbhéalach, ach níor chuir Cuban fiacail ann. “Pigs get fat, hogs get slaughtered. And they are getting pretty hoggy,” a deir sé.

Fág freagra ar 'Ní thugann fuilibiliú an Super Bowl insint cheart ar scéal an NFL faoi láthair'

  • Breandán

    Agus tháinig na reiteorí i gcabhair ar na Patriots san cluiche sin in aghaidh na Jags.Scéal náireach eile,ach in ainneoin sin,cén fath a bhfuil mé chomh tógtha leis an gcluiche?