Ní thiocfaidh feabhas ar chás na tuaithe go mbunaítear Conradh na Tuaithe, gluaiseacht phobail

Is breá le daoine nach bhfuil aon mheas acu ar na ceantair thuaithe ach mar ionaid saoire, a bheith ag tabhairt le tuiscint gur pobal uirbeach is mó atá i bPoblacht na hÉireann anois

Ní thiocfaidh feabhas ar chás na tuaithe go mbunaítear Conradh na Tuaithe, gluaiseacht phobail

An tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail Michael Ring. Pictiúr: INPHO/Gary Carr

Ní chuirfeadh sé aon iontas orm dá mbeadh an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail Michael Ring ag gearradh fiacla le fearg agus é ag breathnú ar Phat Spillane ar an Late Late Show an oíche faoi dheireadh. Ag ithe agus ag gearradh a bhí Spillane ar an Rialtas faoin easpa tuisceana atá acu ar fhadhbanna na tuaithe agus faoina laghad is atá siad a dhéanamh leis na fadhbanna sin a leigheas.

Rinne sé cáineadh faoi leith ar Ring.

Ba é Pat Spillane a bhí ina chathaoirleach ar choiste a chuir an rialtas ar bun le moltaí a dhéanamh a d’fheabhsódh cás na tuaithe. Mhol an Coiste sin go gceapfaí Aire Tuaithe. Is é Michael Ring a ceapadh.

Fágadh Pat Spillane ina ‘ambasadóir tuaithe’ ó shin ach tá scéal faighte anois aige ón rialtas nach dteastaíonn a chabhair níos faide. Ní nach ionadh, tá cloch sa mhuinchille aige do Ring dá bharr sin.

Rinne Pat Spillane leas mór le linn dó a bheith ina chathaoirleach ar an gcoiste rialtais nuair a thug sé sainmhíniú beacht ar céard is ceantar tuaithe ann. Is breá leis na Tráchtairí Móra, nach bhfuil aon mheas acu ar na ceantair thuaithe ach mar ionaid saoire, a bheith ag tabhairt le tuiscint seasta síoraí gur pobal uirbeach is mó atá i bPoblacht na hÉireann anois.

Rinne Spillane spior spear den argóint sin nuair a mhínigh seisean gur pobal tuaithe sinne ar fad atá inár gcónaí taobh amuigh de na cathracha.

Tá neart bailte taobh amuigh de na cathracha cinnte ach is bailte tuaithe iad. Ar na ceantair thuaithe timpeall orthu is mó a bhí siad ag brath chuile lá riamh.

Fiú amháin an tAire Michael Ring féin is cosúil go dtuigeann sé an méid sin. Níl sé i bhfad ó bhí sé ar chlár raidió ag déanamh gaisce as an dul chun cinn atá á dhéanamh in áiteanna éagsúla ar fud na tíre agus ag bréagnú go bhfuil an tuath ag fáil bháis. Thug sé mar shampla comhlacht Allergan i gCathair na Mart.

Is deacair a rá mar sin féin go bhfuil staidéar domhain déanta ag Pat Spillane ar bhunfhadhbanna na tuaithe. Shílfeá go bhfuil sé ag éisteacht rómhór leis na daoine atá ag rá go bhfuil cuid mhaith den locht ar mhuintir na tuaithe féin faoin mbánú atá ag tarlú.

Tugann na daoine seo seanmóirí leanúnacha dúinn faoin ‘dualgas’ atá orainn ár gcuid siopadóireachta a dhéanamh sna siopaí beaga is gaire dhúinn agus leas níos mó a bhaint as an oifig phoist áitiúil.

Argóint gan mórán bunúis í sin: ó thaobh siopadóireachta de ní milleán ar bith ar an gcustaiméir a dhul san áit is fearr a bhfuil margadh le fáil, bíodh sin i siopa ar cholbha an bhaile mhóir, in Aldi nó i Lidl. Tá margaí maithe le fáil ar an idirlíon freisin ach córas leathanbhanda a bheith agat.

Sin é an buille, ar ndóigh: dá mbeadh córas éifeachtach leathanbhanda i chuile áit, bóithre maithe, córas iompair áitiúil agus, thar rud ar bith eile, postanna buana a d’íocfadh pá cóir níor ghá a bheith ag brath ar an siopa beag ná ar oifig an phoist leis na ceantair thuaithe a choinneáil beo.

Níor mhór do Phat Spillane staidéar a dhéanamh ar na pointí seo a leanas:

  1. Go bhfuil an córas cumhachta is láraithe san Eoraip againn, rud a chiallaíonn nach mbíonn i gcruinniú Comhairle Contae ach cumann díospóireachta.
  2. Go bhfuil an deontas céanna le fáil ag tionsclóir i mBaile Átha Cliath agus a gheobhadh an té a bhunódh tionscal sa Daingean.
  3. Gurb iad maorlathaigh Aontas na hEorpa atá ag rialú na tíre le fírinne agus nach bhfuil ach Dia amháin acusan, Dia an mhargaidh.

Ní mian liom scéal an ghamhna bhuí a dhéanamh de ach creidim go daingean nach dtiocfaidh feabhas ceart ar chás na tuaithe go mbunaítear gluaiseacht phobail, Conradh na Tuaithe. Gluaiseacht a bheadh inti a réiteodh sraith éileamh a rachadh go bun an angair. Thoghfaidís deichniúr Teachtaí Dála leis an gclár oibre a chur i bhfeidhm nuair a bheadh cothromaíocht na cumhachta acu sa Dáil.

D’fhéadfadh páirt thábhachtach a bheith ag Pat Spillane ina leithéid d’iarracht ach níl aon suim aige a bheith ina iarrthóir i dtoghchán a dúirt sé ar an Late Late Show.

B’fhéidir nach bhfuil ach bheadh neart oibre le déanamh taobh amuigh den Dáil ina leithéid de ghluaiseacht freisin.

Fág freagra ar 'Ní thiocfaidh feabhas ar chás na tuaithe go mbunaítear Conradh na Tuaithe, gluaiseacht phobail'