‘Ní raibh mian níb uaisle ná ba chraiceáilte ná an tsíocháin lenár linn’

25 bliain ó shin, ar an 10 Aibreán 1998, a síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta. Sa tsraith seo tugann daoine an tréimhse chinniúnach sin chun cuimhne

‘Ní raibh mian níb uaisle ná ba chraiceáilte ná an tsíocháin lenár linn’

‘Ní raibh uaimse riamh ach aon rud amháin: an choimhlint a thabhairt ar shiúl ón tsráid isteach chuig an tábla plé.’

An tAthair Alec Reid a dúirt sin liom in agallamh ar Raidió Fáilte, am sínithe Chomhaontú Aoine an Chéasta.

San abairt sin tá fírinne shimplí an Chomhaontaithe.

Bhí sprioc shoiléir amháin ag John Hume, Gearóid Mac Adaim, Bertie Ahern, David Trimble, Tony Blair, Mo Mowlam, David Ervine, agus an scaifte mór acu sin a bhí páirteach i ndréachtú an Chomhaontaithe. An cogadh a thabhairt chun deiridh.

Ní raibh an Comhaontú ann chun fáil réidh leis an seicteachas sna Sé Chontae, ná chun tabhairt ar naimhde a bheith deas lena chéile, ná chun fiche fadhb eile a leigheas.

Gléas a bhí i gComhaontú Aoine an Chéasta leis an chogadh fada fuilteach a thabhairt chun críche agus le ligean do gach taobh a bhí páirteach sa chogadh úd éalú uaidh ar théarmaí réasúnta.

An choimhlint a bhogadh ón tsráid isteach chuig an tábla plé, mar a déarfá.

Agus d’éirigh leis.

Nó bíodh is gur tharla sléacht na hÓmaí ar ball, gur maraíodh slua nach beag daoine ó shin, go bhfuil drongadóirí dílseacha agus easaontóirí Poblachtacha i mbun fornirt go tráthrialta, tá an cogadh thart. Críochnaithe. Ina chuid dár stair.

Ar an drochuair, níor thug an Comhaontú ar ais chun beatha iad siúd a maraíodh; ní dhearna sé an saol a dhath ar bith níos fusa dóibh siúd a gortaíodh feadh na dtrioblóidí.

Ach spáráil sé an chéad ghlúin eile ar shaol na cogaíochta.

Agus chuidigh sé linne ar fad sa tuaisceart gnáthshaol a bheith againn.

Ní hé amháin go ndearnadh dímhíleatú fisiciúil ach baineadh anuas cuid de na ballaí a bhí tógtha againn ionainn féin ar mhaithe le fanacht beo i sochaí mhire.

D’fhág an chogaíocht muid brúidiúil inár ndóigh is inár gcaint agus, go minic, inár ngníomhartha.

Achan uile shléacht is uafás, ó Dhomhnach na Fola is Baile Uí Mhurchú, go La Mon agus buama na Seanchille, achan uafás a tharla sa 30 bliain sin, bhí sé ionann is gur fhulaing muid go pearsanta iad.

Bhí dlúthpháirtíocht dhochreidte ann taobh istigh de na pobail éagsúla sa tuaisceart agus b’ionann ionsaí ar dhuine dár bpobal agus ionsaí orainn ar fad.

Mhúnlaigh muid ár luachanna, ár bhfírinne, ár saol thart ar na trioblóidí.

Agus dála mhórchuid na ndaoine, níor chreid mise riamh go dtiocfadh síocháin le mo bheo.

Ach tháinig.

Táthar ann a bhíonn ag cáineadh an Chomhaontaithe cionn is nár réitigh sé scoilteanna fadbhunaithe na Sé Chontae, cionn is nár thug sé comhurraim dúinn, cionn is go raibh na hinstitiúidí a bunaíodh dá thoradh lochtach.

An ceart acu sa mhéid is nár réitigh an Comhaontú na rudaí seo.

Níor bhain sé amach cothrom na Féinne do Ghaeilgeoirí ach oiread.

100 bliain i ndiaidh bhunú na Sé Chontae, tá an stát chomh lofa is a bhí riamh ó thaobh na Gaeilge de.

Ach ní chuige sin a bhí an Comhaontú ann.

Bhí sé ann leis an choimhlint a thabhairt ón tsráid chuig an tábla plé.

Bhí an ball lag céanna, áfach, ag an Chomhaontú is a bhí ag an oiread sin iarrachtaí eile comhréitigh i nua-stair na Sé Chontae, mar a bhí, Ian Paisley.

Seachas a bheith istigh ag an tábla plé, d‘fhan Paisley amuigh ar an tsráid agus é ag damnú gach duine a thoiligh a bheith páirteach i gcomhréiteach.

Sea, d’athraigh sé a phort sa deireadh, mar dhea, ach chuaigh a bhriathar i bhfeidhm ar dhaoine an oiread sin is go bhfuil an DUP, go dtí an lá inniu féin, iomlán i gcoinne aon iarrachtaí chun comhurraim a bheith ann sa tuaisceart.

Ach ná déan dearmad ar an sárbhua a baineadh amach i 1998.

Ba mhíorúilt é an Comhaontú.

Na sluaite de dhaoine óga a bhíonn amuigh i lár Bhéal Feirste go dtí a ceathair a chlog ar maidin na saolta seo, gach seans go bhfuil siad ar nós cuma liom faoin mhíorúilt sin.

Mar is dual, tá mianta eile acu thar mar a bhí ag an ghlúin rompu.

Ach don ghlúin s’agam, ní raibh mian ní b’uaisle, ní b’aislingí, ní ba chraiceáilte, ní ba dhoshroicthe ná an tsíocháin lenár linn.

Agus in ainneoin na n-ainneoin, baineadh sin amach. Bímis buíoch.

Fág freagra ar '‘Ní raibh mian níb uaisle ná ba chraiceáilte ná an tsíocháin lenár linn’'