‘Ní teanga í an Ultais’ – raic idir páirtithe aontachtacha faoi reachtaíocht Ghaeilge

Dúirt ceannaire an DUP inniu go dtabharfaidh sé isteach reachtaíocht don Ghaeilge a luaithe agus is féidir

‘Ní teanga í an Ultais’ – raic idir páirtithe aontachtacha faoi reachtaíocht Ghaeilge

Edwin Poots . Pictiúr: Sam Boal / RollingNews.ie

Tá aighneas idir páirtithe aontachtacha faoin reachtaíocht Ghaeilge ar gheall ceannaire an DUP Edwin Poots inniu go dtabharfaí isteach í.

Tá béim á leagan ag an DUP ar an scéala gur cuid de phacáiste reachtaíochta níos leithne an reachtaíocht teanga seachas acht don Ghaeilge amháin, mar a bhí á éileamh ag lucht feachtais.

Ach deir ceannaire an TUV, Jim Allister go bhfuil Edwin Poots i ndiaidh “géilleadh go bog” d’éileamh Shinn Féin faoin teanga agus gur acht Gaeilge a bheidh ann, bíodh an Ultais agus cúrsaí cultúir mar chuid den reachtaíocht nó ná bíodh.

Dúirt Allister gur “cúis mhagaidh” atá sa soláthar don Ultais sa reachtaíocht atá geallta sa chomhaontú Ré Nua, Cur Chuige Nua.

“Cúis mhagaidh is ea an Ultais fad is a bhaineann sé leis an reachtaíocht seo. Ní teanga an Ultais sa chiall atá againn leis sin. Go bunúsach cultúr atá i gceist, agus ó thaobh cúrsaí teanga canúint is ea í.

“Beidh reachtaíocht Ghaeilge ann. Is cuma liom cad a thabharfaidh siad uirthi, a bhfuil inti atá tábhachtach. Aon duine ar suim leo dáiríre cultúr na hUltaise ní ghéillfidh siad do reachtaíocht Ghaeilge ar mhaithe le cúpla ‘milseán’ a fháil don Ultais.

“Aon duine a léann an reachtaíocht tuigfidh sé cá bhfuil cothromaíocht na cumhachta sa chás seo. Cleas atá ann agus cuireann sé brón orm go bhfuil ceannaire nach gcuireann aon troid suas déanta d’Edwin Poots chomh tapa sin.”

Mhaígh Jim Allister gurb é an toradh a bheadh ar an reachtaíocht ná Coimisinéir Teanga a bhrúfadh an Ghaeilge ar dhaoine ar fud an Tuaiscirt.

Dúirt an ball tionóil de chuid an DUP Paul Givan nach acht neamhspleách don Ghaeilge amháin a bhí geallta agus nach raibh sé cruinn a leithéid a mhaíomh.

“Tá trí shnáithe ó thaobh an chultúir sa chreatlach atá leagtha amach i  New Decade, New Approach. Baineann ceann acu le hoifig a bhunú a bheidh ag plé le cúrsaí féiniúlachta. Ansin tá gné na Gaeilge ann, agus ansin tá gné na hUltaise agus féiniúlacht na Breataine ann.

“Ní bheidh aon acht ar leith don Ghaeilge amháin ann pé uair a éireoidh linn na hathruithe seo a chur dínn.”

Tá iarrtha ag Sinn Féin ar cheannaire an DUP Edwin Poots beart a dhéanamh de réir a bhriathair agus gníomhú maidir leis an reachtaíocht Ghaeilge a thabhairt isteach.

Thug an LeasChéad-Aire Michelle O’Neill le fios go mbeadh an reachtaíocht don Ghaeilge mar dhlúthchuid d’aon mhargadh a dhéanfaí faoi roinnt na cumhachta le Edwin Poots agus a airí nua.

Ní raibh sí sásta a rá an ndiúltódh Sinn Féin leaschéad-aire a ainmniú mura bhfaighfí gealltanas cinnte faoin reachtaíocht Ghaeilge.

Deir Sinn Féin go gcaithfear an reachtaíocht don Ghaeilge a thabhairt isteach i dtréimhse seo an Tionóil.

Dúirt ceannaire an DUP Edwin Poots inniu go dtabharfaidh sé isteach reachtaíocht don Ghaeilge chomh sciobtha agus is féidir.

Údar dóchais a bheidh i gcaint Poots don lucht feachtais atá ag éileamh le fada go dtabharfaí isteach reachtaíocht don Ghaeilge, mar atá geallta i gcomhaontuithe éagsúla.

Dúirt sé go raibh sé ag iarraidh dlús a chur le comhlíonadh na ngealltanas go léir atá déanta sa chomhaontú, Ré Nua, Cur Chuige Nua, an comhaontú faoinar athbhunaíodh Stormont in 2020.

Déarfaidh sé an méid sin le pé duine a ainmneoidh sé mar Chéad-Aire, a deir Poots.

“Táimid breá sásta na leasuithe faoi chúrsaí cultúir a dhéanamh ar Acht 1998 agus cuirfimid dlús leo a luaithe agus is féidir,” arsa ceannaire an DUP.

Gealladh sa chomhaontú Ré Nua, Cur Chuige Nua go dtabharfaí an reachtaíocht Ghaeilge isteach mar chuid de ‘phacáiste’ a dhéanfadh leasú ar an reachtaíocht atá ann cheana féin.

Cé nach acht teanga don Ghaeilge amháin, mar a bhí á éileamh ag lucht feachtais, atá sa phlean, tá roinnt beartas don Ghaeilge geallta ann, ina measc stádas oifigiúil don teanga. Bheadh stádas oifigiúil ag an Ultais chomh maith.

Dúirt ceannaire an SDLP Colum Eastwood má bhí rogha le déanamh idir an rialtas díláraithe agus an Ghaeilge go gcaithfeadh Sinn Féin an rialtas díláraithe a roghnú. Dúirt sé nach raibh na Tóraithe chun aon rud a dhéanamh ar mhaithe leis an nGaeilge ná na rudaí eile atá ag déanamh scime do phobal an Tuaiscirt.

Fág freagra ar '‘Ní teanga í an Ultais’ – raic idir páirtithe aontachtacha faoi reachtaíocht Ghaeilge'

  • NeilDC

    Masla ollmhór don dteanga Ghaeilge an stádas céanna a thabhairt don ultais nusir nach bhfuil ach Béarla bacach na bplandálaithe.