‘Ní stair ársa í seo’ – freagraí dlite faoi bhuamáil Guildford

Tá sé dlite do na mairbh, dá ngaolta agus don phobal go scrúdófaí ceisteanna éagsúla i gcúirt oscailte

‘Ní stair ársa í seo’ – freagraí dlite faoi bhuamáil Guildford

‘Ní stair ársa í seo’ arsa an Cróinéir is é ag ceadú go gcuirfí tús an athuair leis an ionchoisne ar bhás cúigear a maraíodh i mbuamáil an IRA in Guildford 44 bliain ó shin. Tharraing an eachtra aird na cruinne i ngeall ar an iomrall ceartais a lean é. Ba é ciontú san éagóir ‘cheathrar Guildford & seachtar mhuintir Mhic Uidhir’, mar a tugadh orthu, ba chúis le stop a chur le fiosrú an chróinéara i 1975.

Maraíodh ceathrar saighdiúirí sna déaga agus sibhialtach sa phléasc san Horse & Groom, teach tábhairne gar do bhunáit Arm na Breataine in Guildford i Surrey ar an 5 Deireadh Fómhair 1974. Ba iad sin Caroline Slater, 18, William Forsyth 18, John Hunter 17 agus Ann Hamilton, 19 agus sibhialtach a bhí ina shuí in aice leo, plástrálaí Paul Craig, 22. Gortaíodh 57 san eachtra, cuid acu go dona.

Tamall gearr i ndiaidh an uafáis phléasc buama i dtábhairne eile sa chomharsanacht inar gortaíodh ochtar. Coicís ina dhiaidh sin maraíodh beirt shaighdiúirí in ionsaí buamála in Woolwich. Ba iad na hionsaithe sin an chéad racht d’fheachtas buamála de chuid Shealadaigh an IRA i Sasana; tharla buamáil Birmingham i mí na Samhna 1974.

Ba iad sin na heachtraí ba shiocair le dhá iomrall ceartais a bhain croitheadh ó bhonn as riar na córa sa Bhreatain. I 1975 ciontaíodh Gerry Conlon, Paul Hill, Paddy Armstrong agus Carole Richardson as na hionsaithe agus gearradh príosún saoil orthu. Ciontaíodh muintir Maguire as Londain as buamaí a dhéanamh- Annie Maguire, a fear Patrick, beirt mhac sna déaga, deartháir léi agus cara agus athair Gerry Conlon, Giuseppe a fuair bás i bpríosún. Bhí siad ar fad neamhchiontach. Bhí a dtéarmaí príosúin curtha isteach ag muintir Maguire sular rialaíodh i 1991 gur ciontaíodh go héagórach iad. Dhá bhliain roimhe sin saoradh ceathrar Guildford nuair a cuireadh an bhreith ina gcoinne ar ceal.

D’fhág na cúisimh lochtacha, faoistin le héigean, bréag-chuntais ar agallaimh agus eolaíocht fhóiréinseach easnamhach nach bhfuair na híobartaigh an ceart ariamh. Níor ciontaíodh aon duine a bhí freagrach. D’admhaigh daoine as an mbuíon ón IRA ar tugadh an ‘Balcombe Street gang’ orthu gurbh iadsan a bhí ciontach as na hionsaithe in Guildford agus Woolwich ach diúltaíodh glacadh lena n-admháil mar go mbainfeadh sin an bonn den phianbhreith a bhí curtha ar na daoine a bhí i bpríosún; níor cúisíodh iad i dtaca le Guildford ná Woolwich.

Nuair a dúirt an Cróinéir, Richard Travers in Woking Déardaoin nárbh eachtra ón tsean-aimsir í buamáil Guildford bhí sé ag tagairt do na daoine atá fós beo a d’fhulaing an t-uafás sin. Mheas sé go mbeadh easpa fianaise ann mar gur cailleadh finnéithe sa dá scór bliain ó tharla an phléasc ach go raibh daoine eile a bhí sa tábhairne nach mbeadh ach sna seascaidí nó seachtóidí anois a bheadh in ann cuntas a thabhairt.

Níl aon cheist ach gurbh é an IRA Sealadach a mharaigh agus a ghortaigh iad, arsa an Cróinéir, ach tá gá le freagraí ar cheisteanna bunúsacha. Cá raibh an buama, cé chomh gar dó is a bhí na daoine a maraíodh? Cé eile a bhí ina gcomhluadar, an bhfuair siad bás ar an toirt? Ar dhúirt éinne acu aon rud? Cén fhianaise a bhailigh lucht na seirbhísí éigeandála?

Tá sé dlite do na mairbh, dá ngaolta agus don phobal go scrúdófaí na ceisteanna sin i gcúirt oscailte, gan smál an mhíchuibhis nó an iomraill, a dúirt an Cróinéir Travers. Cuirfidh na himeachtaí sa chúirt taifead inmhuiníne ar fail faoinar tharla do na híobartaigh ar bhealach a léireoidh ómós dóibh, ar sé.

Is cosúil go dtógfaidh sé bliain nó níos faide sula mbeidh an páipéarachas ar fad faoi réir don Chróinéir. Údar díomá é sin. Tá na teaghlaigh rófhada ag fanacht le fiosrú ceart, fearacht go leor íobartach abhus. Tá ionchoisne faoi shléacht Bhaile Uí Mhurchú 1971 ar siúl le cúpla mí agus tá an ceann faoi shléacht Kingmills tosaithe ach moill curtha air go minic.

Tá teaghlaigh an 21 a maraíodh i mbuamáil an IRA in Birmingham, i mí na Samhna 1974 ag súil go gcuirfear tús athuair lena gcoiste cróinéara i gceann deich lá, ach tá conspóid ar siúl mar nach scrúdóidh an cróinéir líomhaintí faoi amhrastaigh ainmnithe. Tá tacaíocht ag na teaghlaigh ó dhaoine a ciontaíodh san éagóir, iad ag éileamh go gcuirfí gach faisnéis atá ag áisíneachtaí agus ag paraimíleataigh ar fáil.

D’fháiltigh Paddy Armstrong, duine de cheathrar Guildford, roimh cheadú an ionchoisne agus d’éiligh sé go gcuirfí ar fáil na fíricí a d’aimsigh fiosrú oifigiúil faoin iomrall ceartais. D’fhógair an Cróinéir nach mbeadh an t-ionchoisne in ann fiosrú a dhéanamh ar na daoine – na baill den IRA -a bhí freagrach, ar chomhdhéanamh an bhuama ná ar na líomhaintí gur inis póilíní bréaga faoi cheathrar Guildford. Léiríonn an fógra sin chomh míshásúil is atá sé a bheith ag brath ar ionchoisne amháin, murab ionann agus cúisimh bunaithe ar fhianaise chruinn. Rogha an dá dhíogha é seans, ach ar a laghad is aitheantas é ón státchóras go bhfuil fiosrú faoi mharuithe a bhaineann le hoidhreacht na dTrioblóidí dlite do shaoránaigh.

Fág freagra ar '‘Ní stair ársa í seo’ – freagraí dlite faoi bhuamáil Guildford'

  • An Teanga Bheo

    Agus caith cheathrar Guildford téearma maith i bpriosún agus duine acu básaithe ó shoin
    fírinne le do thoil go luath ach ní minic leis !