Ní rithfeadh sé go deo leis an mBreatain nach bhféadfaí brath ar a ‘best endeavours’ siúd…

Fearacht chuile chor sa bpróiseas Breatimeachta is i Londain a chaithfear breithiúnas a thabhairt luath nó mall

Ní rithfeadh sé go deo leis an mBreatain nach bhféadfaí brath ar a ‘best endeavours’ siúd…

Ní bhfaighfear níos mó, a dúirt lucht an AE. Níl aon dochar déanta don chúlstad, arsa an Taoiseach. Tá athruithe móra faighte a bhfuil ceangal dlí ag baint leo, a mhaígh Theresa May. Tá baol fós ann go mbeadh an Ríocht Aontaithe sáinnithe sa chúlstop go deo, arsa an tArd-Aighne Geoffrey Cox. Níor chreid an Pharlaimint May. Is amhlaidh gur do Cox is mó a thug siad cluas éisteachta.

Beidh vóta eile inniu ann faoin Aontas a fhágáil gan socrú a bheith déanta.

Fuair muid léargas soiléir eile an tseachtain seo gur babhta iomrascála polaitiúla eatarthu féin atá ar siúl ag baill thofa pharlaimint na Breataine. Tá dearbhú faighte acu gur féidir leo tarraingt amach as an gcúlstad sa gcás go gcreideann siad nach bhfuil lucht an AE ag déanamh a ndíchill teacht ar shocrú eile seachas an cúlstad, nó ar shocruithe trádála a sheachnódh teorainn chrua in Éirinn. ‘Best endeavours’ an fhoclaíocht atá á húsáid. An bhfuil amhras ar aon duine ach go bhfuil a ndícheall á dhéanamh ag an uile dhuine ó thosaigh na cainteanna seo? Tá, ar pholaiteoirí na Breataine, is léir.

An rud a thug mise faoi deara faoin gcur agus cúiteamh seo ar fad nach bhfuil aon mhuinín ná iontaoibh ag an mBreatain as an Eoraip. In ainneoin a bhfuil de chaint ar chairdeas agus ar chomhghuaillíocht, creideann an Bhreatain go bhfuil baol ann go ndéanfaidh an tAontas Eorpach feall uirthi.

Creideann an Bhreatain go bhfuil brú míchuí á chur uirthi ó chuaigh sí isteach san Aontas. Gur íocadh an iomarca airgid leis an AE agus gur géilleadh an iomarca do pholasaithe an AE maidir le cearta saothair agus sóisialta. Mar is léir ó aimsir an reifrinn ar an mBreatimeacht, creideann go leor sa mBreatain gur de bharr brú ón Aontas Eorpach atá imircigh ag teacht chun a dtíre. Seo tír a raibh imircigh ag triall uirthi de bharr a himpireachta blianta fada sula raibh trácht ar bith ar an Aontas Eorpach.

Ainneoin go bhfuil sé mar chuid den Chomhaontú imeachta go mbeadh próiseas eadrána neamhspleách ann sa gcás go mbeadh fadhb sna cainteanna faoin gcaidreamh trádála, níl sé sách láidir, dar le Geoffrey Cox.

Is é fírinne an scéil go dteastaíonn ón mBreatain gurb iad féin a thabharfaidh breithiúnas agus go mbeadh cead acu imeacht ón gcúlstad as a stuaim féin dá gceapfadh siad nach raibh a ndícheall á dhéanamh ag an Aontas Eorpach. Glacaim leis nach rithfeadh sé go deo leo go bhféadfadh gurbh iad ba chúis leis an bpróiseas a bheith i sáinn. Agus gur dá bharr sin a theastaíonn an cúlstad le teorainn chrua in Éirinn a sheachaint, gan trácht ar a gcuid dualgas faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta.

Tá an cúlstad fós ann. Tá sé mar a chéile nó tá sé athraithe, ag brath ar cé leis a n-éisteann tú. Ach tá a gcuid ráite agus déanta acu anois, dar leis an Aontas Eorpach.

Ach fearacht chuile chor sa bpróiseas seo ón tús is i Londain a chaithfear breithiúnas a thabhairt. Tá sé tugtha le fios ag feisirí Westminster nach bhfuil muinín acu as na geallúintí atá tugtha. An dteastaíonn uathu an tAontas a fhágáil gan aon réiteach? Inseoidh an lá inniu an scéal sin.

An t-aon rud atá cinnte faoin scéal seo ón tús go bhfuil tús áite á thabhairt don pholaitíocht. Is cuma dáiríre faoi cheangal dlí a bheith le haon ghealltanas nó gan ceangal dlí a bheith leis, polaitíocht agus an cath inmheánach sa bpáirtí Caomhach atá taobh thiar den scéal ar fad.

Fág freagra ar 'Ní rithfeadh sé go deo leis an mBreatain nach bhféadfaí brath ar a ‘best endeavours’ siúd…'