Ní thig leis an ngobadán an dá thrá a fhreastal

Tá cuid d'imreoirí na Creathlaí ón gClár ag iarraidh peil agus iomáint a imirt dá gclub faoi láthair agus tá ag eirí go geal leo. Ach scéal eile ar fad é ag an leibhéal idirchondae. Mar a deireann an seanrá Rúiseach ‘an madra a théann i ndiaidh dhá choinín, caileann sé an dá cheann'.

 

Podge Collins, ©INPHO/Cathal Noonan
Podge Collins, ©INPHO/Cathal Noonan

Ta sé dian ar na himreoirí contae atá ag imirt an t-am seo den bhliain leis an gclub mar ní fhaigheann siad aon bhriseadh in aon chor.

Tá sé thar a bheith dian ar imreoirí na Creathlaí ón gClár atá ag déanamh iarrachta an dá thrá a fhreastal. Nó an bhfuilim pas beag ródhiúltach á rá sin?

An ceart dom a rá go bhfuil sé go hiontach don chlub beag seo bheith mar sheampíní peile agus iománaíochta i gcraobh shinsear an chontae agus iad anois ag déanamh iarrachta an dá chraobh i gcúige Mumhan a thabhairt leo?

Gan dabht, is éacht aon chraobh shinsear a bhuachaint in aon chontae ach tógann sé scata imreoirí speisialta chun dhá chraobh a chur i dtoll a chéile.

Gan amhras is foireann speisialta é seo. Bronnadh gradaim Réalta Uile-Eireann san iomáint ar thriúr acu anuraidh . Lé déanai d’fhógair duine den triúir sin, Pádraig ‘Podge’ Collins  nach mbeadh sé ag imirt iománaíocht sinsir contae i 2015 .

An Domhnach beag seo, tiocfaidh Sáirséalaigh Dhúrlais Éile ó Thiobrad Árann go Páirc Uí Chíosóig in Inis chun tabhairt faoi fhir na Creathlaí.

An Domhnach ina dhiaidh sin, beidh siad ag caitheamh na gcamán uathu chun aghaidh a thabhairt ar an Nire, Port Láirge, sa chaid.

Dheineas an beart céanna le mo chlub Naomh Fionbarra i gCorcaigh ag tosach na n-ochtóidí. Agus creid é nó ná creid, bhuamar an dá chraobh cúige agus chuamar ar aghaidh go dtí craobhchomórtais na hÉireann.

Sna laethanta sin, níor imríodh an dá chraobh ar an lá céanna.

Faraor, chailleamar an ceann iomána agus d’éirigh linn an ceann peile a thabhairt linn don dara bliain i ndiaidh a chéile.

Dar ndóigh, bhí se indéanta sna laethanta sin an dá spórt a imirt le do chlub agus tá sé indéanta fós ach ní dóigh liom gur féidir an rud céanna a rá faoi fhoirne idirchontae.

Anuraidh i gCorcaigh, rinne Aidan Walsh, Eoin Cadogan agus Damian Calahane iarracht an dá thrá a fhreastal ach tar éis na mbeart, caithfear a admháil gur theip ar an iarracht.

Rinne Lee Chin iarracht leis an dá chód a imirt agus bhí ar éirí as an bpeil.

I mBaile Átha Cliath, rinne an bainisteoir peile Jim Gavin an cinneadh do na himreoirí.

Níl sé ag tabhairt aon rogha dóibh.

Peil idirchontae nó faic.

Labhair bainisteoir iomána an Chláir, Davy FitzGerald, amach faoi seo i mbliana chomh maith.

Ceapann sé nach féidir an dá chód a imirt, caighdeán ard a bhaint amach agus fanacht ag an leibhéal sin.

Agus is dócha gur cheap sé go rachadh réalta an dá spórt leis an bhfoireann iomána ach, ar an drochuair (go dtí seo, pé scéal é), tá Podge Collins agus Cathal McInerney chun dul ag imirt peile amháin i 2015.

Go pearsanta, ceapaim nach féidir an dá spórt a imirt ar ardchaighdeán.

Tá an iomad cluichí agus traenála i gceist agus tá an caighdéan thar a bheith ard sa lá atá inniu ann.

Mar a deireann an seanrá Rúiseach  ‘an madra a théann i ndiaidh dhá choinín, caileann sé an dá cheann’. A dhóthain ráite.

Fág freagra ar 'Ní thig leis an ngobadán an dá thrá a fhreastal'