Ní saighdiúir pinn an scríbhneoir Gaeilge! Ní chuirtear ‘leabhair ar fáil’ – scríobhtar iad!

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. An tseachtain seo: is maith ann an comhrá a spreag cinneadh Chois Life éirí as an bhfoilsitheoireacht, ach tá nath cainte amháin a chuireann isteach go mór ar ár gcolúnaí

Ní saighdiúir pinn an scríbhneoir Gaeilge! Ní chuirtear ‘leabhair ar fáil’ – scríobhtar iad!

Ní bhíonn scamall gan gealán. Bhain an scéal go mbeidh Cois Life ag éirí as an bhfoilsitheoireacht creathadh as saol na Gaeilge an tseachtain seo caite, ach ar a laghad ar bith níl na meáin Ghaeilge gann ar ábhar anois agus muid i gceartlár shéasúr na hamaidí! Ach fágaimis an greann inár ndiaidh.

Tá pobal na Gaeilge faoi chomaoin ag stiúrthóirí Chois Life as comhrá fairsing a spreagadh lena dtairngreacht dhuairc ‘go bhfuil an scíthléitheoireacht sa Ghaeilge dulta ar gcúl go tubaisteach agus nach bhfuil téarnamh i ndán di’.

Is cinnte go bhfuil tuairimí fíorshuimiúla á léiriú sa chomhrá céanna. Chuir mé an-spéis, mar shampla, ina raibh le rá ag Somhairle Mag Uidhir ar an Ultach an lá cheana faoi ‘mhana marfach ár linne’, .i. ‘cúinsí an mhargaidh’.

Ach tá nath cainte amháin ann a thagann aníos sa chomhrá seo arís is arís eile – go háirithe sna tuairimí a léirítear ar na meáin shóisialta – a chuireann isteach orm go mór. Seo é: ‘Leabhair a chur ar fáil’.

Ní chuirtear leabhair ‘ar fáil’. Scríobhtar iad. Ní monarchana litríochta iad scríbhneoirí (ná na heagarthóirí a chuireann barr feabhais ar shaothar na n-údar) a tháirgeann leabhair chun freastal ar ‘éilimh an mhargaidh’ nó toisc go measann eagraíocht nó duine éigin go bhfuil géarghá le níos mó ficsean eolaíoch, le húrscéalta grafacha, le haistriúcháin, le saothair bhleachtaireachta, le litríocht do dhéagóirí, le… líon isteach do rogha seánra.

Agus i gcás na Gaeilge de, ní saighdeoirí pinn iad scríbhneoirí a mbeadh sé mar dhualgas orthu ‘leabhair a chur ar fáil’ ar son na cúise. Scríbhneoir ar bith a mbeadh meas aige ar a cheird agus go deimhin ar a shláinte mheabhrach féin, scríobhfaidh sé an scéal nó an dán a rithfidh leis – beag beann ar thuairimí agus moltaí dhaoine eile, dá dhea-mhéiní iad. Go deimhin is mairg don té a scríobhfadh saothar chun freastal ar ‘éilimh an mhargaidh’, óir athraíonn an margadh níos sciobtha ná mar a d’éireodh le duine leabhar a scríobh.

Is fíor, áfach, nach ndéanfadh níos mó éagsúlachta aon dochar do litríocht na Gaeilge. Mar shampla, comhtharlú ait (maith dom an t-imeartas focal) is ea é gur daoine LADT iad líon measartha mór scríbhneoirí comhaimseartha i bpobal chomh beag, agus dá bharr sin gur téama láidir agus lárnach i litríocht na Gaeilge an t-eispéireas aerach.

Rud ar bith mícheart leis sin – tá an téama céanna pléite agus athphléite agam féin agus pléifidh mé arís é – ach tuigim go mbíonn a réimse spéise féin ag chuile léitheoir agus a chead sin acu.

Ach in ionad iarraidh ar scríbhneoirí ‘leabhair a chur ar fáil’ i seánraí nó faoi ábhair nach bhfuil luí acu leo, b’fhearr dúinn an léitheoireacht agus an scríbhneoireacht chruthaitheach a chothú, sa chaoi is go gcuirfear le héagsúlacht na nglórtha i litríocht na Gaeilge go nádúrtha amach anseo.

Fág freagra ar 'Ní saighdiúir pinn an scríbhneoir Gaeilge! Ní chuirtear ‘leabhair ar fáil’ – scríobhtar iad!'

  • Unabxl

    Re “scríbhneoir ar bith a mbeadh meas AIGE”… mholfainn iarracht a dhéanamh friotal níos cuimsithí a úsáid.