‘Ní raibh uaim a bheith páirteach i gcéard a bhí le bheith ar siúl acu’ –  cáineadh déanta ar Shinn Féin ag Toiréasa Ferris

Bhí Toiréasa Ferris ar dhuine de na polaiteoirí is mó a raibh gealladh fúthu i Sinn Féin sular éirigh sí as an bpolaitíocht in 2019 ach deir sí anois nach bhféadfadh sí a rá go cinnte go gcaithfeadh sí vóta don pháirtí

‘Ní raibh uaim a bheith páirteach i gcéard a bhí le bheith ar siúl acu’ –  cáineadh déanta ar Shinn Féin ag Toiréasa Ferris

Deir bean a bhí ina céad Chathaoirleach ó Shinn Féin ar Chomhairle Contae Chiarraí agus a bhí le seasamh san olltoghchán deireanach go bhfuil an iomarca géillte ag an bpáirtí ar mhaithe le dul i gcumhacht.

Bhí Toiréasa Ferris ar dhuine de na polaiteoirí is mó a raibh gealladh fúthu i Sinn Féin sular éirigh sí as an bpolaitíocht in 2019 ach deir sí anois nach bhféadfadh sí a rá go cinnte go gcaithfeadh sí vóta don pháirtí sa chéad toghchán eile, fiú.

Bhí Ferris ina comhairleoir contae i gCiarraí idir 2003 agus 2019 agus iníon í le Martin Ferris, a bhí ina Theachta Dála de chuid Shinn Féin ar feadh nach mór scór bliain go dtí 2020.

Bhí Toiréasa le seasamh san olltoghchán in áit a hathar ach d’fhógair sí an bhliain roimh an toghchán nach raibh sí chun seasamh.

Agus í ag labhairt ar an gclár An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoi chinneadh Brendan Griffin éirí as mar Theachta Dála, labhair Ferris faoina cinneadh féin seasamh siar ón bpolaitíocht.

Dúirt sí gurb é an rud is mó nár thaitin léi faoi shaol na polaitíochta ná an  méid a chaithfí a ghéilleadh gur níos measa a bheadh cúrsaí dá mbeadh sí ag obair ag an leibhéal náisiúnta.

Dúirt Ferris gur léir di go raibh Sinn Féin sásta géilleadh i dtaca le han-chuid ceisteanna ar mhaithe le dul i gcumhacht, cuid de bhunphrionsabail an pháirtí ina measc, dar léi.

“De réir mar a bhí an chosúlacht ann go mbeadh deis againn a bheith i gcumhacht, bhí rudaí a bhí ina red line issues ar feadh na mblianta go dtí sin nach raibh a thuilleadh. Níor shuigh sé sin go maith liom,” a dúirt Ferris.

Luaigh sí an seasamh a bhí ag Sinn Féin i dtaobh na Cúirte Coiriúla Speisialta agus ceist na cánach corparáidí ar na prionsabail a raibh imní uirthi a thréigfí.

“Ní raibh uaim a bheith páirteach i gcéard a bhí le bheith ar siúl acu. Tá súil agam go bhfuil mé mícheart. Poblachtánach mé. Tá an-chuid poblachtánach i Sinn Féin, tá an-chuid daoine i Sinn Féin nach dóigh liom gur Poblachtánaigh iad. B’fhéidir gur náisiúnaithe iad nó b’fhéidir gur sóisialaithe iad ach ní [poblachtánaigh] iad.”

Dúirt Ferris nach raibh sí ina ball den pháirtí ó d’éirigh sí as an bpolaitíocht agus go gcaithfeadh sí machnamh faoi sula gcaithfeadh sí vóta do Shinn Féin as seo amach.

“Níl mé chun vótáil don pháirtí a thuilleadh. Tá mé chun vótáil don ionadaí a sheasann do na rudaí atá tábhachtach domsa agus déarfainn gurb é sin an tslí is fearr chun é a dhéanamh.

“Ag an am céanna, i mo thuairimse, is iad Sinn Féin an t-aon pháirtí i láthair na huaire gur féidir [leo] cúrsaí a dhéanamh níos fearr. Tá mé sásta an moladh sin a thabhairt dóibh. Ach an mbainfidh siad an saghas tíre atá ag teastáil uaim agus a cheapaim go bhfuilimid ina teideal amach faoi dheireadh? Ní dóigh liom.”

Fág freagra ar '‘Ní raibh uaim a bheith páirteach i gcéard a bhí le bheith ar siúl acu’ –  cáineadh déanta ar Shinn Féin ag Toiréasa Ferris'

  • An tEisreachtach

    Maith thú, a Thoiréasa, as ucht cuid den fhírinne a insint faoi Shinn Féin.
    Polaitíocht na faille a bhíonn ar bun acu de shíor, agus is gearr nach mbeidh aon ní Poblachtach ná Náisiúnach ag baint leo. Is ábhar náire iad ag an bpointe seo.
    Ba dhuine mise a thug Uimhir 1 dóibh i gcónaí ó thosaigh siad ag seasamh go forleathan sa Deisceart.
    Níor vótáil mé ar chor ar bith dóibh sa dá Olltoghchán deiridh, agus ní vótálfaidh feasta.
    Iad féin agus a dtacaíocht don Aontas lofa Eorpach agus don Inimirce Bhuile.