Ní thiocfaidh ‘aon ardú suntasach’ ar líon na ndíolúintí ón nGaeilge faoin gcóras nua – an Roinn Oideachais

Is cosúil ón ráiteas is déanaí ón Roinn Oideachais faoi chóras nua na ndíolúintí nach bhfuil sé curtha as an áireamh acu gur ardú ar líon na ndíolúintí ón nGaeilge an toradh a bheidh ar chritéir nua

Ní thiocfaidh ‘aon ardú suntasach’ ar líon na ndíolúintí ón nGaeilge faoin gcóras nua – an Roinn Oideachais

Tá ráite ag an Roinn Oideachais nach bhfuil aon fhianaise acu go dtiocfaidh “ardú suntasach” ar líon na ndaltaí a fhaigheann díolúine ón nGaeilge faoin gcóras nua díolúintí.

Nuair a tugadh an córas nua isteach ag tús na scoilbhliana seo, mhaígh an Roinn go gcinnteodh na leasuithe gur rud “annamh” agus “eisceachtúil” a bheadh i ndíolúine ón nGaeilge feasta.

Ach mhaígh saineolaithe oideachais éagsúla gur a mhalairt a tharlódh agus gurbh amhlaidh go dtiocfadh ardú ar líon na daoine a fhaigheann díolúine faoin gcóras nua.

Is cosúil ón ráiteas is déanaí ón Roinn nach bhfuil sé curtha as an áireamh anois acu féin go dtiocfaidh ardú éigin ar líon na ndíolúintí a cheadaítear.

Dheimhnigh urlabhraí ón Roinn do Tuairisc.ie go bhfuarthas “líon mór” fiosrúchán ó scoileanna agus tuismitheoirí faoin gcóras nua nuair a tugadh isteach é ach dúirt sé go raibh laghdú suntasach tagtha ar líon na bhfiosrúchán ó shin.

Dúirt sé gur bhain go leor de na fiosrúcháin le cérbh iad na scrúduithe a bhí bailí sa chás go mbeadh díolúine á lorg bunaithe ar dheacrachtaí foghlama. I gcásanna eile is ar thóir soiléirithe faoin gcóras nua a bhí an lucht fiosraithe, a dúirt urlabhraí na Roinne.

Dúirt sé nach bhféadfaí a rá cé mhéad fiosrúchán a bhí faighte ag an Roinn ó tugadh isteach na ciorcláin nua ach go bhfuarthas iad sa phost, ar ríomhphost agus ar an bhfón. 

Ceann de na hathruithe a tugadh isteach faoin gcóras nua nach bhfuil aon ghá feasta le tuairisc shíceolaíochta a chur isteach mar thacú le hiarratas ar dhíolúine.

Anuas air sin, beidh cead díolúine ag dalta sa chás go mbíonn scór caighdeánach ag an 10ú peircintíl nó faoina bhun aige ar thriail scoite i léamh focal nó i léamhthuiscint nó litriú. Deirtear chomh maith nach ceadmhach do dhalta óg díolúine a fháil ón nGaeilge ach amháin sa chás go bhfuil sé i rang a dó ar a laghad agus deacrachtaí “suntasacha” foghlama le tamall maith aige.

Tá sé i gceist ag an Roinn athbhreithniú a dhéanamh ar an gcóras nua tar éis dhá bhliain.

Fuair 11% de dhaltaí Ardteiste 2019 díolúine ón nGaeilge.

58,787 a rinne scrúduithe na hArdteiste i mbliana agus fuair 6,464 acu sin díolúine ón nGaeilge faoin gcóras a bhfuarthas réidh leis i dtús na scoilbhliana seo.

De réir shlat tomhais na Roinne Oideachais 40% de na díolúintí a cheadaítí roimhe seo a bhí ‘mícheart’, rud a d’fhágfadh go raibh díolúine ‘mícheart’ ag nach mór 2,600 dalta Ardteiste i mbliana.

Dar le lucht Lárionad Taighde DCU um Fhoghlaim agus Teagasc na Gaeilge, cur chuige i bhfad “róscaoilte” atá sa chóras nua.

Deir saineolaithe an ionaid taighde go bhféadfaí cás a dhéanamh gur chóir díolúine a thabhairt do 2-3% de dhaltaí, ach thairis sin nach bhfuil aon fhianaise ann gur chun tairbhe dalta le riachtanais speisialta díolúine ón nGaeilge.

Ar na saineolaithe sin tá an tOllamh Pádraig Ó Duibhir a mhaíonn nach bhfuil aon bhunús oideachais nó eolaíochta leis an gcóras nua.

Dúirt urlabhraí na Roinne Oideachais le Tuairisc.ie go raibh “soiléireacht” anois ann faoi cathain a cheadaítear díolúine de thoradh na gciorclán nua.

Dúirt sé gurb amhlaidh go raibh an córas nua bunaithe ar riachtanais an dalta seachas ar chur chuige diagnóiseach catagóireach. 

D’iarr saineolaithe oideachais ar choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán le déanaí go n-iarrfaí ar an Roinn Oideachais agus Scileanna na ciorcláin a tharraingt siar. 

Dúirt Pádraig Ó Duibhir gur beag seans go dtarlódh sin ach go gcaithfí ar a laghad dianmhonatóireacht a dhéanamh ar an gcóras nua. Dúirt sé ag an gcruinniú den choiste Oireachtais gurb í teachtaireacht “tromchúiseach” an chórais nua

“gur rud breise í an Ghaeilge, do dhaoine atá éirimiúil, go bhfuil sí deacair a fhoghlaim agus nach mbaineann sí ach le daoine áirithe”.

Ag an gcruinniú céanna dúirt an Dr Máirín Nic Eoin gurb í ceist na sainriachtanas foghlama an t-údar “imní” is mó.

“An t-ábhar imní is mó atá orainn ná faoi na rialacha nua, ina gcás siúd go gcuirfidh siad céatadán níos mó daltaí ná riamh sa chatagóir sin agus go gcuirfear éileamh ar dhíolúintí in áit éileamh ar thacaíochtaí breise foghlama.

“An bhunfhadhb a bhaineann le córas na ndíolúintí ná go bhfuil sé tar éis nasc an-láidir a chruthú in aigne an phobail, agus go háirithe in aigne tuismitheoirí, idir díolúintí agus leas páistí.” 

Fág freagra ar 'Ní thiocfaidh ‘aon ardú suntasach’ ar líon na ndíolúintí ón nGaeilge faoin gcóras nua – an Roinn Oideachais'

  • Daor Mac an tSaoir

    Tá sé ráite agam cheana ach déarfaidh mé arís é. Is beag rud ar an domhain mór is measa agus is lú orm ná roinn an oideachais. Ní fhéadfá tír ar bith ar domhain a aimsiú a mbeadh córas ní ba mheasa i bhfeidhm inti. Is náire mhór don tír agus don Aontas Eorpach é go gceadaítear a leithéid de rialacha seafóideacha agus amaideacha. Shílfeá nach bhfaca siad riamh páistí ar a mhéid is atá de mhíthuiscint acu ar a leas.
    Ní ag cáineadh múinteoirí na hÉireann atá mé ach an dream uafásach náireach sin atá i mBaile Átha Cliath agus na beartais seo á socrú acu