Ní sé rómhaith do do shláinte a bheith ag gúgláil rudaí ar nós ‘Sceideal don mháthair a bhíonn ag obair’ ag a dó a chlog ar maidin…

Obair tí? Lá ar bith anois, tiocfaidh ár gcolúnaí ar an bhfoirmle draíochta, is beidh an rud ar fad éasca…

Ní sé rómhaith do do shláinte a bheith ag gúgláil rudaí ar nós ‘Sceideal don mháthair a bhíonn ag obair’ ag a dó a chlog ar maidin…

Ní raibh mórán suime agam riamh i nósanna coinnithe tí go dtí go raibh páistí agam. Is dócha nach suim atá agam iontu anois, ach an oiread, ach gur iarracht éigeandála i lár géarchéime atá ann chun smacht a choinneáil ar an teach agus ord de chineál éicint a chur i bhfeidhm. Ní ar mo shonsa, dáiríre, ach, ‘ar son na bpáistí’.

Ní raibh san obair thí – an níochán éadaigh, an dustáil nó na soithí – ach rudaí a d’fhéadfá a fhágáil go leataobh, nó go gcaithfeá tabhairt fúthu mar go raibh gá agat le cupán glan don tae.

Is mór an t-athrú atá tagtha orm ó tháinig mo thriúr comrádaithe beaga isteach i mo shaol. Anois, is geall le galar é an méid ‘taighde’ atá déanta agam ar chórais ghlantacháin, leideanna agus sceidil theaghlaigh. Leanaim daoine ar Pinterest a chuireann leithéidí ‘Sceideal Glantacháin’ ar líne agus ‘Conas do chófra a chur in eagar’ is déanaim staidéar grinn ar an gcomhairle a thugann siad.

‘Lá ar bith anois, gheobhaidh mé an fhoirmle draíochta, is beidh an rud ar fad éasca,’ a deirim liom féin go soineanta.

Tuigim gur dóigh nach bhfuil sé rómhaith do do shláinte a bheith ag gúgláil rudaí ar nós ‘Biachlár éasca clainne’ agus ‘Sceideal don mháthair a bhíonn ag obair’ ag a dó a chlog ar maidin is tú i bhfolach faoin gcuilt le faitíos go ndúiseofá éinne leis an solas ar an bhfón. Ach tá sé mar a bheadh tóraíocht an tSoithigh Naofa nó tóir na n-ailceimiceoirí ar an órchloch – tá greim ag an gcuartú orm is ní ligfidh sé liom!

Ach fiú is go bhfuil a fhios agam i mo chroí istigh nach bhfuil a leithéid de rud ann agus sceideal foirfe, is dá mbeadh féin, gur dóigh nach bhfeilfeadh sé don phearsantacht a bronnadh ormsa, fós leanaim orm ag tóraíocht.

Sílim go bhfuil dhá chineál duine ann nuair a thagann sé go cúrsaí eagar tí agus gur ionann an difríocht idir an dá ghrúpa agus an difríocht idir duine a bheadh ag rith maratóin le hais duine a bheadh ag rith rás ráibe 100 méadar.

Bíonn ord agus eagar ag teastáil don rás maratóin. Bíonn plean déanta amach ag an duine atá chun maratón a rith, cuimhníonn siad ar na mílte ar fad atá amach rompu agus déanann siad réiteach dá réir. Mar a chéile an obair tí, beidh an té atá ag rith ‘maratóin’ tí ag pleanáil béilí roimh ré, ag cur córais stuama nite éadaí i bhfeidhm agus ag déanamh iliomad rudaí ciallmhara eile chun a chinntiú go ngabhfaidh chuile shórt go maith sa ‘rása’ fada.

Cé bhfuil mé ag déanamh mo dhíchill áit a fháil ar fhoireann an mharatóin, bainimse, chomh fada le mo bharúil, leis an dream atá ag rith rás ráibe 100 méadar.

Tá a fhios ag an té atá ag rith an rása ráibe go gcaithfidh sí imeacht ó phointe A go pointe B, chomh sciobtha agus is féidir léi. Thairis sin, ní hé an t-uafás pleanála atá ag teastáil don 11 soicind idir an dá spota, ach imeacht go tréan agus má thagann tada sa mbealach ort, léim thairis.

Fág freagra ar 'Ní sé rómhaith do do shláinte a bheith ag gúgláil rudaí ar nós ‘Sceideal don mháthair a bhíonn ag obair’ ag a dó a chlog ar maidin…'