Céard í an chuimhne is mó atá agat ar 2023?
Bhí idir shúgradh agus dáiríre ag baint le 2023. Ag tús na bliana bhí muid faoi scáil Covid go fóill, uair a raibh ball teaghlaigh i mbaol a báis dá bharr. Mhaolaigh contúirt Covid de réir a chéile agus bhítear in ann pilleadh ar imeachtaí agus ar fhéilte athuair. Phill W.A.A.R agus fáiltíodh roimh Chomórtas Peile na Gaeltachta agus Féile na Meán Cheilteach go dtí mo pharóiste dúchais féin. Thóg sé an croí ag pobal na Rosa agus ag na cuairteoirí araon. Bhí an saol milis athuair agus an aimsir í féin mar a bheadh sí ag ceiliúradh. Ag tarraingt ar dheireadh na bliana cuireadh ar ghearrliosta An Post do Leabhar Ficsean Gaeilge na Bliana mo leabhar Imram agus Scéalta Eile.
Céard é an scéal is mó a chuir áthas ort in 2023?
Cé nach raibh mé ag dréim leis, ní raibh orm ach an lúcháir nuair a bhain an leabhar Duais Leabhar Gaeilge na Bliana ag ócáid bhreá i mBaile Átha Cliath i gcomhluadar den scoth—scríbhneoirí agus foilsitheoirí na Gaeilge. B’ócáidí ceiliúrtha bunú Cúla 4 agus roghnú an scannáin Ghaeilge Kneecap d’fhéile Sundance, an chéad scannán Gaeilge a roghnaíodh don fhéile sin.
Céard é an scéal is mó a chuir brón ort in 2023?
Bhí go leor acu ann. Tá suíochán an Chéad Mhinistir folamh go fóill. Bhí an Meán Fómhar is teo ar an taifead againn. Bhí tinte, tuillte agus stoirmeacha ar fud na cruinne. Níor chorraigh sin lucht COP28 de bharraíocht. Cailleadh Rónán Mac Aodha Bhuí. Lean an cogadh sa Úcráin agus thosaigh an creach léanmhar sa Phalaistín. Léirigh iniúchadh Covid i Sasana seachaint na freagrachta, agus an easpa inniúlachta agus éifeachta a rinne slad sna tithe altranais agus sa phobal i gcoitinne.
Cén tír nó áit is spéisiúla a thug tú cuairt uirthi i mbliana?
Ní raibh mé i bhfad i gcéin i mbliana, ach bhain luí gréine ar Oileán Reachrainn na súile asam. Chuir béile álainn in Beaumaris agus siúlóid ar Eryri i dtuaisceart na Breataine Bige ola ar mo chroí. Phill mé ar chathair na Gaillimhe a chothaíonn i gcónaí an cholainn chomh maith leis an chroí.
Ó thaobh cúrsaí cultúir agus siamsaíochta de, cad na cláracha, leabhair nó podchraoltaí is mó a chuaigh i bhfeidhm ort?
Ó bharr mo chinn, na cláracha Once Upon a Time in Northern Ireland, The Long Shadow, Blue Lights, Time, na leabhair The History of the World in 100 plants, The Body keeps the Score, Hilary Mantel, A Memoir of My Former Self, A life in writing, na podchraoltaí History Ireland, Blúiríní Béaloidis, na podcraoltaí The New Yorker Fiction Podcast, The Guardian Short Stories Podcast agus go leor eile ar an téad sin.
Céard é an rud is mó a d’fhoghlaim tú ó thús deireadh na bliana 2023?
Gur gá dúinn uilig a bheith ar ár n-airdeall, gurb iomaí áit a bhfuil an daonlathais ar crith go dtí an dúshraith iontu, gur minic an lámhláidir in áit an réasúin, gur seinge na boichte agus saibhre na sáigh agus gur ádhúil go bhfuil siad ann go fóill a sheasann in aghaidh an ainchirt.
Ar éirigh leat déanamh de réir aon rúin a bhí agat ag tús na bliana 2023?
Níl sé de chlaonadh ionam rúin a dhéanamh fán am sin de bhliain. Ar dhóigh inteacht, treabhaim liom gan iad.
Caitlín Nic Niallais
Traoslaím leat ar d’ éacht a Róise.Gura fada buan a bhéas do chuid scríbhneoireachta!