Níl aon rud níos contúirtí ná folús polaitiúil, arsa iarcheannairí eaglasta, polaitiúla agus póilíneachta i litir oscailte chuig Príomh-Aire na Breataine, Boris Johnson.
I bhfianaise an fhoréigin a bhris amach le linn círéibeacha dílseacha le déanaí chuir údair na litreach fainic ar an bPríomh-Aire go bhféadfadh cúrsaí an Tuaiscirt titim as a chéile d’uireasa aird rialtais. Ní réiteofar na fadhbanna reatha abhus le corrsheisiún leis an Státrúnaí Brandon Lewis ar Zoom, a dúirt siad.
Ní hiad an naonúr fear sin amháin a cheapann gur údar imní é neamhshuim an Phríomh-Aire Johnson agus a neamhaird ar ghnóthaí abhus. Thagair an colúnaí seo cúpla lá ó shin do phobalbhreith a nocht nach raibh muinín ach ag 5% den phobal i rialtas na Breataine chun feidhmiú ar leas an Tuaiscirt. Léirigh an suirbhé céanna gur chreid 75% nach dtabharfadh Boris Johnson ná a rialtas aird orthu.
Ó bailíodh na tuairimí sin tháinig lear mór ceisteanna chun solais a bhfuil seans maith gur mó aird a bheidh ag Johnson orthu ná ar an bPrótacal iarBhreatimeachta nó guagacht pholaitiúil abhus. Bhris cogadh na gcarad amach idir an Príomh-Aire agus a iarchomhairleoir Dominic Cummings, cothaíodh ceisteanna faoi chonarthaí don earnáil phríobháideach le linn na paindéime agus bhí siar is aniar faoi cé a d’íoc airgead mór as athchóiriú a árasáin in Uimhir 11 Sráid Downing. Ní léir an troid na mbó maol é nó an baol don bPríomh-Aire an fhianaise a thabharfaidh Cummings an mhí seo chugainn nó an gcothóidh na líomhaintí éagsúla deacrachtaí móra dó.
Gach seans gur saothar in aisce é ag na huaisle a d’eisigh a litir a bheith ag tathant ar Johnson agus an Státrúnaí Lewis a dhul i ngleic i ndáiríre, ar bhonn leanúnach le polaitíocht abhus. B’fhéidir go dtabharfaí dóthain airde orthu in Westminster le daoine eile a spreagadh chun an Príomh-Aire agus a chomhaireacht a cheistiú. Nó b’fhéidir go bhfeilfeadh sé don Phríomh-Aire éisteacht a thabhairt dóibh mar go n-iompódh sé sin an spotsolas ar Thuaisceart Éireann chun aird a bhaint de na fadhbanna baile.
Tá stádas ag an ngrúpa i bPálás Westminster agus saineolas ar Thuaisceart Éireann acu go léir. Siad sin an Tiarna Chris Patten , iarchathaoirleach na dTóraithe a bhí i gceannas an Choimisiúin ar Phóilíneacht as an eascair an PSNI, ceathrar iar-Státrúnaithe de chuid an Lucht Oibre, na Tiarnaí Peter Hain, Peter Mandelson, Paul Murphy agus Shaun Woodward; ba iad údair eile na litreach an Tiarna Robin Eames, iarphríomháidh Eaglais na hÉireann, Hugh Orde, iarPhríomh-Chonstábla an PSNI, Sir Patrick Cormack iarchathaoirleach Caomhach ar an gCoiste Parlaiminte um Ghnóthaí Thuaisceart Éireann agus an Tiarna Des Browne iar-Rúnaí Cosanta Lucht Oibre a chaith seal mar Aire in Oifig Thuaisceart Éireann.
Leag an litir cúrsa soiléir amach don bPríomh-Aire agus don Státrúnaí Lewis – anseo i dTuaisceart Éireann, sa Bhruiséil agus i gcomhar le rialtas na hÉireann. Mar chéad chéim ba cheart dóibh a bheith gníomhach go polaitiúil, éisteacht leis na páirtithe abhus agus leis an bpobal. Ní mór obair fhónta a dhéanamh leis an mBruiséil faoin bPrótacal. Agus mura mbeidh an dara rogha ann ach an Prótacal atá aontaithe cheana, caithfidh an rialtas a bheith ionraic oscailte faoi sin, a dúirt siad. Ag an am céanna ní mór cibé maoluithe is féidir a bhaint amach a aontú leis an Aontas Eorpach.
I dteannta na gcéimeanna faoin bPrótacal d’éiligh siad go mbeadh an rialtas i bhfad níos gníomhaí, mar rannpháirtithe sa phróiseas abhus; ba cheart cruinnithe rialta a bheith acu le páirtithe Stormont ar bhonn leanúnach, an caidreamh le Baile Átha Cliath a fheabhsú agus an Chomhdháil idir-rialtasach a athnuachan.
Is léir ón stair a dúirt na huaisle go dtiteann cúrsaí sa Tuaisceart as a chéile mura mbíonn dul chun cinn á dhéanamh; ní fhanann siad ina stad. Mar fhocal scoir dúirt siad le Boris Johnson agus a rialtas gurb é a ndualgas folús polaitiúil i dTuaisceart Éireann a sheachaint; ní mór gníomhú anois.
Neosfaidh an aimsir an dtabharfar aird orthu ach níor chualathas mórán ag canadh laoithe dóchais.
Fág freagra ar '‘Ní réiteofar fadhbanna an Tuaiscirt le corrsheisiún Zoom leis an Státrúnaí Brandon Lewis’'