Diúltú do mholadh go dtabharfaí faoiseamh cánach do chomhlachtaí as fógraíocht a dhéanamh i nGaeilge

D’iarr an Teachta Dála Gaeltachta Pearse Doherty ar an Aire Airgeadais fiosrúchán a dhéanamh féachaint ar chóir lacáiste cánach a chur ar fáil do chomhlachtaí a chuireann pacáistiú Gaeilge ar a gcuid táirgí

Diúltú do mholadh go dtabharfaí faoiseamh cánach do chomhlachtaí as fógraíocht a dhéanamh i nGaeilge

Tá diúltaithe ag an Aire Airgeadais do mholadh go dtabharfaí faoiseamh cánach do chuideachtaí a dhéanann méid áirithe fógraíochta i nGaeilge.

Bhí an tAire Noonan ag freagairt ceist ón Teachta Dála Gaeltachta Pearse Doherty, a d’fhiafraigh de an mbeadh sé sásta a mhachnamh a dhéanamh ar fhaoiseamh cánach do chomhlachtaí a dhéanfadh fógraíocht i nGaeilge.

Dúirt an tAire Michael Noonan sa Dáil go mbíonn cuideachtaí i dteideal asbhaintí i gcoinne brabúis i leith caiteachais ioncaim agus go n-áirítear an fhógraíocht sa chaiteachas sin. Níl sé i gceist aige faoiseamh cánach a thabhairt isteach do chomhlachtaí a dhéanfadh fógraíocht sa Ghaeilge, a dúirt sé.

D’fhiafraigh an Teachta Dála de chuid Shinn Féin Pearse Doherty den Aire an mbeadh sé “sásta fiosrúchán a sheoladh ar cé acu ar chóir lacáiste cánach a chur ar fáil do chuideachtaí a dhéanann méid áirithe fógraíochta i nGaeilge”. Ba chóir a leithéid a dhéanamh, a dúirt Doherty, “ó tharla go n-aontaíonn tromlach na tíre seo gur chóir lipéadú dátheangach a spreagadh agus ó tharla gur féidir leis an nGaeilge cur le forbairt eacnamaíochta na tíre”.”

Dúirt an tAire Noonan go bhfuil na srianta ar an gcaiteachas ar cháin chorparáide in Éirinn dírithe ar “chruthú postanna agus ar réimsí nuálaíochta” agus go ndéantar measúnú orthu go rialta lena chinntiú “go bhfuil luach ar airgead á fháil ag an gcáiníocóir”.

Tá dlí i bhfeidhm i gCeanada a chinntíonn go mbíonn lipéadú dátheangach, ag leibhéil éagsúla, ar gach táirge a dhéantar sa tír sin agus ar gach táirge a dhíoltar ann. De réir an Achta um Phacáistiú agus Lipéadú, caithfidh “buneolas” faoin táirge a bheith i mBéarla agus i bhFraincis ach amháin i gcásanna áirithe, de réir mar a leagtar amach san Acht sin iad.

De réir dlí na hEorpa, caithfidh lipéid ar chógais agus ar tháirgí eile leighis a bheith i dteangacha oifigiúla an Stáit, ach rialaigh an Ard-Chúirt ceithre bliana ó shin in aghaidh Pheadair Thomáis Mhic Ruairí, a thug cás in aghaidh an Stáit mar gheall ar an easpa Gaeilge ar phacáistiú leighis sa tír seo.