Ní san iarthar amháin atá míshástacht faoi cheapacháin Martin…

Níor mhiste don rialtas nua ceist an tSeanaid a scrúdú i gcomhthéacs a gcur chuige i leith an Tuaiscirt

Ní san iarthar amháin atá míshástacht faoi cheapacháin Martin…

Munar leor ‘comhaireacht Chromaill’ a bheith baiste ar an gcomhrialtas nua faoi cheannas Mhichíl Martin chuir na ceapacháin domlas ar dhaoine sa tuaisceart freisin.

Chomh maith leis na deich gcontaetha san iarthar, muintir na tuaithe a fágadh gan Aire sinsearach níor tháinig an tuar ar an tairngreacht go n-ainmneofaí duine nó beirt as Tuaisceart Éireann mar sheanadóirí.

Níorbh iad na feachtasóirí a bhfuil reifreann faoin teorainn mar phríomhaidhm acu an t-aon dream a bhí míshásta faoi neamhshuim an rialtais nua in ionadaíocht ó Thuaisceart Éireann.

Ní léir fós an mairfidh an plé i bhfad, ach ardaíodh ceisteanna faoi fheidhm an tSeanaid agus ról an rialtais sa Phoblacht i leith an phobail abhus.

Dúirt an t-iar Sheanadóir Aontachtach, Ian Marshall, gur baineadh siar as nár ainmníodh ionadaí ón bpobal Aontachtach mar sheanadóir.

Céard is fiú briathra míne faoi oileán comhroinnte gan gníomh? a d’fhiafraigh sé. Ba dhóigh leis gur léirigh an neamhaird ar Thuaisceart Éireann nach raibh sna geallúintí sa chlár rialtais ach mugadh magadh.

Ní raibh sé ina aonar.

Bhí díomá ar Emma De Souza, an bhean a tug dúshlán rialtas na Breataine agus a chuir iachall orthu saoránacht Éireannach mhuintir an Tuaiscirt a aithint. Rith sise feachtas chun ainmniúchán mar sheanadóir a fháil. Dúirt sí i tvuít gur mar ionadaí sa “lár” atá ag fás abhus agus mar thaca le prionsabail Chomhaontú Aoine an Chéasta a theastaigh ainmniúchán uaithi.

Bhí sí buartha nach bhfuair sí féin an glaoch, ach ba mhó a díomá nach raibh ionadaí ar bith ón tuaisceart roghnaithe, a dúirt sí. Bhí gá le glórtha ón tuaisceart anois níos mó ná riamh i bhfianaise na héiginnteachta faoin mBreatimeacht, dar léi, agus ba dheis curtha amú é faillí a dhéanamh iontu.

Tráth a bhfuiltear ag geallúint vótaí don diaspóra i dtoghchán na hUachtaránachta b’aisteach an cor é neamhaird iomlán a dhéanamh ar an Tuaisceart. Tá a fhios ag an saol go raibh féiríní na bpáirtithe gann ó tá trí pháirtí sa chomhrialtas ach ba theip ghearr-radharcach é seo.

N’fheadar ar phléigh na ceannairí é nó an raibh gach páirtí ag faire a áil féin?

Nuair a thug an pobal an t-eiteachas don reifreann chun an Seanad a scor gealladh go leasófaí ó bhonn é. Tá vóta i dtoghchán an tSeanaid abhus ag céimithe Choláiste na Tríonóide agus Ollscoil na hÉireann, mionlach beag atá faoi bhuntáiste. Sin ceann de na pribhléidí a chuireann leis an argóint i bhfabhar leasú an tSeanaid.

Níor mhiste don rialtas seo ceist an tSeanaid a scrúdú i gcomhthéacs a gcur chuige i leith an Tuaiscirt.

Díol suntais ab ea tvuít de chuid Emma De Souza ag fógairt go raibh dóchas fós aici go n-aimseodh an rialtas nua seift chun ról a thabhairt d’ ionadaithe ón tuaisceart. Scríobh sí chuig an Taoiseach Micheál Ó Máirtín agus chuig an Tánaiste Leo Varadkar.

Níl aon bhreac san eangach fós.

Measann roinnt go mb’fhéidir go bhfaighidh tuaisceartaigh a ndeis san aonad speisialta in oifig an Taoisigh.

Gealladh sa chlár rialtais go scrúdódh an t-aonad na cúinsí cultúrtha, polaitiúla agus eacnamaíochta a chruthódh creat do shochaí a thabharfadh aitheantas agus comhionannas measa do na traidisiúin go léir.

Tá an plean don aonad cáinte ag Sinn Féin mar shop in áit na scuaibe agus d’eitigh an DUP go dtí seo do chomhaonaid thrasteorann, cé is moite díobh sin a bhfuil oibleagáid dhlíthiúil orthu a bheith páirteach iontu.

Ar a chéad lá ina oifig nua, labhair an Taoiseach ar an nguthán leis an gCéad-Aire agus an LeasChéad-Aire in Stormont, Arlene Foster agus Michelle O’Neill. Gheall sé go dtiocfadh sé go Béal Feirste taobh istigh de chúpla lá chun ceisteanna práinneacha a phlé, Covid-19 agus an Breatimeacht ina measc.

Beifear ag faire go géar ar an gcaidreamh eatarthu.

I bhfianaise an naimhdis idir Micheál Martin agus Sinn Féin bhí roinnt ag maíomh go mb’fhéidir go mbeadh níos lú teannais idir é agus Arlene Foster ná mar a bheadh idir é féin agus Michelle O’Neill.

Chífimid, ba mhinic a bhí an caidreamh idir an DUP agus Baile Átha Cliath corrach sna ceithre bliana ó bhí an reifreann faoin mBreatimeacht.

Tá obair mhór le déanamh.

Fág freagra ar 'Ní san iarthar amháin atá míshástacht faoi cheapacháin Martin…'