Ní thabharfar ‘seic bán’ do Gerry Adams le ‘leithcheal a dhéanamh’ ar dhaoine gan Ghaeilge — Swann

Dúirt Gerry Adams inné nach ndéanfar feidhmeannas Stormont a athbhunú d’uireasa Acht Gaeilge. Dúirt sé go gcaithfeadh Acht Gaeilge a bheith ina bhunchloch le haon fheidhmeannas nua i Stormont

Ní thabharfar ‘seic bán’ do Gerry Adams le ‘leithcheal a dhéanamh’ ar dhaoine gan Ghaeilge — Swann

Robin Swann.

Ní thabharfaidh an UUP “seic bán” do Gerry Adams le “leithcheal” a dhéanamh ar dhaoine gan Ghaeilge, a deir ceannaire an pháirtí aontachtaigh, Robin Swann.

Mhaígh Swann go bhfuil na dualgais a leagtar síos i gComhaontú Aoine an Chéasta comhlíonta anois agus go gcaithfear meas agus comhionannas a thabhairt do gach pobal. Chuir sé i leith cheannaire Shinn Féin go bhfuil an stair á “hathscríobh” aige agus go bhfuil sé in am ag Adams “fíricí a úsáid”.

“Is cuma cé mhéad uair a thugann sé a mhalairt le fios, comhlíonadh na dualgais maidir leis an nGaeilge a leagadh amach i gComhaontú Bhéal Feirste. Níor thug muid aon gheallúint maidir le hAcht Gaeilge. Má chreideann Gerry Adams go ndearna daoine eile geallúintí eile i gcomhaontuithe eile, ba cheart dó an cheist a tharraingt aníos leo sin.

“Ba cheart an Ghaeilge a dhípholaitiú, agus mar sin, murab ionann agus páirtithe eile, ní bheidh seic bán á thabhairt againne do Gerry Adams le leithcheal a dhéanamh ar dhaoine gan Ghaeilge, do chomharthaíocht dhátheangach ar gach sráid agus bóthar i dTuaisceart Éireann, ná le cumhacht a thabhairt do choimisinéir an dlí a chur ar dhaoine nach gcloíonn le diktat Shinn Féin.

“Bhí díomá orm a fheiceáil go raibh daoine eile ag ligean do Gerry Adams a bheith mar urlabhraí thar a gceann inniu. Creidim gur cheart comhionannas agus meas a thabhairt do gach pobal agus nár cheart focail a úsáid le pobal ar leith a bhriseadh,” a dúirt Swann.

Dúirt Gerry Adams inné nach ndéanfaí feidhmeannas Stormont a athbhunú d’uireasa Acht Gaeilge. Dúirt sé go gcaithfeadh Acht Gaeilge a bheith ina bhunchloch le haon fheidhmeannas nua i Stormont.

Léirigh ionadaithe ó chúig pháirtí a dtacaíocht don éileamh ar Acht don Ghaeilge amháin ag ócáid i mBéal Feirste inné: Paula Bradshaw MLA (Alliance), Steven Agnew MLA (Green Party), Gerry Carroll MLA (PBP), Nicola Mallon MLA (SDLP), Gerry Adams TD (Sinn Féin).

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Abhcóideachta, Conradh na Gaeilge go bhfuil tacaíocht don éileamh ar Acht Gaeilge léirithe ag an bpobal, ag na páirtithe, ag Rialtas na hÉireann, ag Comhairle na hEorpa, ag na Náisiúin Aontaithe agus ag an gCoimisiún um Chearta an Duine Thuaisceart Éireann.

“Tá pobal na Gaeilge ag fanacht rófhada le comhlíonadh an ghealltanais a tugadh dúinn ag Cill Rímhinn – inniu seasann muid le chéile d’athrú ceart. Acht Anois,” a dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin.

Fág freagra ar 'Ní thabharfar ‘seic bán’ do Gerry Adams le ‘leithcheal a dhéanamh’ ar dhaoine gan Ghaeilge — Swann'