‘In a decisively secular age, Deane’s is a poetry of Christian belief. It explores renewal, alive with and to the kinds of witness he has learned from George Herbert, Gerard Manley Hopkins and R.S. Thomas.’
Seans gur leor an cúpla líne sin ar chúl chnuasach nua John F. Deane, Dear Pilgrims (Carcanet Press, £9.99) le mórán léitheoirí Éireannacha comhaimseartha a chur ó dhoras na léitheoireachta. Tá taom láidir frith-Chríostaíocht – agus frith-Chaitliceach ach go háirithe – le sonrú sa dioscúra phoiblí le tamall de bhlianta anuas.
Ba thrua dá mb’amhlaidh an cás nó tá Deane ar fhile de na filí is spéisiúla agus is cumasaí dá bhfuil ag saothrú na filíochta i mBéarla faoi láthair. Tá greann i dteideal an chnuasaigh féin, Dear Pilgrims, greann dóite, b’fhéidir. Ach tá an teideal suntasach nó cuireann an file i gcuimhne don léitheoir gur ar turas atá sé, go bhfuil an t-am ag imeacht:
Already another year
is touching on high tide; winds
have been raising waves across the swollen meadow, (Rainbow).
Ní ina aonar atá an duine, ach an oiread. Pilleann Deane arís agus arís eile ar an nádúr mar fhoinse inspioráide agus mar fhócas machnaimh. Feiceann sé Dia sna nithe a chruthaigh Dia:
Heron stands – motionless as a battered
parasol – among stones in the quiet shallows,
heron-eye wide and watchful;
noon-time sunlight will set ablaze (Dawn to Dusk)
Is iontach an íomhá í. Cá mhéad uair a chonaic tú corr liath agus ar shamhlaigh tú riamh mar “battered parasol” í? An mbeidh tú in ann amharc uirthi go deo arís gan an íomhá sin a shamhlú léi? Tá dánta eile ann faoin dreoilín, faoin tsnag bhreac mharfach agus faoi éin eile, gach aon dán acu ina nóta foirfe ceoil:
Catwalks of goldfinch on the branches, in a fashion parade
of colours, of party-feather boas; now, in dusklight,
the breeze is snuffling in the high poplars (Pulse)
Catwalks of goldfinch! Is anois a fheiceann muid gurb amhlaidh an scéal, gurbh amhlaidh an scéal riamh ach gur faoi fhile a bhí sé an méid sin a chur ar ár súile.
Tá daoine ann fosta, daoine a mhaireann agus daoine atá ar shlí na fírinne, daoine a dhamnaíonn mórán daoine anois ach daoine dár gcuid féin a bhí iontu lá den tsaol, daoine a bhí mar ábhar maíte againn mar phobal ar feadh i bhfad:
The convent:
its neglected aisles, denuded transepts;
there were prayers here once, touching on how all human flesh
falls to the all of clay. Now in the walled garden,
apples and pears have grown small and hard as pebbles;
the sisters have found rest
in neat rows, a small white cross their portion, miniature roses
growing over. (Best Western)
Sea, rachaidh ordóga an bháis orainn uilig ach, idir an dá linn, tá luach ar an bheatha – ach a luach a thuigbheáil i gceart agus áit na Críostaíochta sa luach sin a aimsiú. Ní scéal marbh é an Chríostaíocht ag Deane, ach scéal beo, seanchas laethúil spioradálta atá le fáil os comhair a dhá shúl féin:
Bethlehem: the village, and the townland,
crowded and expectant
like a fair day in Bunnacurry; in our dark cowhouse
there were snuffling sounds (Townland)
Agus sin agat íomhá ar dóigh eile, Beithil beo i mBun an Churraigh, baile fearainn istigh ina oileán rúin féin, ina oileán dúchais, Acaill. Bhí fear, bean, leanbh, asal, bó agus tuí i mBeithil agus maireann na rudaí sin go fóill i mBun an Churraigh.
Sea, tá athrú ag teacht ar Éirinn, ar a pobal, ach is dílis atá an file dá chreideamh, dá bheith, dá fhís, dá oilithreacht:
Now I form part
of a diminishing comradeship, who make our way, Sundays,
under the great, hushing trees,
to rummage again through rites and mysteries.
I kneel, contented with what remains
after those deckled years: (The Wall-Clock).
Tá an clog ar an bhalla ag insint dúinn go bhfuil an t-am ag imeacht ach tá filíocht sa tsaol mhór iontach. “Uaigneach bealach an fhile,” a dúirt Seosamh Mac Grianna lá den tsaol. Ní cúis ar bith ann nach dtiocfadh leat cuid den uaigneas sin a thógáil den fhile, seal a chaitheamh ina chuideachta agus é ag déananmh a anama in Acaill, in Éirinn agus sa Tír Naofa.
Simon Ó Faoláin
Easpa leabhar Filíochta Gaeilge le léamh/meas? Sin ganntanas amháin a shíleas nach raibh ag baint leis an nGaeilge…