Ní raibh mórán trua ag na gardaí teorann ón taobh thoir dom – cuimhní ar Bhalla Bheirlín

Níl aon uair dá luaitear Balla Bheirlín nach gcuimhníonn ár gcolúnaí ar an am ar thug sé féin agus triúr eile cuairt ar an nGearmáin Thoir sa mbliain 1987

Ní raibh mórán trua ag na gardaí teorann ón taobh thoir dom – cuimhní ar Bhalla Bheirlín

Is iondúil an t-am seo de bhliain go ndéantar neart díospóireachta faoi leagan Bhalla Bheirlín. Dé Sathairn seo chugainn beidh sé tríocha bliain ó tharla sé. Údar comórtha a bheas ann ag cuid mhaith daoine ach tá neart daoine sa nGearmáin Thoir i gcónaí nach bhfuil chomh cinnte sin.

Níl amhras ar bith nach lá stairiúil a bhí ann. Go deimhin dúirt Francis Fukuyama gurbh é beart deiridh na staire é. Is é an teagasc a bhí aige siúd go raibh an bua sa deireadh ag an nua-liobrálachas agus ag córas an rachmais agus gur mar sin a d’fhanfadh cúrsaí sa domhan go deo aríst.

Ní bheinn chomh cinnte faoi sin go deimhin. Deirtear nuair a ceistíodh Zhou Enlai faoi thionchar Réabhlóid na Fraince gur dhúirt sé go raibh sé róluath lena mheas. Dúirt daoine ó shin nach í Réabhlóid na Fraince a bhí i gceist aige ar chor ar bith ach na círéibeacha a tharla i bPáras i 1968.

Ach sin scéal eile.

Níl aon uair dá luaitear Balla Bheirlín nach gcuimhním ar an am ar thug mé féin agus triúr eile cuairt ar an nGearmáin Thoir sa mbliain 1987, nó Poblacht Dhaonlathach na Gearmáine mar a deirtí an uair sin. Ba iad an triúr a bhí i mo chuideachta Mícheál Mac Aonghusa, Albert Fry, an t-amhránaí as Béal Feirste, agus bean rialta as Baile Átha Cliath, an tSiúr Córa Ní Ghamhna.

I m’aonar a thaistil mise anonn. Agus mé ag dul trí aerfort Bhaile Átha Cliath casadh triúr comhairleoirí liom as Comhairle Chontae na Gaillimhe. Dúirt siad liom go sollúnta gur anonn go Sasana ag bainis a bhí siad ag dul.

Bhí sin maith go leor go raibh mé ag dul ar an eitleán go Beirlín in Aerfort Heathrow. Cé a bheadh romham arís ag dul ar an eitleán céanna ach an triúr óglach!

D’admhaigh siad an iarraidh seo gur chuig comhdháil tithíochta i mBeirlín a bhí siad ag dul. Rinne siad achainí láidir orm gan tada a rá faoi sna meáin chumarsáide ar fhaitíos go gceapfaí gur juncaed a bhí ann.

Thuirling an t-eitleán i mBeirlín Thiar arbh éard a bhí ann oileán sa nGearmáin Thoir agus an balla timpeall air.

An oíche sin chonaic mé teach tábhairne Éireannach. Isteach liom agus ar ndóigh mo léan géar bhí mé dallta ar meisce faoin am ar dhún sé.

Ar maidin bhí Mac Aonghusa, Fry agus an tSiúr Córa imithe trasna agus mise fágtha ar an taobh seo den bhalla.

Ní raibh mórán trua ag na gardaí teorann ón taobh thoir dhom. Theastaigh uathu páipéir nach raibh agam a fheiceáil.

Nuair a chuir mé scéala abhaile go hAill na Brún bhí mo bhean chéile líonraithe le faitíos. Ach chuimhnigh sí ar phlean. Ghlaoigh sí ar ár gcara dílis i nGaillimh Jenny Farrell. Sa nGearmáin Thoir a rugadh agus a tógadh ise. Níor thóg sé i bhfad uirthi réiteach a dhéanamh a lig tríd an mballa mé an mhaidin dár gcionn.

Cuireadh chuile chóir dá fheabhas orainn thoir. Dream a raibh teanga dá gcuid féin acu, na Sorbaigh, is mó a raibh suim againn iontu.

Maidir le ceol clasaiceach chuala muid neart de. Nuair a théadh muid ag ceolchoirm bhíodh an tSiúr Córa ag ceapadh gur sna Flaithis a bhí sí.

Síos sa mbeár a théinnse in éineacht leis an treoraí a bhí againn.

Sin é an fear a bhí dílis don chóras Cumannach má b’fhíor dhó féin. Ach nuair a leagadh an balla chonaic mé agallaimh a rinne Newsweek. Bhí mo bhuachaill bán ar dhuine acu siúd ar labhair siad leis agus é ag cáineadh an Chumannachais gan blas náire.

Bíonn cladhaire mar sin i chuile chóras.

Bhí chuile shórt ag imeacht go breá dhomsa gur tháinig muid anoir tríd an mballa aríst. An chéad rud eile bhí mé tarraingthe amach as scuaine san aerfort ag ceathrar saighdiúirí agus m’aird dírithe ar mo mháilín balcaisí a bhí i lár an urláir acu.

Bhí siosarnach ag teacht as an máilín. Shíl siad gur buama a bhí ann nó gléas contúirteach de chineál eicínt eile.

Chuir siad iachall orm an máilín a fholmhú agus na gunnaí dírithe go bagrach acu orm. Thíos in íochtar bhí an gléas contúirteach – mo rásúr leictreach!

Fág freagra ar 'Ní raibh mórán trua ag na gardaí teorann ón taobh thoir dom – cuimhní ar Bhalla Bheirlín'