Ní téacs beannaithe é Comhaontú Aoine an Chéasta

Ní hamháin gur fhág múnla Stormont blas an tseicteachais ar an gcóras ach rinne sé neamhaird de chearta na mionpháirtithe a ghlac leis an lipéad ‘eile’

Ní téacs beannaithe é Comhaontú Aoine an Chéasta

Níl cúis ar bith nach ndéanfaí athbhreithniú ar Chomhaontú Aoine an Chéasta nó ar na socruithe i sraith a haon de faoi chóras Stormont. Bhí forálacha le haghaidh athscrúduithe ar choinníollacha ina gcuid lárnach den Chomhaontú ach is beag a rinneadh fúthu cé is moite den réiteach ag comhdháil Chill Rímhinn a d’aistrigh cumhacht áirithe ó na Teachtaí Tionóil chuig an dá mhórpháirtí.

Ní inné ná inniu a chonacthas laigí an chórais. Bhí na heasnaimh soiléir ón tús ach, i bhfianaise na staire i dTuaisceart Éireann, glacadh leis go raibh sé riachtanach gur idir aontachtaithe agus náisiúnaithe a roinnfí an chumhacht. Níor fíoraíodh í ach ba í aisling na n-ailtirí go gcothófaí páirtnéireacht agus comhoibriú, a chinnteodh de réir a chéile nach mbeadh gá le creatlach an dá thraidisiún in Stormont.

Ní hamháin gur fhág an múnla sin blas an tseicteachais ar an gcóras ach rinne sé neamhaird de chearta na mionpháirtithe a ghlac leis an lipéad ‘eile’. Ina measc sin i 1998 bhí Alliance agus Cónaidhm na mBan; tháinig páirtithe amhail an Comhaontas Glas agus Pobal seachas Brabach chun tosaigh le himeacht aimsire.

Ag an tús bhí deis ag lucht ‘eile’ chomh maith leis na Teachtaí go léir vótáil i bhfabhar nó in aghaidh na n-ainmniúchán do na chéad agus leaschéad-aireachtaí. Thiocfadh an chéad-aire ón mbloc ba mhó agus an leaschéad-aire ón mbloc ba mhó ar an taobh eile. Tar éis mhargadh Chill Rímhinn bhí an phribhléid sin ag an dá pháirtí ba mhó, an DUP agus Sinn Féin. D’fheil an toradh don DUP go dtí toghchán na bliana seo nuair a bhí Sinn Fein chun tosaigh orthu. Murach an t-athrú a rinneadh i gCill Rímhinn bheadh aontachtaithe i dteideal na chéad-aireachta sa Bhealtaine seo caite mar bhí an bloc aontachtach ní ba mhó ná an ceann náisiúnach.

B’fhada aontachtaithe ag moladh comhrialtais ar bhonn deonach ach maíonn roinnt san DUP anois nach bhfuil sa chaint sin ach iarracht chun iadsan a choinneáil amach agus riail an mhóraimh a úsáid ina n-aghaidh. Ní nach ionadh teastaíonn ó Alliance go leasófaí na rialacha ionas go mbeidh siadsan i dteideal céad-aireacht nó leaschéad-aireachta ach an uimhríocht a bheith fabhrach.

I ndiaidh na pairilise in Stormont ó 2017 go 2020 agus arís i mbliana tá mífhoighid fhollasach i measc an phobail faoin gcumas atá ag an DUP nó Sinn Féin stop iomlán a chur leis an riail dhíláraithe. Fiú dá gcuirfeadh an DUP deireadh lena mbaghcat ar Stormont mar gheall ar an bprótacal iarBhreatimeachta amárach ní bheadh ann ach ceirín ar an gcneá. Glacann an choitiantacht leis nach bhfuil an córas reatha oiriúnach dá fheidhm. Má tá seans le bheith ag Stormont a bheith inmharthana caithfear an chreatlach a leasú dar lena lán. Mura ndéanfar na leasuithe, a deirtear, céard is fiú meath-pharlaimint a choinneáil?

Cúig bliana déag ó shin bhí sé ina raic nuair a dúirt Mark Durkan, ceannaire an SDLP ag an am agus duine den fhoireann a dhréacht an Comhaontú, gur cheart an scafall gránna (‘the ugly scaffolding’) ar tógadh córas Stormont air a leasú. Ba é córas an tsonraithe a bhí i gceist aige, an lipéad a chaithfeadh páirtí a roghnú. Ba é a bharúil go raibh an bhrandáil riachtanach “mar gheall ar an áit óna dtáinig sinn ach gan gá léi san áit ar a bhfuil ár dtriall”.

Cuireadh i leith Durkan go raibh sé ag iarraidh an Comhaontú a chur as a riocht. Ba é a fhreagra gur ghá an chosaint do mhionlaigh a chaomhnú ach nár mhór a aithint go bhféadfadh tacaíocht do pháirtithe athrú agus go bhféadfadh go dtiocfadh borradh faoi pháirtithe eile nó go dtiocfadh cinn nua. Má theastaigh sochaí chomhroinnte chaithfí spás a dhéanamh do pháirtithe a thrasnódh an deighilt thraidisiúnta, ar sé.

Seans maith go ndearna Durkan an moladh róluath i saolré roinnt na cumhachta idir an DUP agus Sinn Féin. Rinne sé a chuid cainte in 2008, bliain agus ráithe i ndiaidh an mhargaidh stairiúil idir an dá pháirtí, cúpla mí tar éis ruaigeadh Ian Paisley ó cheannaireacht an pháirtí a bhunaigh sé. Ní raibh sé chomh glan soiléir faoin tráth sin is a bheadh níos deireanaí nach comhoibriú ach comh-smachtú a bhí á chleachtadh.

Inniu agus an Comhaontú beagnach cúig bliana fichead ar an bhfód tá na sluaite ag caint ar an ngá le leasuithe a dhéanamh ar an múnla easnamhach, mionpháirtihe go mór ina fhabhar agus mórpháirtithe toilteanach labhairt faoi ‘sa phróiseas cuí’.

Tá fógra faoina phlean chun a dhul i ngleic leis an bhfolús in Stormont geallta ag an Státrúnaí Chris Heaton-Harris. I ndiaidh na praisí a rinne sé de chinntí faoi thoghchán a bhagairt roimh Nollaig agus a chealú ansin, beidh sé ag iarraidh a chur in iúl go bhfuil sé ar a chumas déileáil leis an liodán d’fhadhbanna atá le réiteach.

Gan dabht beidh sé ag fanacht le treoir a fháil faoi na cainteanna idir a rialtas féin agus an tAontas Eorpach maidir leis an bprótacal iarBhreatimeachta. Idir an dá linn níor mhiste dó próiseas athbhreithnithe ar mhúnla Stormont a thionscnamh i gcomhar leis na páirtithe agus rialtas na hÉireann, agus an toradh a bheith le scrúdú ag vótóirí i dtoghchán Tionóil i ndeireadh an earraigh.

Ní scríbhinn dhosháraithe iad na socruithe, tá sé thar am anailís ghéarchúiseach a dhéanamh orthu agus leigheas a aontú.

Fág freagra ar 'Ní téacs beannaithe é Comhaontú Aoine an Chéasta'